Tá “díomá” ar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF) nach gcuirfear aon mhaoiniú ar fáil don Scéim Bóithre Pobail i gceantair Ghaeltachta.
Thug an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, le fios do Ó Clochartaigh sa Seanad inné nach mbeidh an maoiniú faoin scéim á chur ar fáil do bhóithre pobail agus bóithre chuig portaigh, cladaigh, céibheanna agus reiligí.
Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh go gcaithfidh caoi mhaith a bheith ar na bóithre seo chun daoine a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta.
“Is cosúil nach bhfeiceann an tAire dualgas a bheith ar Roinn na Gaeltachta maidir leis na háiseanna pobail seo a choinneáil i gcaoi mhaith chun rochtain cheart a thabhairt do na pobail sin agus daoine a choinneáil sna ceantair,” a dúirt an seanadóir Ó Clochartaigh.
Fág freagra ar 'Díomá ar Ó Clochartaigh nach gcuirfear aon mhaoiniú ar fáil don Scéim Bóithre Pobail i gceantair Ghaeltachta'