Dlúthcheangal le hiarthar Chiarraí ag an mbean a thógfaidh áit Andrew Cuomo mar Ghobharnóir Nua-Eabhrac

Tá Kathy Hochul, a bheidh ar dhuine de na polaiteoirí is sinsearaí i Meiriceá, bródúil as a hoidhreacht agus as stair a teaghlaigh

Dlúthcheangal le hiarthar Chiarraí ag an mbean a thógfaidh áit Andrew Cuomo mar Ghobharnóir Nua-Eabhrac

Kathy Hochul. Pictiúr: NYS DEC Jim Clayton

Tá dlúthcheangal teaghlaigh le hiarthair Chiarraí ag an mbean a thiocfaidh mar chomharba ar Andrew Cuomo mar Ghobharnóir ar Nua-Eabhrac faoi cheann coicíse.

Kathy Hochul, duine de mhuintir Churnáin sular phós sí, atá ag feidhmiú mar leifteanant-ghobharnóir ansin faoi láthair, a cheapfar mar ghobharnóir nua. D’fhógair Cuomo, atá sáite le tamall i scannal faoi chiapadh gnéis a bhí ar bun aige ar feadh na mblianta, go n-éireodh sé as oifig agus, de réir dlí, ceapfar an té a bhí mar thánaiste aige ina áit. Fágann sin go mbeidh Kathy Hochul ina gobharnóir ar Nua-Eabhrac go dtí mí na Nollag 2022, an tréimhse ama a bhí faighte go hoifigiúil ag Cuomo sa phost.

In Buffalo i stát Nua-Eabhrac a rugadh Kathy Courtney ach ba as an mbaile fearainn céanna in iarthair Chiarraí a seanathair agus a seanmháthair a chas le chéile den chéad uair in Chicago sa bhliain 1919 tar éis dóibh dul ar imirce ansin. Meastar go háitiúil gur as ceantar An Mhachaire gar do Caisleán Ghriaire ó dhúchas don lánúin a ghlac páirt ghníomhach i saol na nÉireannach in Buffalo tar éis dóibh bogadh ansin. Bhí baint acu le bunú lárionad na nGael – Buffalo Irish Centre – agus d’imir a seanathair agus a hathair peil thall.

Tá Kathy Hochul, 62 blain d’aois, ar dhuine de sheisear clainne agus fuair sí a cuid oideachais in Ollscoil Syracuse. Bhain sí céim dlí amach freisin in Ollscoil Chaitliceach Mheiriceá.

Thuairisc an nuachtán áitiúil The Kerryman anuraidh gur chuir sí suim ina hoidhreacht agus a dúchas nuair a thug sí cuairt ar Chiarraí.

Mheabhraigh sí i dteachtaireacht ar Lá Fhéile Pádraig 2019 – 100 bliain ó d’fhág a seanmhuintir Ciarraí – gurbh ábhar inspioráide iad di i gcónaí ina saol sa tseirbhís phoiblí. Dúirt sí freisin go raibh sí bródúil as a hoidhreacht agus as stair a teaghlaigh.

Beidh dúshláin mhóra le sárú ag an nGobharnóir nua nuair a rachaidh sí i mbun oifige. Tá na dúshláin a bhaineann le géarchéim Covid-19 agus cúrsaí eacnamaíocht Nua-Eabhrac ar chuid de na nithe a mbeidh uirthi tús áite a thabhairt dóibh. Beidh sí ar an gcéad bhean riamh a thabharfaidh faoi chúram na hoifige sin, ceann de na poist is sinsearaí I bpolaitíocht Mheiriceá.

Bhí Kathy Hochul ar dhuine de na n daoine a d’éiligh go n-éireodh Cuomo as a phost nuair a deimhníodh go raibh fírinne sna líomhaintí a bhí curtha ina leith ag 11 bean faoi chiapadh gnéis. Ghabh sé a leithscéal ach d’fhág an brú polaitiúil a tháinig air ina dhiaidh sin nach raibh aon rogha aige ach éirí as oifig.

Cúraimí searmanais is mó a bhí ar Kathy Hochul ina post reatha mar leifteanant-ghobharnóir ach thug sí le fios i ráiteas inné go raibh sí lán-ullamh agus réidh don réimse nua oibre.

Ni bheidh toghchán ann do phost Ghobharnóir Nua-Eabhrac go dtí Nollaig na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Dlúthcheangal le hiarthar Chiarraí ag an mbean a thógfaidh áit Andrew Cuomo mar Ghobharnóir Nua-Eabhrac'