Dlús á chur le gcóras nua airgeadra a thabharfaidh dúshlán an dollar

Tá na tíortha BRICS  tagtha le chéile, faoi stiúir na Síne, le tús a chur le córas airgeadais eile a shaorfadh tíortha ó bheith ag brath ar an dollar le trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh

Dlús á chur le gcóras nua airgeadra a thabharfaidh dúshlán an dollar

Le blianta fada, ó dheireadh an dara cogadh domhanda ar aghaidh ar a laghad, ag an dollar Meiriceánach atá ceannas ar an gcóras domhanda airgeadais – ceannas a thug brabús is tionchar as cuimse do Stáit Aontaithe Mheiriceá ar gheilleagair an domhain.

Bhí trádáil idirnáisiúnta ag brath ar airgeadra a bheith ann a d’fhéadfaí a luach a aistriú ó chóras amháin go córas eile. Agus chiallaigh sé freisin go raibh tóir ar an dollar le go mbeadh infheistíochtaí san airgeadra sin mar chúltaca ag cúrsaí trádála.

Tá tábhacht an dollair le tabhairt faoi deara go háirithe ar an margadh ola agus ar mhargaí bunearraí eile. Go bunúsach ní fhéadfá trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh gan dollair a bheith agat.

Chabhraigh sé sin ar ndóigh le luach an dollair, agus chuir sé dá réir le saibhreas Mheiriceá féin.

Ach anois, mar gheall ar na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise tá tíortha éagsúla ag éirí faiteach faoina socruithe leis an dollar. Mar is léir, má tá easaontas ag tír ar bith leis na Stáit Aontaithe is féidir le SAM smachtbhannaí a chur i bhfeidhm orthu – mar atá déanta leis an Rúis, leis an Iaráin, le Veiniséala, le Cúba agus mar atá á bhagairt ar an tSín – chun iachall a chur orthu géilleadh do SAM.

Agus an mhí seo caite tháinig na tíortha BRICS  le chéile, faoi stiúir na Síne, le tús a chur le córas airgeadais eile a shaorfadh tíortha ó bheith ag brath ar an dollar le trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh.

Acrainm ia ea BRICS ar na tíortha a tháinig le chéile ar dtús in 2006, sé sin an Bhrasaíl, an Rúis, an India, an tSín agus an Afraic Theas. Cé go bhfuil éagsúlachtaí idir na tíortha sin, is fiú a aithint nach bhfuil ceann ar bith acu ag glacadh páirt sna smachtbhannaí i gcoinne na Rúise.

Tá siad anois ag pleanáil go socrófar íocaíochtaí eatarthu lena gcuid airgeadra féin, ag seachaint an dollair, agus sa bhfadtéarma ag cur airgeadra idirnáisiúnta ar bun.

Is í an tSín an tír is tábhachtaí díobh seo, is beidh aon airgeadra nua ag brath go mór ar an yuan nó renminbi na Síne. Go deimhin ó 2014, tá na chéad chéimeanna tógtha agus na tíortha go léir ag laghdú na gcúlchistí airgid atá i ndollair acu– fiú an Bhrasaíl mar a bhfuil uachtarán ar an eite dheis i gceannas.

Agus tá airgead curtha isteach i linn choiteann acu ionas go mbeidh cúltaca substaintiúil ag an gcóras nua.

Tá spéis sa gcóras nua léirithe ag an Iaráin, an Veiniséala, an Airgintín, agus b’fhéidir, ag an Tuirc leis. Tá comharthaí ann chomh maith go bhfuil raon mór tíortha eile san Áise, i Meiriceá Theas agus san Afraic ag léiriú spéise sa gcóras.

Maidir leis an Rúis, mar gheall ar na smachtbhannaí, tá siad cheana féin ag déanamh conarthaí le tíortha eile ar bhunús na n-airgeadraí náisiúnta nó an renminbi.

Mar gheall air seo níl aon tionchar ag na smachtbhannaí ar chumas na Rúise a gcuid ola, gáis nó eile a dhíol go hidirnáisiúnta, agus toisc go bhfuil na smachtbhannaí i ndiaidh praghas na n-earraí seo a chur ó smacht tá teacht isteach níos mó ná riamh ag an Rúis dá bharr.

Go deimhin d’fhéadfaí a rá gur féidir leis an Rúis íoc as an gcogadh mar gheall ar na smachtbhannaí, ag an am céanna a bhfuil siad ag déanamh dochair as cuimse do gheilleagair na hEorpa.

Drochscéal don Eoraip, ach cuid bheag de phlean Mheiriceá a forlámhas eacnamaíochta is polaitíochta ar an domhan mór a athbhunú.

Ach cé go dteastaíonn ó Mheiriceá an seanchóras aonpholach a thabhairt ar ais, ní cosúil go bhfuil an chuid eile den domhan sásta comhoibriú leo.  Sin é an fáth nach bhfuil aon tír san Afraic, aon tír i Meiriceá Theas, agus gan ach ceithre stát san Áise (más stát í an Téaváin) ag aontú le feachtas smachtbhannaí SAM.

Agus cogadh na hÚcráine fós ar siúl, tá urlabhraithe Mheiriceá ag díriú a n-aird ar an tSín, ag bagairt cogaidh eile má bhaineann an tSín leas as an lámh láidir le stop a chur le scoilt na Téaváine ón gcuid eile den tSín.

Is léir dóibh mura seasann siad le chéile go dtitfidh siad i ndiaidh a chéile, ceann ar cheann. Tá an tuiscint sin ag cur dlús úr faoin gcóras nua airgeadra.

Fág freagra ar 'Dlús á chur le gcóras nua airgeadra a thabharfaidh dúshlán an dollar'

  • Leaid Cóilín

    Léigh mé le gairid go bhfuil cleas na smachtbhannaí á úsáid ag SAM le fada an lá – is cosúil go raibh smachtbhannaí acu i gcoinne na Seapáine agus na Gearmáine siar chomh fada leis na 1930í; níl a fhios agam an mbeadh an t-ionsaí ar Phearl Harbour ann ina n-éagmais.
    Bíodh sin mar atá, is léir nach bhfuil siad ag feidhmiú an geábh seo i gcoinne na Rúise, is cuma cén chríoch a bheidh leis an gcogadh san Úcráin. Ach tá rud amháin cinnte: má tá smacht caillte aige ar an domhan mór faoi seo, tá greim níos láidre ag SAM ar an Eoraip de bharr an chogaidh sin, agus ó thaobh na heacnamaíochta de is measa as dá bharr.

    Ar fhaitíos na míthuisceana, ná bígí ag smaoineamh go bhfuil mé ag tacú leis an Rúis mar gheall ar an méid atá scríofa agam thuas (ná le Seapáin na 1930í ach a oiread!).

  • Séamus C

    Ní móide gurb ann d’aon airgeadra laistigh den ngnáthchóras baincéireachta a shaorfadh éinne. Is mó seans gur i gcóras eile ar fad ar fad nach bhfuil faoi smacht na gceannairí móra, córas ar nós na gcrypto-currencies nua b’fhéidir, a bheidh saoirse airgeadais le fáilt.