Díospóireacht le déanamh den chéad uair in Westminster faoi reachtaíocht don Ghaeilge 

Beidh an Dara Léamh ar bhille féiniúlachta agus teanga i dTeach na dTiarnaí tráthnóna agus deis ag Tiarnaí aon imní atá orthu faoi aon chuid de a ardú agus leasuithe a mholadh

Díospóireacht le déanamh den chéad uair in Westminster faoi reachtaíocht don Ghaeilge 

Beidh an chéad deis ag lucht Westminster díospóireacht a dhéanamh ar an mbille teanga do Thuaisceart Éireann tráthnóna agus é beartaithe an reachtaíocht a chur faoi bhráid Theach na dTiarnaí.

Tabharfar faoin gcéad chéim eile d’aistear an Bhille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) tráthnóna agus Tiarnaí Westminster chun díospóireacht a dhéanamh faoi aidhm agus príomhphrionsabail an bhille.

Beidh deis acu aon imní atá orthu faoi aon chuid ar leith de a ardú agus aon leasuithe is gá a mholadh.

Tá sé i gceist tús a chur leis an Dara Léamh thart ar 3pm tráthnóna.

Is é an Tiarna Caine, Fo-Rúnaí Stáit Parlaiminte do Thuaisceart Éireann, a chuirfidh tús leis an díospóireacht agus a labhróidh ar son Rialtas na Breataine.

Ní mór d’aon chomhalta ar mhian leis nó léi labhairt a ainm/hainm a chur ar ‘liosta na gcainteoirí’ roimh ré.

Deichniúr atá ar liosta na gcainteoirí faoi láthair – An Tiarna Caine (an Páirtí Caomhach), an Tiarna Bew (Crossbench), an Tiarna Browne of Belmont (DUP), an Banbharún Goudie (Páirtí an Lucht Oibre), an Banbharún Harris of Richmond (na Daonlathaithe Liobrálacha), an Tiarna Hay of Ballyore (DUP), an Banbharún Hoey (Neamhchleamhnaithe), an Tiarna Moylan (an Páirtí Caomhach), an Tiarna Murphy of Torfaen (Páirtí an Lucht Oibre), agus an Banbharún Suttie (na Daonlathaithe Liobrálacha).

Tá cead cainte ag gach comhalta le linn an Dara Léamh – ag an gcéim seo a fheicfear cé hiad na comhaltaí is mó a bhfuil suim sa Bhille acu agus na comhaltaí is dóichí a bheidh ag moladh athruithe ag na céimeanna eile amach anseo.

Cúpla uair an chloig a sheasann an dara léamh de ghnáth ach scaití bíonn cúpla lá i gceist.

Ach a mbeidh an Dara Léamh seo thart, cuirfear an bille ar aghaidh go dtí céim an choiste – mar a ndéanfar mionscrúdú agus plé líne ar líne ar aon leasú.

Tá an méid atá sa reachtaíocht ag teacht leis an méid a bhí geallta i New Decade, New Approach den chuid is mó ach tá cumhachtaí nua tugtha do Státrúnaí an Tuaiscirt maidir lena cur i bhfeidhm. De réir na reachtaíochta a foilsíodh an mhí seo caite, beidh sé de chumhacht ag an Státrúnaí Coimisinéir Teanga a cheapadh agus caighdeáin do sheirbhísí Gaeilge a leagan síos don Tuaisceart.

Thabharfadh An Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart den chéad uair.

Faoin reachtaíocht nua, cheapfaí beirt Choimisinéirí Teanga, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus bhunófaí oifig chultúir agus féiniúlachta.

Le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, thabharfadh an Coimisinéir Teanga isteach córas caighdeán faoina ndéanfaí rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.

Chomh maith leis sin, chuirfeadh an pacáiste reachtaíochta atá molta ar ceal ‘Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737’, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Is é an ról a bheadh ag Coimisinéir Teanga na Gaeilge ná an teanga a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí.

Dhéanfadh Coimisinéir Teanga na Gaeilge monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus dhéanfadh sé nó sí gearáin a fhiosrú.

An teideal iomlán a thugtar ar an gCoimisinéir Ultaise sa bhille ná, An Coimisinéir um Fhorbairt agus Bisiú ar an Teanga, na hEalaíona agus an Litríocht a luaitear le Traidisiún na hUltaise agus na mBriotanach Ultach.

Chuirfeadh an reachtaíocht nua dualgas chomh maith ar Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann úsáid agus tuiscint na hUltaise a chur chun cinn agus a éascú sa chóras oideachais.

Ba i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a gealladh i dtosach an reachtaíocht teanga agus tá lucht feachtais ag troid le fada an lá ar son na reachtaíochta sin.

Fág freagra ar 'Díospóireacht le déanamh den chéad uair in Westminster faoi reachtaíocht don Ghaeilge '