Diúltaithe san Ard-Chúirt do chás faoi thorthaí tástála anála agus rogha teanga

Diúltaíodh san Ard-Chúirt tráthnóna inné d’áiteamh a rinne fear a ciontaíodh sa tiomáint faoi thionchar an óil gur chóir go mbeadh rogha tugtha ag an nGarda dó sula ndearna sé tástáil air

Diúltaithe san Ard-Chúirt do chás faoi thorthaí tástála anála agus rogha teanga

Pictiúr: PHOTOCALL IRELAND

Tá rialaithe ag Breitheamh Ard-Chúirte nach bhféadfadh go raibh aon leithcheal ná dochar i gceist gan rogha teanga a thabhairt do thiománaí sula ndearnadh tástáil anála air toisc gur léir go raibh Béarla aige.

Diúltaíodh san Ard-Chúirt tráthnóna inné d’áiteamh a rinne fear a ciontaíodh sa tiomáint faoi thionchar an óil gur chóir go mbeadh rogha tugtha ag an nGarda dó sula ndearna sé tástáil air toradh priontáilte na tástála sin a fháil i mBéarla nó i nGaeilge.

Dúirt an Breitheamh Donald Binchy gur ar mhaithe leis an té atá á thástáil a chuirtear torthaí tástálacha anála ar fáil i nBéarla agus i nGaeilge agus ní ar mhaithe leis an nGarda.

Sa chás go gcuirfeadh duine a rogha teanga in iúl do Gharda caithfidh an Garda, a dúradh, torthaí na tástála a chur ar fáil sa teanga sin.

Dúirt an Breitheamh áfach nach raibh aon dualgas ar an nGarda féin faoi rialacháin 2015 an rogha teanga a thabhairt don duine atá á thástáil.

Dúradh nach raibh aon dualgas dá réir ar an nGarda sa chás seo ceist a chur ar Gerard Maher cén teanga inar theastaigh uaidh toradh priontáilte na tástála anála a fháil.

Dúirt an Breitheamh fiú má bhí sé mícheart faoin méid sin nach raibh aon míchothromaíocht, leithcheal ná dochar i gceist le gan rogha teanga a thabhairt don chúisí, fear a dúirt an Breitheamh gur léir go raibh Béarla aige.

Dá bharr sin, ba fhianaise bhailí na torthaí tástála i gcúiseamh Gerard Maher, a dúradh.

Dúirt an Breitheamh gur mhaígh lucht dlí an chosantóra go raibh a chás bunaithe ar thuiscint reachtúil ar fhorálacha an dlí seachas ar chearta teanga.

An Garda Marius Stones a ghabh Gerard Maher, as Ballysallagh, Baile na Carraige san Iarmhí, ag 1.10am ar an 25 Deireadh Fómhair agus é ag tiomáint go “ místuama”. Tugadh é go dtí Stáisiún an Gharda Síochána sa Mhuileann gCearr agus cuireadh dhá thástáil anála air.

Priontáladh na torthaí a léirigh go raibh 77mg alcól in aghaidh 100ml anála ag Maher agus shínigh sé iad.
Ciontaíodh Gerard Maher as tiomáint faoi thionchar an óil agus cheadaigh an Breitheamh ina chás dá dhlíodóirí na ceisteanna dlí a bhí acu a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte.

Fág freagra ar 'Diúltaithe san Ard-Chúirt do chás faoi thorthaí tástála anála agus rogha teanga'