D’ith muid cúilín an bhuilín dhá lá ó shin, agus tá sé ina bháisteach fós

Tá ár gcolúnaí ag súil le comhartha éigin go bhfuil an díle thart

D’ith muid cúilín an bhuilín dhá lá ó shin, agus tá sé ina bháisteach fós

Tá sé ina bháisteach le dhá scór lá agus dhá scór oíche. Sílim. 

Níl mé baileach cinnte níos mó. An féidir aon chinnteacht a bheith ag duine anois? Aimsir seo na díle?

Tá an bia ag éirí gann sa teach. Is tá an fhoighid ag éirí gann chomh maith agus tá chuile dhuine ag piocadh ar a chéile. 

Is gearr go mbeidh orainn an teach a fhágáil. Ar thóir bia agus aer úr. Tá an stór sa gcuisneoir is sna cófraí níos boichte ná mar a bhí sé riamh. 

D’ith muid cúilín an bhuilín deireanach dhá lá ó shin, tá an bainne caolaithe le huisce agam (faoi dhó), ar mhaithe leis an mbraoinín tae. Ní hamháin go bhfuil caolú déanta air, ach, má bhím ionraic, ag iompú atá sé freisin. Is cuma. Is fearr leathbhuilín ná a bheith gan arán agus is fearr bainne leathghéar ná an tae dubh.

Bhí uibheacha againn go dtí inné. 

Inné. Bhí dóchas agam an uair sin. ‘Ith suas na huibheacha, beidh uibheacha eile againn amárach!’ Ach, cé a chreidfeadh é? Tá an lá inniu níos fliche ná mar a bhí sé inné. 

An t-aon fhoinse carbaihiodráití atá fágtha sa teach anois ná bosca pasta glas atá déanta as pónairí soighe. Níl mé cinnte cén fáth gur cheannaigh mé é, ach mura stopfaidh an bháisteach go gearr, tá baol mór ann go mbeidh orainn é a ithe. 

Tháinig mé trasna ar an mBabaí ar maidin ag ithe lán spúnóige ime agus siúcra air. Tá muid i ngéarchéim, sílim. Caithfidh muid an teach a fhágáil go gairid nó tá baol ann go mbeidh muid imithe ró-fhada ar bhóthar na haimhleasa is nach mbeidh muid in ann filleadh ar chúirtéis is béasa an ghnáthshaoil. 

Chuala mé ráite é nach bhfuil a leithéid de rud ann agus drochaimsir, nach bhfuil ann ach drochéadaí. Níl a fhios agam cé a chuimhnigh ar an abairt sin, ach tá mé  a cheapadh go gcaithfeadh go raibh scail éicint orthu. Cuir do chloigeann amach an doras dhá nóiméad is tuigfidh tú go bhfuil difríocht an-soiléir idir dea-aimsir is drochaimsir. 

Ach, ok, ok, tuigim an pointe. Is dóigh go gcaithfidh muid na héadaí ’cearta’ a chur orainn is éirí as an gclamhsán. Aimseoidh mé na cótaí báistí, na buataisí is na brístí cearta agus tabharfaidh muid aghaidh ar an siopa. 

Breathnaím amach an fhuinneog uair amháin eile, ag súil go bhfeicfidh mé colúr bán agus duilleog olóige ina ghob aige (nó builín agus lítear bainne). 

Tá mé ag súil le comhartha éigin go bhfuil an díle thart. Ach ní fheicim ach dhá fhaoileán ag piocadh ar a chéile san eitilt. 

Fág freagra ar 'D’ith muid cúilín an bhuilín dhá lá ó shin, agus tá sé ina bháisteach fós'

  • Eilis ni anluain

    Tá sé seo togha, a Bhridget

  • Pól Ó Braoin

    Thar cionn uilig fiú agus gan mé in ann thú a fheiceáil ach idir na braonachaí móra millteacha…