Dlús á chur arís le plean an rialtais chun an tír a athoscailt

Beidh cruinnniú ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) inniu chun athbhreithniú a dhéanamh ar a gcomhairle i dtaobh phlean an rialtais chun an tír a athoscailt

Dlús á chur arís le plean an rialtais chun an tír a athoscailt

Beidh cruinnniú inniu ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) chun plé a dhéanamh ar conas an plean díchuibhrithe a ghiorrú go dtí dhá chéim.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go bhféadfaí dlús a chur arís le scaoileadh na srianta dianghlasála toisc scaipeadh an ghalair a bheith ag dul i léig i gcónaí.

“Táthar chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhairle a chuir an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ar fáil maidir le plean an rialtais chun an tír a athoscailt i bhfianaise an galar a bheith á chur faoi chois sa phobal agus daoine a bheith ag cloí den chuid is mó leis na bearta sláinte phoiblí.”

Dúirt an Leas- Phríomhoifigeach Leighis, Ronan Glynn, gur léirigh na slata tomhais go léir gurb amhlaidh an scéal.

 “Tá an ráta téarnaimh ón ngalar sa tír seo ag 92%. Comhartha é sin agus an uimhir R nó ráta scaipthe an ghalair, agus an líon daoine a chuirtear san ospidéal agus sna haonaid dianchúraim go bhfuil muid ag dul sa treo ceart.”

Tá sé i gceist ag an Rialtas roinnt cinntí faoi scaoileadh na srianta a dhéanamh amárach.

Dúirt an tAire Sláinte, Simon Harris sa Dáil inné go meastar go bhfuil ráta scaipthe an Covid-19 ag 0.7.

Dúirt an tAire gur deacair an ráta atáirgthe a mheas de bharr a laghad cásanna den ghalar atá á n-aimsiú faoi láthair.

Dúirt sé go raibh sé “an-tábhachtach” go mbeadh daoine ar an airdeall ionas nach dtolgfaimis agus nach scaipfimis an galar “agus muid i mbun gnáthchúraimí an lae”.

Is ionann ráta scaipthe 0.7 agus a rá dá bhfaigheadh deichniúr Covid-19, go dtabharfaidís an víreas do sheachtar eile eatarthu.

Tá NPHET ag plé scaoileadh na srianta tráth a bhfuil dréacht-treoirlínte eisithe ag an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) ina dtugtar le fios go mb’fhéidir go mbeadh bialanna agus tithe tábhairne a chuireann bia ar fáil don phobal ábalta an scoitheadh sóisialta dhá mhéadar a laghdú go dtí méadar amháin i gcúinsí ar leith.

Tuairiscítear go mbeidh ar thithe tábhairne agus bialanna, nuair a osclóidh siad níos déanaí an mhí seo, teorainn 90 nóiméad a chur ar an am a chaithfidh a gcuid custaiméirí san áit. Bheadh ar chustaiméirí an chuairt ar an ósta a chur in áirithe roimh ré.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh triúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus ocht gcás nua den ghalar deimhnithe.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh duine amháin eile a raibh an aicíd tolgtha aige básaithe agus deimhníodh ocht gcás nua ansin.

2,253 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,710 duine ó dheas den teorainn agus 543 ó thuaidh di.

Beirt ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

30,203 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,341 cás ó dheas den teorainn agus 4,862 cás ó thuaidh.

Duine amháin a bhásaigh de bharr an choróinvíris ó thuaidh den teorainn le lá anuas, de réir tuairisc na Roinne Sláinte ansin.

Daoine a bhásaigh in ospidéal is mó a thuairiscítear ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Dlús á chur arís le plean an rialtais chun an tír a athoscailt'