Diúltú sa Chúirt Uachtarach d’achomharc faoi cheist na Gaeilge ar fhoirmeacha tástálacha anála

D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag cinneadh an lae inniu do stádas na Gaeilge sa dlí

Diúltú sa Chúirt Uachtarach d’achomharc faoi cheist na Gaeilge ar fhoirmeacha tástálacha anála

Níor glacadh sa Chúirt Uachtarach inniu le dúshlán a tugadh i dtaobh cheist na Gaeilge ar thástálacha anála, rud a fhágann gur féidir dul ar aghaidh anois le hos cionn 1,000 cás cúirte a bhaineann le tiomáint faoi thionchar an óil.

D’fhéadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag cinneadh an lae inniu, áfach, do stádas na Gaeilge sa dlí.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine 2016 rialú a rinneadh san Ardchúirt go raibh torthaí tástála anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Sheas an Chúirt Uachtarach inniu le cinneadh na Cúirte Achomhairc nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástála anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla.

Dúradh sa Chúirt Uachtarach inniu dá ndéanfaí léamh ‘lom litriúil’ ar an dlí gurb é an tuiscint a bhainfí as sin ná gur cheart leagan Gaeilge d’fhoirm na dtorthaí tástála anála a bheith curtha ar fáil. Dúradh, áfach, nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástála anála toisc gur athrá i nGaeilge ar an méid a bhí ráite i mBéarla a bhí in easnamh.

Dúirt an Breitheamh Iseult O’Malley nach raibh an fhoirm a cuireadh ar fáil “ar aon bhealach débhríoch, doiléir nó míchothrom” agus dá bharr sin nach raibh aon sárú déanta ar aon cheart de chuid an té a rinne an t-achomharc.

Fágann an cinneadh sin go bhfuil ‘séala’ na Cúirte Uachtaraí anois ag seasamh na Cúirte Achomhairc a mheas lucht dlí agus lucht na teanga a bheith ina bhuille ‘uafásach’ do stádas na Gaeilge.

Dúirt an t-abhcóide Antain Delap le Tuairisc.ie cheana go raibh an chosúlacht ar bhreith na Cúirte Achomhairc “gur leor an Béarla mar go bhfuil Béarla ag achan duine”.

“Lagaíonn breith na cúirte inniu stádas na Gaeilge sa chóras dlí. An bhrí a bhainfinn as ná go bhfuiltear ag rá, má tá tú ag iarraidh crios agus péire gealasacha a chur ar rud, thig leat é a chur ar fáil i nGaeilge leis, ach ní gá, mar is leor an Béarla mar tá Béarla ag achan duine.

“Sin an chosúlacht atá ar bhreith na cúirte – gur leor an Béarla, agus nach bhfuil sa Ghaeilge ach rud imeallach nó dúbláil de shaghas éigin. Is lagú an méid sin ar sheasamh na teanga mar tá idirdhealú á dhéanamh ar son an Bhéarla agus táthar ag rá nach bhfuil dualgas ar bith ann a bheith ró-imníoch faoi cháipéisí a chur ar fáil i nGaeilge mar go bhfuil Béarla ag an bpobal ar fad. Ní breithiúnas maith a bhí ann i dtaca leis an nGaeilge”.

Dúirt an Dr Seán Ó Conaill, léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh gur dheacair dó aon chiall a bhaint as breith sin na cúirte “i stát atá in ainm is a bheith dátheangach”.

Údar imní ab ea an cinneadh sin chomh maith don Dr Ó Conaill,

a dúirt gur “buille mór” do chearta phobal na Gaeilge a bhí sa bhreith ar sheas an Chúirt Uachtarach inniu léi.

“B’uafásach an cinneadh é don teanga agus do chearta phobal na teanga. Tá sé an-dheacair ciall a bhaint as i stát atá in ainm is a bheith dátheangach. I ndáiríre, déanann sé ceap magaidh don tuiscint gur tír dhátheangach atá againn.

“B’fhéidir gurb amhlaidh nach tír dhátheangach atá againn agus go bhfuil sé in am againn éirí as an gcur i gcéill. Ach ní faoi aon Bhreitheamh é an cinneadh sin a dhéanamh,” a dúirt an Dr Seán Ó Conaill.

Ba é cás Mihai Avadenei, fear ar stop na Gardaí é agus amhras orthu go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil, a chuir tús leis an gconspóid faoi na torthaí tástála anála.

I mBéarla amháin a eisíodh na torthaí tástála anála a rinneadh ar Avadenei i stáisiún Shráid an Stórais i mBaile Átha Cliath.

Thug abhcóidí Avadenei dúshlán dlí i mí Iúil 2014 de bharr nár cuireadh leagan Gaeilge de na torthaí ar fáil, faoi mar atá sonraithe i rialacháin faoin Acht Tráchta.

Dúirt an Breitheamh Séamus Noonan nach seasfadh na torthaí mar fhianaise sa chúirt agus nárbh fhéidir glacadh leo.

Caitheadh amach an cás dá bharr.

I ndiaidh an bhreithiúnais sin, thug an tAire Iompair, Paschal Donohoe reachtaíocht éigeandála isteach a d’fhág gur féidir torthaí tástáil anála a eisiúint i nGaeilge nó i mBéarla.

Meastar gur cuireadh moill le héisteacht 1,400 cás a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil fad is a bhí achomharc á dhéanamh ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mí na Bealtaine i mbliana rialú na hArd-Chúirte go raibh torthaí na dtástálacha anála neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Fágann an bhreith sa Chúirt Uachtarach inniu go bhfuil deireadh leis an éiginnteacht a bhain le cásanna áirithe a bhain le tiomáint faoi thionchar an oíl agus gur féidir leis na cúirteanna dúiche leanúint anois le cásanna a cuireadh ar athló fad is a bhíothas ag fanacht le rialú na cúirte.

Fág freagra ar 'Diúltú sa Chúirt Uachtarach d’achomharc faoi cheist na Gaeilge ar fhoirmeacha tástálacha anála'