Díospóireacht phatuar in ainneoin an ghleo agus an bhuaileam sciath ar fad

D’fhág líon na n-iomaitheoirí sna toghcheantair ar fad go raibh ceangal na gcúig gcaol ar RTÉ agus iad ag iarraidh teacht ar mhúnla díospóireachta

Díospóireacht phatuar in ainneoin an ghleo agus an bhuaileam sciath ar fad

Bhí RTÉ luite amach orthu féin le trí oíche anuas agus sraith clár díospóireachtaí acu faoi na toghcháin Eorpacha. Toghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt a bhí idir chamáin Dé Máirt. Is ait an mac an toghcheantar seo; limistéar, fé mar a dúirt Miriam O’Callaghan linn ag tús an chláir, a shíneann ó Chionn Mhálanna ó dheas go Mainistir Eimhín agus ó Leithinis Chuaille siar go Conamara. Trí chontae dhéag agus an t-aon toghcheantar a bhaineann mant as trí chúige.

D’fhág líon na n-iomaitheoirí sna toghcheantair ar fad go raibh ceangal na gcúig gcaol ar an stáisiún agus iad ag iarraidh teacht ar mhúnla díospóireachta.

Sa deireadh beartaíodh nach mbeadh cead cainte ach ag iarrthóirí a bhí tofa cheana féin mar Fheisire Eorpach, Teachta Dála, Seanadóir, Comhairleoir nó ag iarrthóirí a fuair níos nó ná 5% sna toghcháin dheireanacha. Lena chois sin ní fhéadfadh ach iarrthóir amháin ó aon pháirtí a bheith ar an gclár.

D’fhág an múnla tuathalach sin muc ar gach mala ag na hiarrthóirí ar iadh an doras orthu. Thuigfeá do RTÉ, áfach. Ní fhéadfaí, i ndóthair, gach mac máthar a scaoileadh chun póidiam nó bheadh rudaí ina gcíor thuathail ar fad. Go deimhin bhí a dhóthain cúraim ar David McCullagh srian a choimeád ar an ochtar den 17 iarrthóir a bhí ar chlár na Máirt.

Ba í tuairim na n-údar go mbeidh comhrac an bhradáin idir Peter Casey agus Maria Walsh don suíochán deireanach rud a chothódh teas eatarthu murach go raibh uirthi siúd féachaint ar an gclár ar an teilifís. Ba léir go raibh an chloch sa mhuinchille ag gach duine de na hiarrthóirí do Peter Casey agus buaileadh cúpla buille oird ar inneoin, go mórmhór ó Shaoirse McHugh Chomhaontas Glas. Dar liom gurbh í siúd, Mairéad McGuinness agus Luke “Ming” Flanagan is fearr a chruthaigh, cé go raibh Flanagan níos cáiréisí ná mar bhíos ag súil leis. Dhein Saoirse McHugh gaisce óir nach raibh an oiread sin aithne uirthi nó oiread sin taithí aici ar an gcúram seo. D’aithneofá gur polaiteoir glic í McGuinness a bhfuil taithí na mblianta aici.

Ní nach ionadh caitheadh go leor ama ag plé Brexit agus bhí cúrsaí inimirce idir chamáin ar feadh scaithimh fhada chomh maith.

’Sé Matt Carthy a thug leis an gradam do ráiteas na hoíche. “It’s like being an early riser or a good kisser; it’s what other people think is important,” a dúirt sé go seanbhlastúil agus é ag trácht ar chóras cánach na tíre i leith na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.

In ainneoin an ghleo agus an bhuaileam sciath ar fad ba chlár patuar go maith a bhí ann agus caithfear cuid mhaith den locht a chur ar a struchtúr liobarnach.

Fág freagra ar 'Díospóireacht phatuar in ainneoin an ghleo agus an bhuaileam sciath ar fad'