Díscaoileadh an tseanreachta á thuar agus muintir an Tuaiscirt ag triall ar na botháin vótála

239 iarrthóir atá ag seasamh do 90 suíochán tionóil in 18 toghcheantar agus cuirfear tús leis an vótáil i dToghchán Stormont ag a seacht a chlog ar maidin

Díscaoileadh an tseanreachta á thuar agus muintir an Tuaiscirt ag triall ar na botháin vótála

Rachaidh muintir an Tuaiscirt chuig na botháin vótála i dtoghchán a d’fhéadfadh athrú stairiúil a dhéanamh ar chothromaíocht na cumhachta.

De réir na bpobalbhreitheanna ar fad le tamall bheadh Sinn Féin ar an bpáirtí is mó sa Tuaisceart i ndiaidh na vótála, cor cinniúnach i stair an stáit a bunaíodh chun go mbeadh móramh buan ag aontachtaithe.

Má bhíonn an bua ag Sinn Féin bheidís i dteideal na céad-aireachta in Stormont, áit a dtugtaí ‘Parlaimint Phrotastúnach do phobal Protastúnach’ uirthi ar feadh blianta fada. 

Meastar go bhféadfadh gur toghchán stairiúil a bheadh ann chomh maith do pholaitíocht an láir agus borradh mór faoin bpáirtí Alliance.

De réir fhormhór na bpobalbhreitheanna beidh Alliance ar an tríú páirtí is mó i ndiaidh an toghcháin. B’ionann vóta mór don pháirtí agus díscaoileadh an tseanreachta faoinar vótáil daoine de réir na scoilte traidisiúnta idir ‘oráiste’ agus ‘glas’. 

239 iarrthóir atá ag seasamh do 90 suíochán tionóil in 18 toghcheantar. 

Cuirfear tús leis an vótáil sna 606 bothán vótála ag 7am agus dúnfar na botháin ag 10pm.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Oifig Toghcháin Thuaisceart Éireann 1,373,731 duine atá i dteideal vóta a chaitheamh, 119,022 níos mó ná cúig bliana ó shin.

De réir na pobalbhreithe Lucid Talk is déanaí don Belfast Telegraph 26% de na vótaí céadrogha a bheadh ag Sinn Féin agus 19% a bheadh ag an DUP. Bheadh 16% ag an bpáirtí Alliance, nó Páirtí na Comhghuaillíochta. 13% a bheadh ag an UUP, 11% a bheadh ag an SDLP agus 9% a bheadh ag an TUV, an páirtí aontachtach atá níos diongbháilte faoi cheisteanna amhail an Prótacal iarBhreatimeachta agus ceist na Gaeilge ná mar atá fiú an DUP.

2% a bheadh ag an gComhaontas Glas, an céatadán céanna le Pobal Seachas Brabús agus na neamhspleáigh. 

De réir pobalbhreith amháin a foilsíodh an tseachtain seo bhí an DUP agus Alliance gob ar ghob sa dara háit roimh thoghchán Stormont na seachtaine seo.

18.2% a bhí ag an dá pháirtí sa phobalbhreith a rinne Institiúid an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Liverpool agus an Irish News.

Sinn Féin a bhí sa chéad áit agus 26.2% de na vótaí céadrogha a bheadh acu de réir na pobalbhreithe.

D’fhágfadh sin go mbeadh Sinn Féin ar na bpáirtí is mó sa tuaisceart agus gur toradh stairiúil a bheadh ar na toghchán atá ar siúl Déardaoin.

De réir na pobalbhreithe 12.1% a bheadh ag an UUP, 10.5% a bheadh ag na SDLP agus 5.7% a bheadh ag TUV. 2.9% a bheadh ag an gComhaontas Glas agus 2.1% a bheadh ag Pobal Seachas Brabús.

Tá go leor éiginnteachta ann i gcónaí faoi cad atá i ndán don Tionól i ndiaidh thoghchán an lae inniu.

Tharraing an DUP siar ón Fheidhmeannas i mí Feabhra mar agóid in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta a fhágann go bhfuil teorainn i muir Éireann. 

Buille síceolaíoch eile don DUP a bheadh ann dá mba é Sinn Féin a bheadh i dteideal na céad-aireachta i ndiaidh an toghcháin. 

Dhiúltaigh an DUP a rá go dtí seo cé acu an mbeidís sásta filleadh ar an bhFeidhmeannas nó nach mbeadh sa chás go mbeadh tús áite ag Sinn Féin orthu.

Ní féidir an Feidhmeannas a athbhunú gan céad-aire agus leaschéad-aire.

Cúig shuíocháin atá i ngach toghcheantar agus meastar go mbeidh troid go bun an angair don gcúigiú suíochán in go leor de na ceantair sin.

Bunaíodh an Tionól faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 agus theip air cúig uaire ó shin. Nuair a theip ar an Tionól in 2017 mhair an folús polaitiúil trí bliana.

Ritheadh bille in Westminster níos túisce i mbliana a cheadaíonn don Tionól feidhmiú ar feadh sé mhí gan an Feidhmeannas.

Ní raibh oiread sin tráchta ar chás na Gaeilge le linn an fheachtais toghcháin cé go raibh ceist na reachtaíochta atá geallta don teanga go mór i mbéal an phobail roimhe sin. 

D’fhan na páirtithe glan den chuid is mó ar chaint faoin reachtaíocht chonspóideach atá geallta le fada agus d’fhan an DUP agus an UUP ina dtost ar fad beagnach faoin nGaeilge.

Fág freagra ar 'Díscaoileadh an tseanreachta á thuar agus muintir an Tuaiscirt ag triall ar na botháin vótála'