Diúltaithe d’iarratas ó bhunscoil tiontú ina Gaelscoil

D’iarr ‘St MacNissius’s PS’ i dTamhnach Mhór i gContae Aontroma cead athrú ó scoil Bhéarla go scoil lán-Ghaeilge ó thús na scoilbhliana seo, faoin ainm nua ‘Bunscoil na Tamhnaí Móire’

Diúltaithe d’iarratas ó bhunscoil tiontú ina Gaelscoil

Pictiúr: Eleanor Keegan/Photocall Ireland

Dhiúltaigh an Roinn Oideachais d’iarratas ó bhunscoil bheag i gContae Aontroma a bheith ar an gcéad bhunscoil sa Tuaisceart le tiontú ina scoil lán-Ghaeilge.

D’iarr ‘St MacNissius’s PS’ i dTamhnach Mhór i gContae Aontroma cead athrú ó bheith ina scoil Bhéarla agus a bheith ina scoil lán-Ghaeilge ó thús na scoilbhliana seo, faoin ainm nua ‘Bunscoil na Tamhnaí Móire’.

Anuraidh glacadh le daltaí rang a haon den chéad uair i sruth lán-Ghaeilge na scoile, ach bhí an scoil ag iarraidh a bheith ina Gaelscoil amach is amach i mbliana. Cláraíodh 12 dalta do Rang a hAon anuraidh, an méid is mó a cláraíodh le blianta fada.

Thug oifigigh de chuid na Roinne Oideachais le fios nár ceadaíodh an rang lán-Ghaeilge sa scoil anuraidh agus nach raibh sé mar chuid den “phróiseas moltaí forbartha”. Dúradh freisin nár tharla sé riamh cheana go raibh a leithéid d’iarratas istigh.

“There is no known direct precedent for a proposal of this type which seeks to allow two forms of education to co-exist while one is phased out and another expands in response to predicted demand over an extended period of time,” a dúradh.

Dúirt príomhoide na scoile Máire Darragh leis an nuachtán The Irish News go raibh spéis mhór sa cheantar sa Ghaeloideachas agus go raibh sí ag súil le fás mór ar líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar an scoil.

Tá naíscoil sa cheantar cheana féin, agus bhíothas ag súil go bhféadfadh na leanaí ón scoil sin dul ar aghaidh chuig bunscoil lánGhaeilge san áit chéanna.

Dúirt oifigigh na Roinne go mbreathnófaí ar an athrú ar sholáthar an churaclaim ó Bhéarla go Gaeilge mar “athrú suntasach carachtair” agus gur cheart moladh forbartha a chur faoi bhráid na Roinne lena dhéanamh, rud nach ndearnadh.

Léiríodh imní faoin tionchar a bheadh ag an athrú ar dhaltaí sa scoil a bhí ag fáil oideachais trí Bhéarla agus go gcaithfí a shoiléiriú cén chaoi a bhfreastalófaí ar riachtanais fhoghlama agus shóisialta na ndaltaí sin le linn na tréimhse athraithe.

Dúirt rúnaí na Roinne, Derek Baker, gur “togra nuálaíoch” a bhí ann agus gur cheart don Roinn tacú le tograí nuálaíocha. Dúirt sé freisin go bhfuil sé airdeallach ar na dualgais reachtúla atá ar an Roinn maidir le soláthar oideachas lán-Ghaeilge.

“However, I note the issues identified regarding concerns for the quality of educational provision of those pupils currently receiving English-medium provision while it is phased out, along with concerns regarding the educational and financial sustainability of the proposed future Irish-medium provision,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’iarratas ó bhunscoil tiontú ina Gaelscoil'