Diúltaithe d’achomharc faoi fhorbairt 46 teach sa Ghaeltacht mar gheall ar stádas na Gaeilge

Chinn an Bord Pleanála diúltú d’achomharc a rinne an comhlacht Shinebright Limited faoi chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge gan cead pleanála a thabhairt le 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne

Diúltaithe d’achomharc faoi fhorbairt 46 teach sa Ghaeltacht mar gheall ar stádas na Gaeilge

Tá diúltaithe ag an mBord Pleanála d’achomharc faoi thógáil 46 teach sa Ghaeltacht mar nár éirigh leis an bhforbróir a chruthú nach ndéanfadh an fhorbairt dochar do stádas na teanga.

Chinn an Bord Pleanála diúltú d’achomharc a rinne an comhlacht Shinebright Limited faoi chinneadh Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge gan cead pleanála a thabhairt le 46 teach nua a thógáil ar shuíomh i Maoil an Choirnigh i gceartlár na Rinne.

Ag diúltú don iarratas, dúirt an Chomhairle nach raibh gá le forbairt chomh mór sin chun freastal ar riachtanais tithíochta phobal labhartha na Gaeilge sa cheantar agus, dá bharr sin, gur dócha go mbeadh drochthionchar ag an bhforbairt ar chúrsaí teanga agus cultúrtha sa Rinn.

Dúirt an Bord Pleanála nár éirigh leis an bhforbróir a chruthú nach ndéanfadh an fhorbairt dochar do “shláine teanga an cheantair”. Mar gheall “ar a scála agus a leagan amach”, bheadh an fhorbairt as áit sa cheantar Gaeltachta, a dúradh.

Chinn an Bord go raibh an fhorbairt a bhí beartaithe ag teacht salach ar chuspóir na Comhairle “oidhreacht teanga na Gaeltachta a chosaint agus a chur chun cinn”.

Dúradh chomh maith go raibh an fhorbairt rómhór agus go mbeadh sí ag teacht salach ar “phleanáil chuí” agus ar “fhorbairt inbhuanaithe” an cheantair.

Chinn an Bord Pleanála freisin go mbeadh sé “róluath” a leithéid d’fhorbairt a cheadú agus gan athchóiriú riachtanach a bheith déanta ar an gcóras séarachais a fhreastalaíonn ar an suíomh.

Tá sé leagtha amach i bPlean Forbartha Chomhairle Contae Phort Láirge go gcaithfear 60% de na tithe i bhforbairt tithíochta phríobháideach i gceantar Gaeltachta a dhíol le cainteoirí líofa Gaeilge, ach níl aon mhuinín ag cuid den phobal áitiúil go gcloífí leis sin.

Bhí cuid de mhuintir na háite go láidir i gcoinne na forbartha seo, áfach, agus é ráite gur “buille an bháis” don Ghaeilge sa cheantar a bheadh ann dá dtabharfaí cead pleanála chun na tithe sin a thógáil.

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’achomharc faoi fhorbairt 46 teach sa Ghaeltacht mar gheall ar stádas na Gaeilge'