Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’achainí eagraíochtaí teanga faoi laghdú ar uaireanta teagaisc

Faoin churaclam nua bunscoile tiocfaidh laghdú 30 bomaite sa tseachtain ar theagasc na Gaeilge i bhformhór mór na mbunscoileanna sa stát

Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’achainí eagraíochtaí teanga faoi laghdú ar uaireanta teagaisc

Tá diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’achainí ó eagraíochtaí Gaeilge go gcaithfí i dtraipisí plean chun laghdú a dhéanamh ar uaireanta teagaisc na Gaeilge i mbunscoileanna an stáit.

Dúirt an Roinn le Tuairisc go raibh an rath a bhíonn ar mhúineadh na Gaeilge ag brath ar níos mó ná líon na n-uaireanta teagaisc amháin.

D’éiligh Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ag cruinniú a bhí acu leis Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta nach rachfaí ar aghaidh leis an phlean conspóideach atá beartaithe ar an chreatchuraclam nua bunscoile.

Ach i ráiteas a chuir an Roinn Oideachais ar fáil do Tuairisc faoin éileamh go dtarraingeofaí siar an plean chun laghdú a dhéanamh ar uaireanta teagaisc na Gaeilge, dúradh “nach bhfuil aon phlean” acu aon athrú a dhéanamh ar an mhéid ama atá molta do theagasc na Gaeilge sa chreatchuraclam nua.

Faoin churaclam nua tiocfaidh laghdú 30 bomaite sa tseachtain ar theagasc na Gaeilge i bhformhór mór na mbunscoileanna sa stát.

Dúirt urlabhraí na Roinne gur míníodh do na hionadaithe a bhí i láthair ag an chruinniú nach ar an mhéid ama a thugtar don Ghaeilge sa churaclam “amháin” a bhraitheann caighdeán Gaeilge na ndaltaí.

“Mhínigh an Roinn nach ar an mhéid ama a thugtar don Ghaeilge sa churaclam bunscoile amháin a bhraitheann caighdeán na Gaeilge, [ní mór freisin] a chur san áireamh labhairt na Gaeilge sa bhaile agus sa phobal, caighdeán na múinteoireachta agus cumas an mhúinteora sa teanga, tionchar an mhórchultúir agus na gcomhaoiseach agus dáimh féiniúlachta leis an teanga,” arsa urlabhraí na Roinne.

Dúirt an t-urlabhraí freisin go raibh an Roinn ag obair ar chúpla tionscnamh a thabharfadh “tacaíocht do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge”.

Dúirt an Roinn go raibh tionscnaimh éagsúla ar bun acu dírithe ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge a neartú sa chóras oideachais, ina measc “tionscnamh píolótach” ó na luathbhlianta go dtí an iarbhunscoil trína múintear ábhar eile i nGaeilge, tionscnamh ar cuireadh tús leis in 2019.

Mar chuid den athbhreithniú a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an churaclam, tá sampla tugtha de chlár ama do dhaltaí Ranganna 3-6 i scoil lán-Bhéarla.

D’fhéadfaí, a deirtear, trí uair an chloig agus 45 nóiméad a chaitheamh sa tseachtain ag múineadh an Bhéarla (laghdú 15 nóiméad ar a bhfuil ann faoi láthair), trí uair an chloig a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge (laghdú 30 nóiméad) agus uair amháin sa tseachtain a chaitheamh ar an tríú teanga.

Tá uair an chloig agus 45 nóiméad curtha ar leataobh do “am solúbtha” agus deis ag scoileanna tuilleadh ama a chaitheamh le hábhair eile, an Ghaeilge ina measc.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gurb iad na daltaí i scoileanna Béarla atá níos laige ó thaobh na Gaeilge de, is mó a bheidh “thíos leis” na leasuithe atá beartaithe ar an churaclam.

“Mura bhfuil múinteoirí sa scoil atá muiníneach ó thaobh na Gaeilge de, drochsheans go gcaithfidís am sa bhreis le teagasc na Gaeilge, am a deirtear atá ar fáil mar chuid den am ‘solúbtha,” a dúirt de Spáinn.

I measc na n-athruithe eile atá molta ar an churaclam, tuigtear go bhfuil leathuair an chloig níos lú sa tseachtain le caitheamh ar mhúineadh reiligiúin agus go gcuirfear béim níos mó ar chúrsaí folláine.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Roinn Oideachais d’achainí eagraíochtaí teanga faoi laghdú ar uaireanta teagaisc'