Dlús á chur le plean €1 billiún feirm ghaoithe a fhorbairt i nGaeltacht Chonamara

Táthar ag súil go mbeadh an fheirm ghaoithe atá beartaithe ag carraigeacha na Sceirde i mbun cumhacht a ghiniúint faoin mbliain 2027

Dlús á chur le plean €1 billiún feirm ghaoithe a fhorbairt i nGaeltacht Chonamara

Tá forbairt feirm ghaoithe amach ó chósta Chonamara ar cheann de sheacht gcinn de thograí a bhfuil an Rialtas chun tús áite a thabhairt dóibh faoi reachtaíocht nua.

Tá an Rialtas ag súil go mbeidh na feirmeacha gaoithe seo in ann cumhacht a ghiniúint faoin mbliain 2027.

Faoi chóras nua a sheol an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, Eamon Ryan, an tseachtain seo, cuirfear dlús faoi phróiseas faofa na dtionscadal. Beidh cumhacht anois ag an Aire ceadúnas speisialta, Toiliú Limistéir Mhuirí a bhronnadh ar lucht forbartha na bhfeirmeacha gaoithe a ligfidh dóibh dul ar aghaidh agus a bpleananna a chur faoi bhráid An Bord Pleanála níos sciobtha.

Beidh an córas seo oscailte ar dtús do sheacht gcinn d’fheirmeacha gaoithe atá beartaithe amach ó chósta thoir agus cósta thiar na hÉireann. Ina measc, tá an togra atá beartaithe ag carraigeacha na Sceirde, atá naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara. 

Bheadh an fheirm ghaoithe seo – má fhaightear cead ón mBord Pleanála lena haghaidh – ar an gcéad fheirm mhór ghaoithe ariamh amach ó chósta thiar na hÉireann. Is é an comhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta atá ag plé le forbairt an tionscnaimh.

Tuairiscíodh ag deireadh na bliana seo caite go raibh infheistíocht €1 billiún le déanamh ag comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group, i bhforbairt na feirme gaoithe sa cheantar. 

Meastar go bhféadfadh feirm ghaoithe na Sceirde cumhacht a chur ar fáil do bheagnach 300,000 teach cónaithe. San iomlán bheadh na seacht bhfeirm atá beartaithe in ann cumhacht a ghiniúint do trí mhilliún teach.

Tá súil ann go bhféadfadh earnáil an fhuinnimh in-athnuaite an-chuid infheistíochta a thabhairt chuig Conamara. Fógraíodh an mhí seo caite go raibh €25 milliún le caitheamh ag an Rialtas le cé dhomhainfharraige a fhorbairt ag Calafort Ros an Mhíl.

Cé gur thagair an Rialtas ag an am don bhuntáiste a bhainfeadh an earnáil iascaireachta as na háiseanna nua atá le forbairt, tuigtear gur leagadh béim mhór ar thionscal na feirme gaoithe sa chás a rinneadh d’fhorbairt an chalafoirt i Ros an Mhíl.

I dtuarascáil a réitigh Údarás na Gaeltachta anuraidh, maíodh go bhféadfaí breis is 900 post a chruthú in earnáil an fhuinnimh in-athnuaite i nGaeltacht na Gaillimhe. Dúradh sa tuarascáil go bhféadfaí Calafort Ros an Mhíl a úsáid mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta.

Is amach ó chósta thoir na hÉireann atá na sé thogra eile ar tugadh cuireadh dóibh cur isteach ar an gceadúnas nua. Tá Páirc Ghaoithe Oiriall le forbairt amach ó chósta chontae Lú, tá feirmeacha eile beartaithe amach ó chontae na Mí agus Baile Átha Cliath thuaidh agus tá an comhlacht RWE le péire eile a fhorbairt amach ó chósta Bhré agus ar Bhanc na Cise amach ó Bhaile Átha Cliath. 

Níos faide ó dheas, táthar ag súil le dhá fheirm ghaoithe le forbairt amach ó chósta Loch Garman.

Agus é ag labhairt ag seoladh an chórais nua, dúirt an tAire Eamon Ryan go raibh deis anseo ag Éirinn “bogadh ó bhreoslaí iontaise agus dúshlán a thabhairt d’Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin agus a rá ‘Níl muid chun do ghás a úsáid amach anseo, beidh ár soláthar [cumhachta] féin againn”.

Tá súil ann go bhféadfaí tuilleadh feirmeacha gaoithe a fhorbairt roimh 2030 agus go mbeadh Éire in ann suas le cúig ghigeavata de chumhacht a ghiniúint ó thionscal na gaoithe eischósta.

Faoi Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais fuinneamh gaoithe agus gréine a bheadh in 80% d’fhuinneamh an stáit faoi 2030.

Fág freagra ar 'Dlús á chur le plean €1 billiún feirm ghaoithe a fhorbairt i nGaeltacht Chonamara'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Nár dheas an rud é dá mbeadh seilbh ag muintir na háite air?