Diúltaithe ag an Church of Scientology tuilleadh eolais faoi aistriú a gcáipéisí go Gaeilge a thabhairt

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cuid den obair aistriúcháin ar chuir an Church of Scientology tús léi i mbliana críochnaithe anois agus go bhfuil ábhar i nGaeilge ar fáil do bhaill na heaglaise conspóidí

Diúltaithe ag an Church of Scientology tuilleadh eolais faoi aistriú a gcáipéisí go Gaeilge a thabhairt

Tá diúltaithe ag Eaglais na hEoleolaíochta tuilleadh eolais faoin aistriúchán atá á dhéanamh ar cháipéisí na heaglaise a thabhairt do Tuairisc.ie.

Cuireadh tús leis an aistriúchán níos luaithe i mbliana agus tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil cuid den obair sin críochnaithe, ceartaithe agus curtha i gcló.

Scríobh Eaglais na hEoleolaíochta chuig aistritheoirí le hábhar oiliúna agus eolais a bhíonn aici a chur i nGaeilge. Daoine a bheadh “cáilithe leis an aistriúchán a dhéanamh agus spéis acu ann” a bhí á lorg acu le hábhar a bhaineann leis na cláir éagsúla a aistriú.

Thug duine amháin a thug faoi chuid den aistriúchán sin le fios do Tuairisc.ie go raibh an t-ábhar curtha i gcló ag an eaglais cheana féin, ach níl aon fhreagra tugtha ag Eaglais na hEoleolaíochta ar cheisteanna Tuairisc.ie faoina saothar aistriúcháin.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie den eaglais an raibh ábhar i nGaeilge anois ar fáil dá baill de thoradh na hoibre aistriúcháin, agus cé mhéad oibre a bhí fós le déanamh. Níor freagraíodh na ceisteanna sin ná ceisteanna a cuireadh faoi líon na gcáipéisí a bheidh ar fáil ag deireadh an togra ná líon na n-aistritheoirí atá ag obair don eaglais.

Tá teagmháil déanta ag Tuairisc.ie leis an eaglais trí huaire le mí anuas.

I ráiteas a thug an eaglais do Tuairisc.ie níos luaithe i mbliana, dúradh gur “onóir” d’Eaglais na hEoleolaíochta a bheith “ag cur le hathbheochan na Gaeilge” trí cháipéisí a bhfuil 10,000,000 focal iontu a aistriú go Gaeilge, ábhair a bheidh “ar fáil le staidéar a dhéanamh orthu” ag na glúine atá le teacht.

Dúirt urlabhraí de chuid na heaglaise go n-aithníonn na hEoleolaithe “tábhacht stairiúil agus chultúrtha na Gaeilge” agus tábhacht na n-iarrachtaí atá ar bun leis an teanga a chaomhnú.

Mhaígh an t-urlabhraí go raibh go leor teachtaireachtaí dea-mhéine faighte ag an eaglais ó aistritheoirí Gaeilge maidir lena dtogra aistriúcháin.

Ach dúirt duine a bhí ag obair ar an togra le Tuairisc.ie go raibh an dallamullóg á cur ag aistritheoirí eile ar an eaglais agus aistriúchán mícheart á dhéanamh d’aon ghnó ar ábhar oiliúna agus eolais na heaglaise conspóidí.

Bhí aistritheoirí áirithe ag cur rabhadh ina gcuid aistriúcháin gan bacadh leis an ábhar a léamh. Dúradh go raibh daoine nach raibh Gaeilge mhaith acu ag obair ar an togra freisin. Shéan urlabhraí de chuid na heaglaise an méid sin agus dúirt go raibh ardchaighdeán ag baint leis an obair aistriúcháin a bhí ar bun.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Church of Scientology tuilleadh eolais faoi aistriú a gcáipéisí go Gaeilge a thabhairt'