Diúltaithe ag Ombudsman an Phreasa do ghearán faoi alt inar dúradh gur ‘sex camp’ an Ghaeltacht

Chinn Ombudsman an Phreasa nach raibh aon sárú ar chód cleachtais inar dúradh gurb é a bhí sa Ghaeltacht go bunúsach ná campa gnéis a bhunaigh Éamon de Valera

Diúltaithe ag Ombudsman an Phreasa do ghearán faoi alt inar dúradh gur ‘sex camp’ an Ghaeltacht

Dhiúltaigh Ombudsman an Phreasa do ghearán a rinneadh faoi cholún nuachtáin inar maíodh gurb é a bhí sa Ghaeltacht go bunúsach ná campa gnéis a bhunaigh Éamon de Valera.

“The Gaeltacht was basically a sex camp established by Éamon de Valera” an cheannlíne a bhí ar an alt leis an iriseoir agus údar aitheanta, Patrick Freyne a foilsíodh ar an Irish Times ar an 5 Meitheamh 2020.

Dúirt Ombudsman an Phreasa gur thagair ceannlíne an ailt do chomparáid “spraíúil” idir an clár teilifíse réaltachta First Dates Hotel agus na turasanna a thugann déagóirí na hÉireann ar choláistí samhraidh na Gaeltachta.

Dúirt an té a rinne an gearán gur chuir an t-alt “déistin” uirthi agus mhaígh sí gur ionsaí “maslach” agus “díspeagúil” a bhí ann ar choláistí samhraidh na Gaeltachta agus ar theagasc “chéad teanga oifigiúil na hÉireann”. Dúirt sí gur chóir don eagarthóir leithscéal a fhoilsiú.

Rinne an Irish Times an colún a chosaint agus mhaígh lucht an nuachtáin gurb amhlaidh gur “greann” a bhí ann agus nach raibh sé i gceist ag an údar go nglacfaí “i ndáiríre” leis an méid a scríobh sé “ar chor ar bith”.

Mhaígh lucht an nuachtáin “go dtacaíonn siad go láidir leis an nGaeilge” agus gur údar “aiféala” dóibh gur baineadh “míbhrí” as an ngreann.

Nuair a cuireadh an cás faoi bhráid Ombudsman an Phreasa chinn sé nár sháraigh aon cheann de na cúig phrionsabal i gCód Cleachtais Preasa na hÉireann a luaigh an gearánaí. Mhaígh an gearánaí nach raibh an t-alt ag teacht leis an bprionsabal maidir le cruinneas agus fírinne, nár deineadh idirdhealú ann idir fíricí agus tráchtaireacht, nár chloígh sé le nósanna a bhaineann le cothrom na Féinne agus macántacht agus gur sháraigh sé na prionsabail a bhaineann le meas a léiriú ar dhaoine agus gan leithcheal a chothú.

Dúirt an tOmbudsman gur dóigh leis go dtuigfeadh léitheoirí an cholúin gur aoir a bhí ar bun ag an údar agus nach ndéanfaí léamh litriúil ar an méid a bhí ráite ann faoi choláistí samhraidh. Thuigfí chomh maith, a dúirt sé, nach raibh áitimh áibhéalacha an ailt á gcur i láthair mar fhíricí.

Mhaígh an gearánaí go ndearnadh “líomhaintí bréige míthreoracha faoi choláistí samhraidh dea-eagraithe sa Ghaeltacht” ach dúirt an tOmbudsman nár éirigh leis aon líomhaintí dá leithéid a aimsiú san alt ó tharla gur aoir a bhí ann.

Ó tharla nach rabhthas in ainm glacadh i ndáiríre leis an alt, ní fhéadfaí a rá gur dhein sé dochar do dhea-cháil na gcoláistí samhraidh, a dúirt an tOmbudsman.

Dúirt an gearánaí chomh maith nárbh fhíor gur bhunaigh Éamon de Valera na coláistí samhraidh, rud ar ghéill an tOmbudsman “go hiomlán” dó. Dúirt sé, áfach, nach ndéanfadh léitheoirí an ailt léamh litriúil ar an tagairt do de Valera.

Ar deireadh, chinn Ombudsman an Phreasa nár sháraigh an t-alt an prionsabal nár cheart ábhar a fhoilsiú a mhaslódh go dona nó a chothódh fuath i leith aon duine nó grúpa bunaithe ar a gcine nó a náisiúntacht.

Mhaígh an gearánaí gur chothaigh an colún fuath ina leith féin bunaithe ar a teanga, áiteamh ar dhiúltaigh an tOmbudsman dó.

“Ní féidir liom teacht ar fhianaise ar bith sa cholún go bhfuil fuath á chothú ann. Mar a dúradh cheana, baineadh úsáid spraíúil as an ngreann agus níor chóir é a thógáil i ndáiríre,” ar sé.

Rinne an gearánaí achomharc go dtí Comhairle Preasa na hÉireann faoi chinneadh an Ombudsman agus diúltaíodh dó sin chomh maith.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Ombudsman an Phreasa do ghearán faoi alt inar dúradh gur ‘sex camp’ an Ghaeltacht'

  • Lillis ÓLaoire

    Meon an ghearáin beo bríomhar I gcónaí.

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Pat Butler

    Ní fhéadfadh ‘Ar Son na Cúise’ barra a chur ar seo!

  • Poraic o'hEipicín

    Píosa spraoí.

  • Séamas Mac Coitir

    Coinníonn an té is mó ciall ábhar grinn ar láimh!