Díscor Pharlaimint Westminster – an focal scoir ag an chúirt uilechumhachtach

Cloisfear an focal scoir in óstán Boris Johnson i Nua-Eabhrac inniu, a deir ár gcolúnaí

Díscor Pharlaimint Westminster – an focal scoir ag an chúirt uilechumhachtach

Tar éis dó filleadh abhaile go dtí Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ó thriail na Naitsithe in Nuremberg i 1949, mhínigh an breitheamh Robert H. Jackson cumhacht na cúirte ba thábhachtaí i Meiriceá. Cúirt uilechumhachtach is ea an Chúirt Uachtarach, a dúirt sé, toisc go mbíonn an focal scoir aici. (“We are not final because we are infallible, but we are infallible only because we are final.”)

Ba dheacair gan cuimhneamh ar Justice Jackson inniu nuair a foilsíodh breithiúnas stairiúil Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe mar gheall ar chinneadh Boris Johnson Parlaimint Westminster a chur ar fionraí ar feadh cúig seachtaine. Mhaígh na breithiúna go léir ar maidin, agus d’éist aon bhreitheamh déag leis na hargóintí go léir, gur cinneadh mídhleathach, gan bhailíocht an cinneadh sin, agus más ea, níor cuireadh Westminster ar fionraí in aon chor toisc gur thug Johnson comhairle lochtach don Bhanríon.

Tá gnéithe iontacha ag baint leis an mbreithiúnas seo, agus ba chóir dúinn díriú orthu. Ar an gcéad dul síos, bhí na breithiúna ar fad ar aon fhocal agus scríobh uachtarán na cúirte, Lady Hale, agus an chéad uachtarán eile, Lord Reed, an breithiúnas ar son na mbreithiúna go léir eile. Bhí easaontas idir na breithiúna in 2017 nuair a mhaígh an chúirt chéanna nach raibh sé de cheart ag Theresa May foláireamh faoi Airteagal 50 a thabhairt don Aontas Eorpach, go raibh fonn ar an Ríocht Aontaithe imeacht as an aontas, gan cead a lorg ó Westminster i dtús báire.

Cheap Lord Reed agus Lord Carnwarth in 2017 go raibh cumhacht neamhspleách ag Theresa May an foláireamh sin a thabhairt. Ach ní raibh amhras ar an mbeirt sin ar maidin nach raibh Boris Johnson in ann cur isteach ar bhunphrionsabail bhunreacht ársa, neamhchóirithe na Breataine, bunphrionsabail a thugann cumhacht do Pharlaimint scrúdú a dhéanamh ar bhearta an rialtais, agus a thugann cumhacht do na cúirteanna scrúdú a dhéanamh ar úsáid chumhachtaí ársa na corónach agus teora na gcumhachtaí ársa seo a leagan síos.

Is ait an rud é áfach nach raibh na bunphrionsabail chéanna sin soiléir do na breithiúna ar an Divisional Court i Londain a d’éist leis an gcás seo cúpla seachtain ó shin sular tháinig sé os comhair na Cúirte Uachtaraí. Thacaigh siadsan le Johnson.

Fé mar a dúirt Justice Jackson, is féidir le cúirt uachtarach “bunphrionsabail” a thabhairt ar argóintí dleathacha nach raibh soiléir do gach éinne eile toisc go labhraíonn siad ag deireadh an phróisis.

Is é an focal scoir an focal is cumhachtaí ar fad, agus cloisfear é thall in óstán Boris Johnson i Nua-Eabhrac inniu fiú.          

Fág freagra ar 'Díscor Pharlaimint Westminster – an focal scoir ag an chúirt uilechumhachtach'