Dlí faoi rabhaidh shláinte ar alcól le teacht isteach ocht mbliana ó diúltaíodh Gaeilge a chur orthu ‘ceal ama’

In 2018 a thosaigh an plé ar cheist na bhfoláireamh tráth a ndúirt an tiarAire Sláinte Simon Harris nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar go raibh práinn le hachtú an bhille

Dlí faoi rabhaidh shláinte ar alcól le teacht isteach ocht mbliana ó diúltaíodh Gaeilge a chur orthu ‘ceal ama’

Tá rialacha maidir le rabhaidh shláinte i mBéarla ar dheochanna meisciúla tugtha isteach sa dlí faoi dheireadh, cúig bliana tar éis don Aire Sláinte ag an am a rá nach bhféadfaí glacadh le moladh go mbeadh na rabhaidh i nGaeilge freisin mar go gcuirfeadh sé sin moill rómhór ar an reachtaíocht.

Thug an tAire Sláinte reatha, Stephen Donnelly, feidhm an tseachtain seo d’fhoráil san Acht Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 a fhágann go mbeidh rabhadh sláinte le cur ar lipéid deochanna meisciúla amach anseo.

Ach cé go mbeidh trí bliana eile ann sula dtiocfaidh an dlí nua i bhfeidhm, tá sé fós i gceist gur i mBéarla amháin a bheidh na rabhaidh sin.

Is in 2018 a thosaigh an plé ar cheist na bhfoláireamh tráth a ndúirt an t-iarAire Sláinte Simon Harris nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar go mbeadh moill bhreise ar achtú an bhille.

Mhaígh Harris freisin gur léirigh taighde go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine. Léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, áfach, nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh in aon chor sa taighde a luaigh an tAire.

Nuair a bhí an reachtaíocht maidir leis na lipéid ag dul tríd an Dáil in 2018, bhí an tAire Stephen Donnelly ar dhuine de na Teachtaí Dála ó Fhianna Fáil a mhol go mbeadh sé luaite sa bhille go mbeadh na rabhaidh shláinte i mBéarla agus i nGaeilge ach tá diúltaithe ag an Roinn Sláinte a bhfuil sé anois i gceannas uirthi leas a bhaint as reachtaíocht chun a chinntiú go mbeadh na rabhaidh le feiceáil go dátheangach.

Pléadh an cheist arís sa Seanad níos luaithe i mbliana ach dhiúltaigh an Rialtas arís do mholadh go mbeadh na rabhaidh in dhá theanga oifigiúla an stáit agus maíomh déanta go gcuirfeadh dualgas maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí.

Ní anseo in Éirinn amháin atá achrann ag baint leis an reachtaíocht, áfach, agus táirgeoirí alcóil agus tíortha eile san Eoraip ag cur i gcoinne an rialacháin.

Cuireadh na dréachtrialacháin faoi bhráid Choimisiún na hEorpa le roinnt míonna anuas, agus chinn an Coimisiún gan diúltú dóibh, ach tá imní léirithe ag polaiteoirí mar gheall ar an tionchar a bheidh ag an dlí nua ar an margadh aonair agus ar chomhlachtaí a bhíonn ag díol a gcuid táirgí in Éirinn.

Nuair a thabharfar feidhm don dlí mí Bealtaine 2026, beidh rabhadh sláinte ginearálta faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól, rabhadh faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól agus duine ag súil le páiste, agus rabhadh faoin nasc díreach idir ailse agus alcól, le cur ar lipéid dheochanna meisciúla.

Is í Éire an chéad tír ar domhan a bhfuil a leithéid de dhlí á thabhairt isteach ach dúirt an tAire Donnelly go bhfuil súil aige go leanfaidh tíortha eile sampla na hÉireann anois.

Fág freagra ar 'Dlí faoi rabhaidh shláinte ar alcól le teacht isteach ocht mbliana ó diúltaíodh Gaeilge a chur orthu ‘ceal ama’'

  • Simon Burton

    Chonaic mé rabhadh shlainte ar tairge alcól as tir eile san Eoraip roint blianta o shin. Cen fath go ndeirtear an t-alt go mbeidh muid an chead tir ar domhan?

  • jpmorley0@gmail.com

    Simon Burton, a chara. Cén ‘tír eile’ í sin? Seafóid agus galamaisíocht is ea an útamáil dhlíthiúil seo arís eile. Uaireanta oscailte na gclub oíche srl á síneadh acu ag an am gcéanna.

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Is fearrde thú Guinness.’
    ‘Ní féidir an dubh a chur ina gheal air.’
    ‘Sláinte an bhradáin, croí folláin & gob fliuch.’
    Féach nárbh aon nath le comhlacht amháin ar a laghad Gaeilge bhreá a chur ar a thráchtearra lachtach roimhe seo. Tuigeadh dóibh gur chuir an Ghaeilge le ‘luach’ agus le fiúntas na dí acu. Ach is damnú atá ag teastáil ón lucht riartha pióideach, cúng-aigeanta atá anois ann…nach mór an mhuirthéacht é! B’fhéidir do na piúratánaigh nua seo ceann de na manaí seo a úsáid:
    “Ól suas é & mún síos é.” Nó,”Nuair a bhíonn an deoch istigh bíonn an chiall amuigh.” Nó, “Seachain teach an tábhairne nó is bairnigh is beatha dhuit.” Ha ha. Bheadh bleaist ag na cuairteoirí ag iarraidh ar mheisceoraí na hÉireann iad sin a aistriú go Béarla! Nó an t-allagar seo a bhíodh ag X agus é ar tí gloine uisce beatha a chaitheamh siar;
    ‘Is tú mo chara, is tú mo namhaid,
    Is minic a d’fhágais mé ar éadach lom.
    Ach anois, ón uair go bhfuil tú chomh gairid dom ghrabhas,
    Siar a gheobhair a dheabhail le fonn.’ Nach nuálaíocht agus éagsúlacht a dhíolann tráchtearraí anois? Ach ní thabharfar an deis chun spraoi sin dúinn óir tá an luifearnach frith-spraoi, frith-chultúir (cultúr de chineál ar bith) i réim, go bhfóire Dia orainn.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní thuigim cad chuige nach bhfuil dlí ann le go mbeadh lipéidí dátheangach ar achan táirge a dhéantar in Éirinn. Kerrygold?? – gan focal amháin Gaeilge ar na táirgí ime atá acu. Go leor táirgí bidh agus gan focal amháin Gaeilg ar an phacáistiú. Leoga, rud ar bith a dhéantar in Éirinn – cad chuige nach bhfuil lipéidí dátheangach orthu? Déantar seo i gCeanada le Fraincís agus Béarla de réir mar a thuigim.

  • Seán ÓM

    Tá an rabhadh a raibh is a bhfuil ann cheana ann go deonach agus scríofa i litreacha beagbideacha. Cuireadh ann é mar iarracht bac a chur ar dhlíthe nua mar seo. Is maith an rud an rabhadh mar sin féin. Ach is drochrud é an aonteangachas.

    Ar aon chaoi: Roinn Sláinte – frithGhaelach – fadhb ag barr an eagrais agus fréamhaithe ann go córasach – stáitseirbhisigh sinsearacha – creideann síad “cur amú ama í an Ghaeilge” “just speak English” – ní chreideann síad i gcearta teanga nó comhionannas teanga nó fiú cortham na féinne ó thaobh teangacha de – caithfear rudaí mar sin a chreidiúint agus an íde-eolaiocht sin a bheith ag duine le teacht chun cinn sa chóras – cuimhnígí Covid – SRL. SRL. SRL.

    Ach cad atá le déanamh faoi?