Díomá faoin ‘bpraiseach’ a rinneadh de Theastas Digiteach Gaeilge an Covid

Tá an scéal faoin phraiseach a rinneadh de litriú ainmneacha Gaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE á fhiosrú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Díomá faoin ‘bpraiseach’ a rinneadh de Theastas Digiteach Gaeilge an Covid

Tá an scéal faoin “phraiseach” a rinneadh de litriú ainmneacha Gaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE á fhiosrú ag Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte.

Léirigh Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge a mhíshástacht inné faoin “phraiseach” a bheith déanta de Theastas Digiteach an Covid, atá á chur ar fáil do dhaoine a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu.

Seoladh an Teastas Digiteach chuig Ard-Rúnaí Chonradh an Gaeilge féin, Julian de Spáinn agus a shloinne i nGaeilge litrithe mícheart ar an teastas.

Is léir ón phictiúr den teastas, a scaip sé ar Twitter, nár ghlac an córas leis an síneadh fada ina shloinne.

Fianaise atá sna Deimhnithe Glasa Digiteacha go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh an Covid-19, nó go bhfuil toradh tástála diúltach faighte aige, nó go bhfuil deimhniú aige go bhfuil sé tagtha chuige féin ó Covid-19.

Beidh ar dhaoine an pas seo a thaispeáint agus iad ag taisteal thar lear nó ag dul ag ithe laistigh i mbialanna agus tábhairní.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt de Spáinn go raibh “an-díomá” air gur cuireadh cárta chuige atá “iomlán neamhbhailí”.

“Tá an deimhniú ann le húsáid i suíomhanna oifigiúla, go háirithe agus tú ag taisteal agus tá sé iomlán neamhbhailí. An píosa is tábhachtaí ná d’ainm. Má théann tú chomh fada le haerfort agus d’ainm litrithe mícheart diúltófar thú agus tuigim dóibh.

“Tá praiseach déanta den chóras mar gheall nach bhfuil glacadh leis an síneadh fada. Tá bac curtha roimh dhaoine taisteal anois, agus cibé úsáid a bheas aige go hinmheánach sa tír. Is gá dóibh seo ina cheart. Tá muid ag iarraidh ar an Roinn Sláinte é seo a dhéanamh láithreach bonn,” a dúirt Julian de Spáinn.

Dúirt de Spáinn go raibh cheist ann chomh maith maidir leis na teastais a bheith “dátheangach seachas i nGaeilge”.

Tá ráite ag an Choimisiún Eorpach cheana go bhfuil dualgas ar na ballstáit na pasanna a chur ar fáil ina dteangacha náisiúnta.

Pléadh an scéal sa Dáil inné agus iarradh míniú ar an Aire Stáit Ossian Smyth faoin chúis a bhain leis an scrios a rinneadh ar ainmneacha Gaeilge ar Theastais Dhigiteacha an Covid.

Dúirt an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais gur éirigh leis an chóras an fada agus litreacha eile a chur i bhfeidhm ar na teastais le linn na dtástálacha trialacha.

“Rinneamar é seo a thriail, thástálamar an teastas seo agus ainmneacha a raibh an fada iontu air, ainmneacha a raibh uaschamóg iontu agus aon chomhartha eile a cheap muid a chuirfeadh ó mhaith é agus d’oibrigh sé,” a dúirt Ossian Smyth.

Dúirt sé go raibh an córas ag fáil sonraí ó go leor foinsí eile chomh maith céanna – eolas a bhailigh ospidéil, dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna.

“Uaireanta milleann na córais sin na focail. Má sheoltar sonraí chugainn agus litir Ghréigise déanta den Í, ní féidir linn é a cheartú ina dhiaidh sin,” a dúirt an tAire Stáit.   

Idir an dá linn, tá sé deimhnithe ag an Roinn Sláinte do Tuairisc.ie go bhfuil an scéal á fhiosrú acu.

Fág freagra ar 'Díomá faoin ‘bpraiseach’ a rinneadh de Theastas Digiteach Gaeilge an Covid'

  • Pól Ó Braoin

    An scéal á fhiosrú acu… hí hí hí…

  • Aistritheoir

    An téacs Gaeilge ina phraiseach freisin. An chuma air gur Google Translate a úsáideadh chun é a aistriú! Is mór an náire é.

  • Tomás

    Fuair mise mo theastas digiteach inné agus tá m’ainm agus mo shloinne 100% cruinn, an síneadh fada san áireamh.

  • Dara ³ Baoill

    Bhuel tá mo ‘alter-sloinne’ (³ Baoill) ag ceiliúradh toisc gur léir ón téacs i nGaeilge gur bhain sé an duais speisialta: “Galar a ghnóthaigh an duine seo (SARS-CoV-2 nó ceann dá leaganacha)”
    Bhur mbarúil an mbeidh mé ábalta glacadh leis ós rud é go bhfuil an vacsaín faighte agam?

  • Fearn

    Na gnáth-amhrasáin. An ghnáth-fhaillí. An ghnáth-fhreagairt.

  • Neasa Ní Bhriain

    Tháinig mo cheann inniu & é 100% ceart.