Dís nach ngabhann le chéile: an daonlathas agus an éillitheacht

Tá riail an dlí faoi bhagairt san Eoraip agus mórbhagairt is ea an éillitheacht

Dís nach ngabhann le chéile: an daonlathas agus an éillitheacht

Thug mé cuairt ar na mallaibh ar Siret, baile teorann idir an Rómáin agus an Úcráin. Bhailigh m’iníon Róisín 100 blaincéad nua do na teifigh tar éis di tacaíocht na scoile a fháil agus bhailigh mo mhac Seán earraí níocháin agus soláthairtí leighis óna scoil siúd. Líonadh veain leis na hearraí sin agus go leor eile. Bhí daoine thar a bheith flaithiúil linn.

De bhunadh an Rómáine é m’fhear céile. Bhí cónaí orainn sa tír sin ar feadh cúig bliana, mar sin bhí cur amach againn ar an áit. Bheartaíomar aghaidh ar thabhairt ar theorainn na Rómáine agus an Úcráin mar sprioc againn tráth a raibh aird an domhain ar an bPolainn.                           

LEANAÍ i bPIAN

Eachtra a thug an-sásamh dúinn ab ea cúnamh a chur ar fáil do phuball na Croise Deirge, dhá mhéadar ón teorainn. Bhí an-éileamh ar chóir leighis le haghaidh tinneas goile: thug an strus a bhain leis an aistear bolg nimhneach do dhaoine. Bhí an-sciobadh ar Calpol do na leanaí.

Bhí meas chomh maith ar Sudocreme toisc gríos clúidín a bheith ar leanaí ó bheith ina suí thart ar feadh i bhfad ag trasbhealaí teorann.

Ní rud teibí é cúnamh a thabhairt do theifigh mar ba léir ón bpuball Save the Children agus UNICEF nuair a chonaiceamar blaincéid na hÉireann á gcur timpeall ar na leanaí mar chosaint ar an bhfuacht.

ATHRUITHE AR AN tSOCHAÍ

Bhí na hoibrithe deonacha ón Rómáin ag obair ar a seacht ndícheall. Dream a raibh paisean agus ionracas thar na bearta ag baint leo.

Bhí go leor acu ann ón gcéad lá, sula raibh na pubaill ann in aon chor, agus iad amuigh sa sneachta, bia óna dtithe féin agus leaba na hoíche á dtairiscint acu do na teifigh.

Bhí an bhriogáid dóiteáin ag an teorainn agus cásanna taistil na dteifeach á n-iompar acu – mná is páistí is mó a bhí sna teifigh – agus an bhriogáid ag cabhrú leo modh iompair a fháil go dtí na lárionaid lóistín. Chonaic mé athruithe móra ar shochaí na Rómáine, caithfidh mé a rá.

Smaoiníos siar, deich mbliana ó shin nuair a bhí an córas lofa amach is amach. Ach an raibh an éillitheacht fós i réim? An raibh cúrsaí chomh dona is a bhí riamh, ó thaobh breabaireachta agus mar sin de?

Labhraíomar le scata fear óg a bhí ag crochadh thart ar thaobh na Rómáine den teorainn. Duine díobh, Ivan ab ainm dó. Úcránach ab ea é, d’eitneacht na Rúise. Ní raibh fonn troda air siúd: níor bhain an cogadh seo leis. Thug sé na cosa leis chun na Rómáine. An gnáthráta chun an abhainn a thrasnú ná €3,000. Dheimhnigh scata oibrithe NGO go raibh an figiúr sin ceart. Bádh triúr an tseachtain sin nuair a scuab an abhainn chun siúil iad.  

CAIMILÉIREACHT

Bhí fearg ar Ivan agus é ag cur síos ar an éillitheacht a bhí san Úcráin sular bhris cogadh amach in aon chor. Dúirt m’fhear céile leis go raibh an chaimiléireacht an-choitianta sa Rómáin leis. Tá caimiléireacht ar siúl in Éirinn chomh maith, arsa mise. Gháir Ivan go searbh agus ar seisean, ‘Tá caimiléireacht agus CAIMILÉIREACHT ann!’ 

Smaoiníos siar ar an tréimhse a chaitheas sa Rómáin nuair a theip orm uimhir PPS a fháil dár leanaí agus an frustrachas a bhraitheas nuair a ghearr dochtúir cam €150 orm ar vacsaín sláinte poiblí do Róisín agus í ina leanbh.

Chuimhníos ar mhúinteoir Sheáin agus mé ag fiafraí di conas a bhí sé ag dul ar aghaidh ar scoil: croitheadh a bhaint as a guaillí an freagra a fuaireas, agus míníodh dom nach bhfaighinn freagra níos fearr ná sin gan clúdach donn a fháil uaim agus féirín deas istigh ann.

Dhiúltaíos glan di.

Smaoiníos ar m’fhear céile a bhí in ospidéal tar éis timpiste bhóthair agus fuiliú inmheánach mar thoradh air sin. Mura mbaileoinn €500 faoina 5pm an tráthnóna sin ní bhacfadh an dochtúir leis!

Chuimhníos siar: bhí gnó á rith againn; bhí na póilíní eacnamaíochta, na póilíní teorann, na póilíní áitiúla, cigirí halla an bhaile, cigirí timpeallachta, cigirí sláinte, cigirí cánach – agus a thuilleadh nach iad – iad ar fad lena gcuid fíneálacha, focal eile ar bhreabaireacht. Bhí orainn éirí as. Bancbhriste. Croíbhriste. Ní raibh fonn troda orm níos mó: ní fhéadfá buachan in aghaidh na caimiléireachta. Shocraíomar go bhfillfimis ar Éirinn, ar mhaithe le hoideachas ceart a chur ar fáil dár leanaí. Níl aon chathú orainn faoin gcinneadh sin.

