Díospóireacht oscailte ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 fógartha ag Aire na Gaeltachta

Moltaí á lorg ón bpobal faoi chur i bhfeidhm na Straitéise a bhfuil sé mar aidhm aici líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú go 250,000 faoi 2030

Joe McHugh

Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le sraith cruinnithe faoi pholasaí an Rialtais i leith na teanga – an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Mar chuid den ‘díospóireacht oscailte’ faoina bhfuil bainte amach ag an Straitéis agus a bhfuil i ndán di, eagrófar cruinnithe in Indreabhán i gConamara (24 Samhain),  i gCill Airne i gCiarraí (26 Samhain) agus i nGaoth Dobhair (1 Nollaig).

Eagrófar chomh maith comhdháil i mBaile Átha Cliath ar an 9 Nollaig a dhíreoidh ar ghnéithe éagsúla den Straitéis “go háirithe oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin chumarsáide agus an teicneolaíocht”.

Díreoidh na cruinnithe Gaeltachta go háirithe “ar chur i bhfeidhm praiticiúil” an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta gurb í “an aidhm atá leis an díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn”.

I ndiaidh na gcruinnithe, leagfar amach na “príomhthosaíochtaí straitéiseacha” don tréimhse cúig bliana amach romhainn, a dúirt an tAire.

Mar chuid den ‘díospóireacht oscailte’ tá plépháipéar foilsithe ar shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhfuil an Roinn ag lorg aighneachtaí ón bpobal ina thaobh.

Sa phlécháipéis lorgaítear tuairimí an phobail faoina éifeachtaí is a bhí an Straitéis 20 Bliain go nuige seo agus faoi conas go bhféadfaí cur i bhfeidhm na mianta inti a fheabhsú.

Táthar ag lorg moltaí chomh maith maidir le conas cur le feasacht teanga an phobail agus na seirbhíse poiblí agus conas feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge.

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i mí na Nollag 2010.

Is iad príomhchuspóirí na Straitéise ná líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú go 250,000 agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht a ardú faoi 25%.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá sé i gceist go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha.

Tá 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta aitheanta sa Ghaeltacht agus tá tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga in 18 de na 26 limistéar sin.

 

Fág freagra ar 'Díospóireacht oscailte ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 fógartha ag Aire na Gaeltachta'