Diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta a rá céard atá i gcáipéis faoi chúrsaí pleanála atá curtha faoi bhráid na Roinne Tithíochta acu

Cé go ndúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh aighneacht déanta ag Roinn na Gaeltachta mar chuid d’athbhreithniú atá le déanamh ar na rialacháin faoi chúrsaí pleanála, is cosúil nach bhfuil aon aighneacht oifigiúil déanta go fóill

Diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta a rá céard atá i gcáipéis faoi chúrsaí pleanála atá curtha faoi bhráid na Roinne Tithíochta acu

Níl Roinn na Gaeltachta sásta a rá céard a bhí i gcáipéis faoi chúrsaí pleanála a chuir siad faoi bhráid na Roinne Tithíochta.

Cé go ndúirt an tAire Stáit Jack Chambers i bhfreagra scríofa ar cheist Dála go raibh aighneacht déanta ag Roinn na Gaeltachta mar chuid den athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Tithíochta ar na rialacháin faoi chúrsaí pleanála, is cosúil gurb amhlaidh nach bhfuil aon aighneacht oifigiúil déanta acu.

Dheimhnigh urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta do Tuairisc.ie go gcuirfí aighneacht oifigiúil faoi bhráid na Roinne Tithíochta amach anseo nuair a bheadh tús curtha ag an Roinn sin le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoi chúrsaí pleanála.

Thug an t-urlabhraí le fios nach aighneacht oifigiúil ach ‘doiciméad’ a bhí sa cháipéis ar thagair an tAire Stáit di sa Dáil. Dúradh gur cuireadh an doiciméad faoi bhráid na Roinne Tithíochta mí Lúnasa.

Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta cóip den doiciméad sin a chur ar fáil toisc, a dúradh, go raibh breithniú fós á dhéanamh ar an gcáipéis.

Tá brú níos mó ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta cur chuige níos láidre a bheith acu ó thaobh chosaint na Gaeilge sa chóras pleanála sa Ghaeltacht i bhfianaise roinnt cásanna atá i mbéal an phobail le tamall.

Tá cuid de mhuintir na Gaeltachta i Ráth Chairn agus sa Rinn go mór i gcoinne cead pleanála a thabhairt d’fhorbairtí tithíochta sna ceantair sin agus imní ann faoin tionchar a bheadh acu ar an nGaeilge.

I gCiarraí, tá an grúpa ‘Todhchaí na Tuaithe’ bunaithe chun aird a tharraingt ar chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath ar fad.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil gá le “gníomh dearfach eisceachtúil” le cosaint a thabhairt don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Sheol Conradh na Gaeilge polasaí nua i dtaobh na pleanála sa Ghaeltacht ag tús na míosa agus i measc na moltaí atá ann, moltar gur ar Údarás na Gaeltachta a bheadh cúram na pleanála sa Ghaeltacht feasta.

Tá moltaí an Chonartha pléite acu leis an Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, agus táthar ag súil cruinniú eile a bheith acu leis roimh na Nollag.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire cheana, áfach, nach gceapann sé go bhfuil gá leis an gcóras pleanála atá i bhfeidhm faoi láthair a athrú.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Roinn na Gaeltachta a rá céard atá i gcáipéis faoi chúrsaí pleanála atá curtha faoi bhráid na Roinne Tithíochta acu'

  • Donncha Eile

    Cáipéis na Roinne: put no tithe without the gaeilge, the natives are feargach about it.

    Údarás: Ná leag lámh ar do shrón agus ceannaigh an stuif seo atá déanta i Dingle.