ÉIRE: Marc 74

Ar Innéacs 2021 de chuid Transparency International, tá marc 74 faighte ag Éirinn maidir le héillitheacht dhomhanda. Táimid sa 13ú háit le roinnt tíortha eile, Ceanada, an Íoslainn agus an Ostair san áireamh. Níl sé sin ródhona. Táimid i ndea-chomhluadar. Marc 45 a tugadh don Rómáin agus níl cúrsaí ag dul i bhfeabhas ann. Ní imeoidh an chaimiléireacht amárach ná an mhí seo chugainn. Is í an Rómáin an tríú tír is caime san Eoraip, mar sin ní shamhlóinn go mbeimis ag bogadh ar ais ann go luath, cé go mbraithim uaim na cocaí féir sa samhradh; braitheann m’fhear céile a mháthair uaidh, na sléibhte, a chomh-Thrasalvánaigh.

CAIMILÉIREACHT SAN ÚCRÁIN

Agus an Úcráin? Níl de mharc ag an Úcráin san Innéacs éillitheachta ach 33. Is fadhb í sin. Fadhb ab ea í sular thosaigh an cogadh, fadhb is ea í i láthair na huaire, fadhb a bheidh inti nuair a bheidh an cogadh seo thart. Creimeann an éillitheacht gach maitheas sa tsochaí; creimeann an éillitheacht anam agus féiniúlacht an duine. Dís nach ngabhann le chéile: an daonlathas agus an éillitheacht.

Tá riail an dlí faoi bhagairt san Eoraip agus mórbhagairt is ea an éillitheacht. Sa bhliain 2019, thug go leor de mhuintir na Rómáine na sráideanna orthu féin; sheasadar sa bhfuacht ar feadh seachtainí i ndiaidh a chéile agus iad ag cur in aghaidh reachtaíocht a bhí á moladh an an bpáirtí ceannasach (PSD) chun maithiúnas ginearálta a thabhairt do pholaiteoirí a raibh éillitheacht curtha ina leith. Tharla sé sin nuair a fuarthas ceannaire an pháirtí sin, Liviu Dragnea, ciontach as coireanna éillitheachta.

An gcuireann sé sin alltacht ort? Is minic reachtaíocht éigeandála á cur i bhfeidhm i dtíortha cama ar mhaithe leis an scothaicme. D’fhógair Coimisiún na hEorpa ag an am go raibh an Rómáin i mbaol a buailte ag Airteagal 7 de chonarthaí na hEorpa, an pionós is troime a d’fhéadfaí a chur ar Bhallstát a imíonn ó bhunphrionsabail riail an dlí. Faoi Airteagal 7, d’fhéadfadh tír cearta áirithe a bhaineann le ballraíocht san AE a chailliúint.

CEANNAIRE CAITE I bPRÍOSÚN

Sa chás áirithe sin, cailleadh an deis chun a bheith páirteach sa limistéar Schengen. Níl aon mhodh ann chun stát a chaitheamh amach as an Aontas Eorpach; tugann sé sin misneach do na fir ‘láidre’ a bheith níos ceanndána agus níos caime fós. 

Mar sin féin, tar éis don AE tabhairt amach mar gheall ar an Rómáin, d’fhógair uachtarán na Rómáine Klaus Johannis, d’eitneacht na Gearmáine agus iarmhéara Sibiu, an chathair arb as do m’fhear céile, d’fhógair sé reifreann faoin gcás. Vótáil an pobal in aghaidh reachtaíocht an mhaithiúnais ghinearálta do na caimiléirí agus, creid é nó ná creid, caitheadh an caimiléir Liviu Dragnea i bpríosún.

Mar sin, ní gan bhata atá an AE chun caimiléireacht a throid agus tá bata breá ag Laura Codruta Kovesi. Is í an chéad Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí ag an AE chun féachaint i ndiaidh cistí Eorpacha a ndéantar mí-leithghabháil orthu agus chun caimiléireacht agus coirpeacht eagraithe a iniúchadh. 

Bhí meas agam féin riamh ar Laura Codruta Kovesi agus leanas an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aici chun dul i ngleic leis an éillitheacht sa Rómáin. Gan amhras, bhí polaiteoirí neirbhíseacha ag iarraidh bac a chur uirthi; go deimhin, tugadh faoina stop agus gan ligean di an tír a fhágáil chun dul i mbun an phoist nua i Lucsamburg; ach tar éis dhá mhí, d’éirigh lei dul i mbun a cuid dualgas – go díograiseach. Coinnigh súil uirthi. ‘Troidfear in aghaidh daoine a bhfuil cumhacht acu. Iniúchfar daoine a bhfuil cumhacht acu,’ ar sise le Politico EU, a d’ainmnigh í mar dhuine ar fiú súil a choinneáil uirthi.

DÓCHAS

An dóchas atá agamsa ná go gcuirfear pionós trom ar chaimiléirí is daoine éillitheacha a bhfuil cumhacht acu; sa tslí sin, athróidh cúrsaí de réir a chéile agus ní bheidh de dhánacht go deo arís ag an bpóilín teorann, an dochtúir, an múinteoir ná éinne eile clúdach donn a lorg. Tógfaidh sé tamall: beagán ar bheagán, mar a itheann an cat an scadán. 

Cuireadh bunscolaíocht ar ár mac Seán sa Rómáin agus is gearr uaidh anois Scrúdú na hArdteistiméireachta in Éirinn: níl an toradh ag brath ar chlúdach donn. Is maith sin.

Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'Dís nach ngabhann le chéile: an daonlathas agus an éillitheacht'