Diúltaithe d’achomharc sagart Gaeltachta a bhfuil tiomáint faoi thionchar an óil curtha ina leith

Mhaígh an tAthair Donnchadh Ó Cuinn gur sáraíodh a chearta bunreachtúla nuair nár cuireadh leagan Gaeilge de cháipéisí áirithe ar fáil dó

Diúltaithe d’achomharc sagart Gaeltachta a bhfuil tiomáint faoi thionchar an óil curtha ina leith

Tá diúltaithe ag an Ard-Chúirt inniu d’achomharc a rinne sagart Gaeltachta a bhfuil sé curtha ina leith go raibh sé ag tiomáint faoi thionchar an óil, cúis atá séanta aige.

Mhaígh an tAthair Donnchadh Ó Cuinn, sagart paróiste an Fháil Charraigh i nGaeltacht Dhún na nGall gur sháraigh an Stát a ndualgais bhunreachtúla toisc nár cuireadh ar fáil i nGaeilge dó cáipéisí áirithe, ag áireamh rialacha de chuid na Cúirte Dúiche, ionstraimí reachtúla agus cáipéis a bhain le toradh na tástála anála a cuireadh air nuair a stopadh é agus é ag tiomáint ar phríomhshráid Leitir Ceanainn an 29 Márta 2014.

Ina bhreithiúnas ar chás Uí Chuinn, dhiúltaigh an Breitheamh Frank Clarke glacadh leis na hiarratais éagsúla a bhí mar chuid den achomharc. Dúirt an Breitheamh nach bhféadfaí cearta teanga a úsáid chun stop a chur le triail ach go bhféadfaí, i gcásanna áirithe, déileáil le cearta teanga le linn trialach.

Dhiúltaigh an Breitheamh glacadh leis gur shárú ar chearta bunreachtúla an Athar Uí Chuinn a bhí ann nár cuireadh ar fáil dó leagan Gaeilge de rialacha na cúirte a luaithe agus ab fhéidir tar éis a bhfoilsithe i mBéarla. Dúirt sé go raibh na rialacha ar fáil i nGaeilge in am don triail agus gur prionsabal seanbhunaithe é gur gá na rialacha sin a bheith ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Fágann cinneadh an Bhreithimh Clarke gur féidir an cás in aghaidh an Athar Uí Chuinn a éisteacht.

Mhaígh an tAthair Ó Cuinn go raibh sé de cheart aige a ghnó oifigiúil a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge, a theanga dhúchais agus céad teanga oifigiúil an Stáit.

In 2015 rialaigh an Breitheamh Bronagh O’Hanlon san Ard-Chúirt go raibh an tAthair Ó Cuinn i dteideal cáipéisí áirithe i nGaeilge ach rinne an Stát achomharc in aghaidh an chinnidh sin sa Chúirt Achomhairc. Ceadaíodh an t-achomharc ansin ach cuireadh an cás ar ais chun na hArd-Chúirte le go gcuirfí faoi bhráid Breithimh eile é. Ba é Frank Clarke, atá anois ina Phríomh-Bhreitheamh, an breitheamh sin.

Maidir le teip an Gharda Síochána cáipéis a bhain le tástáil anála a chuir ar fáil don sagart Gaeltachta, dhiúltaigh an Breitheamh Clarke go raibh dualgas i gceist sa chás sin ar an mbonn nár glacadh sa Chúirt Uachtarach anuraidh le dúshlán a tugadh i dtaobh cheist na Gaeilge ar thástálacha anála. 

Cuireadh ar ceal sa Chúirt Achomhairc i mBealtaine 2016 rialú a rinneadh san Ard-Chúirt go raibh torthaí tástála anála, a rinneadh ar thiománaithe, neamhbhailí toisc nár chuir na Gardaí cáipéis i nGaeilge agus i mBéarla araon ar fáil do na tiománaithe a bhí i gceist.

Sheas an Chúirt Uachtarach  le cinneadh sin na Cúirte Achomhairc nach raibh ‘substaint’ ag baint leis an eolas a fágadh ar lár sna torthaí tástála anála toisc nach raibh ann dáiríre ach ‘athrá’ i nGaeilge ar eolas a bhí tugtha i mBéarla.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’achomharc sagart Gaeltachta a bhfuil tiomáint faoi thionchar an óil curtha ina leith'