Diúltaithe ag an mBord Pleanála d’fhorbairt ‘Páirc na Mara’ i nGaeltacht Chonamara

Beidh cinneadh le déanamh anois ag an eagraíocht forbartha Gaeltachta an fiú a thuilleadh airgid a chaitheamh ar iarratas pleanála nua a ullmhú

Diúltaithe ag an mBord Pleanála d’fhorbairt ‘Páirc na Mara’ i nGaeltacht Chonamara

Tá diúltaithe ag an mBord Pleanála do phlean Údarás na Gaeltachta Páirc na Mara a thógáil i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara.

Chinn an Bord Pleanála seasamh le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara –togra tionscail agus taighde a bheadh bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh.

Buille mór don Údarás agus do phobal an cheantair rialú an Bhoird agus beidh cinneadh le déanamh anois ag an eagraíocht Ghaeltachta an fiú a thuilleadh airgid a chaitheamh ar iarratas pleanála nua a ullmhú.

D’fhéadfaí chomh maith achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh chinneadh an Bhoird Pleanála ar phointe dlí, dá gceapfaí go raibh a leithéid i gceist.

Tá Páirc na Mara ar cheann de na tograí is mó a bheartaigh Údarás na Gaeltachta le fada agus os cionn €1 milliún a bhí caite ar an iarratas pleanála faoi dheireadh 2021.

Bhí Údarás na Gaeltachta ag súil go mbeadh Páirc na Mara agus fostaíocht a bheadh bunaithe ar acmhainní nádúrtha ar an mbeart ab fhearr le pobail ar nós Chill Chiaráin, Carna agus Ros Muc a neartú.

I measc na gcúiseanna gur dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála don Údarás dúradh go raibh an baol ann go ndéanfaí dochar do cheantar caomhnaithe dá leanfaí ar aghaidh leis an bhforbairt.

Dúirt Rannóg Pleanála na Comhairle, mar shampla, nach bhféadfadh siad a bheith cinnte nach ndéanfadh píopa a bhí le tógáil dochar do Cheantar Speisialta Caomhnaithe Chuan Chill Chiaráin.  Tá an stádas is airde – sin Ceantar Speisialta Caomhnaithe Aguisín 1 – i gceist leis an gcuan sin.

Bhí Údarás na Gaeltachta den tuairim go raibh Páirc na Mara ag teacht le pleananna forbartha náisiúnta agus go gcuideodh an fhorbairt le Straitéis 20 bliain na Gaeilge sa mhéid agus go dtabharfadh sé deis do mhuintir Ghaeltacht iarthar Chonamara post a fháil sa mbaile.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an mBord Pleanála d’fhorbairt ‘Páirc na Mara’ i nGaeltacht Chonamara'