Diúltaithe don chás go ndéanfadh plean Breatimeachta Rialtas na Breataine dochar do phróiseas na síochána

Dúradh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste ar maidin nach raibh ‘aon cheist ann’ ach gur bhain straitéis Rialtas na Breataine le nádúr na polaitíochta agus nach raibh aon dealramh lena mhalairt a mhaíomh

Diúltaithe don chás go ndéanfadh plean Breatimeachta Rialtas na Breataine dochar do phróiseas na síochána

Tá diúltaithe san Ard-Chúirt i mBéal Feirste don chás go ndéanfadh straitéis Rialtas na Breataine i leith an Bhreatimeachta dochar do phróiseas na síochána ó thuaidh.

D’áitigh lucht an cháis go gcuirfeadh Breatimeacht gan mhargadh ar an 31 Deireadh Fómhair as do chomhaontuithe idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe a rinneadh mar chuid de phróiseas na síochána.

Dúirt an breitheamh Bernard McCloskey nach raibh “aon cheist ann” gur bhain ábhar an cháis le nádúr na polaitíochta agus nach raibh aon dealramh lena mhalairt a mhaíomh. “Baineann an fhianaise go léir atá cnuasaithe le saol na polaitíochta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta,” a dúirt sé.

Má dhéantar achomharc faoin mbreithiúnas déanfar é a éisteacht Dé hAoine sa Chúirt Achomhairc.

De réir cinneadh a rinneadh sa chúirt achomhairc is airde in Albain inné ba shárú ar an dlí é ag Boris Johnson parlaimint na Breataine a chur ar fionraí.

Dúirt na breithiúna gurbh é a bhí ar bun ag Johnson ná iarracht a dhéanamh cosc a chur ar an bparlaimint a cúram a dhéanamh agus an Breatimeacht a phlé. 

Tá sé i gceist ag Rialtas Shasana achomharc a dhéanamh sa Chúirt Uachtarach i gcoinne an bhreithiúnais.

Fág freagra ar 'Diúltaithe don chás go ndéanfadh plean Breatimeachta Rialtas na Breataine dochar do phróiseas na síochána'