Diúltaithe den dara huair ag parlaimint Westminster do mhargadh Theresa May

Vótáil móramh den dara huair i gcoinne an mhargaidh rud a fhágann go bhfuil ag méadú seachas ag laghdú ar an éiginnteacht a bhaineann leis an mBreatimeacht agus gan ach 17 lá fágtha go dtí lá na cinniúna

Diúltaithe den dara huair ag parlaimint Westminster do mhargadh Theresa May

Vótáil móramh mór anocht don dara huair i bParlaimint Westminster i gcoinne mhargadh Breatimeachta Theresa May.

391 feisire a vótáil i gcoinne an mhargaidh agus 242 a vótáil ar a shon.

Cé nach raibh móramh na hoíche anocht chomh mór is a bhí nuair a vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh mí Eanáir buille ollmhór eile a bhí ann agus d’fhéadfadh go bhfuil caidhp an bháis curtha ar mhargadh May agus gan ach 17 lá fágtha go dtí lá an Bhreatimeachta.

Beidh le feiscint chomh maith an dtiocfaidh May féin slán ón mbuille is déanaí dá cur chuige i leith an Bhreatimeachta.

Dheimhnigh Príomh-Aire na Breataine i ndiaidh vóta na hoíche anocht go mbeidh vóta eile amárach ann faoi imeacht ón AE gan aon mhargadh a bheith déanta. Bheadh saorvóta ag feisirí a páirtí féin sa vóta sin, a dúirt sí.

Dúirt May dá vótálfaí amárach ar son an AE a fhágáil gan aon mhargadh a bheith déanta go mbeadh an cinneadh sin ina pholasaí feasta ag an Rialtas. Dá vótálfaí i gcoinne an AE a fhágáil gan aon mhargadh a bheith déanta bheadh vóta eile Déardaoin ann  faoi shíneadh ama a lorg ar Alt 50 chun an Breatimeacht a chur siar ar mhaithe le tuilleadh idirbheartaíochta.

Dúirt May nach ionann síneadh ama agus leigheas na faidhbe agus gurb amhlaidh go mbeidh an AE ag iarraidh fáil amach cé acu an bhfuil an Bhreatain ag irraidh Alt 50 a chur ar cheal nó reifreann eile.

Ba léir ó mhaidin go raibh margadh May i dtrioblóid mhór arís nuair a foilsíodh an chomhairle dlí is déanaí ó Ard-Aighne na Breataine, Geoffrey Cox inar dúradh go raibh an baol ann i gcónaí go bhfágfadh an margadh Breatimeachta go mbeadh an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe in aghaidh a tola’ sa chúlstop ‘go brách’.

Chinn an DUP agus cuid mhór den ERG, an grúpa Breatimeachtóirí a bhfuil Jacob Rees-Mogg ina chathaoirleach air, go mbeidís ag vótáil i gcoinne an mhargaidh arís. 

Cé gur thug scata beag Tóraithe a vótáil i gcoinne an mhargaidh mí Eanáir le fios go dtacóidís leis an babhta seo, ba léir gur turas in aisce a bhí i ruathar May go dtí Strasbourg aréir chun tuilleadh geallúintí a fháil faoin gcúlstop, an ‘polasaí árachais’ ar mhaithe le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Níos túisce tráthnóna rinne an Príomh-Aire achainí amháin eile ar fheisirí tacú leis an margadh.

Dúirt May athuair gurbh é an toradh a bheadh ar dhiúltú dá plean ná go mbeadh an tír ina cíor thuathail ag Breatimeacht gan mhargadh nó nach mbeadh aon Bhreatimeacht in aon chor ann.

Dá dtarlódh a leithéid, a dúirt May, ní bheadh “aon mhaith” a bheith ag cur an mhilleáin ar an AE. 

“An Teach seo a bheadh freagrach as,” a dúirt May.

Ina ainneoin sin, vótáil móramh don dara huair i gcoinne an mhargaidh rud a fhágann go bhfuil ag méadú seachas ag laghdú ar an éiginnteacht a bhaineann leis an mBreatimeacht agus gan ach 17 lá fágtha go dtí lá na cinniúna, an 29 Márta.

Sa vóta ceart deireanach faoi mhargadh May, vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh agus ní raibh ar a shon ach 202, an buille parlaiminte is measa a buaileadh ar aon Phríomh-Aire sa Bhreatain ó cuireadh tús leis an daonlathas parlaiminteach ansin.

Fág freagra ar 'Diúltaithe den dara huair ag parlaimint Westminster do mhargadh Theresa May'