Díomá ar Kyne nach gcuirfear maoiniú ar fáil d’ábhair oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht

Kyne buartha chomh maith go mbíonn ar ábhar oidí an iomarca ama a chaitheamh ‘ag rince’ seachas ag foghlaim ar chúrsaí

Sean-Kyne2

Tá ‘díomá’ ar Sheán Kyne TD (FG) nach bhfuil sé i gceist ag an Aire Oideachias an maoiniú a bhíodh ar fáil d’ábhair oidí chun tréimhse a chaitheamh a chur in áit an athuair.

Chuir an cúlbhinseoir ó phríomhpháirtí an Rialtais ceist ar an Aire Oideachais Jan O’Sullivan sa Dáil an tseachtain seo caite faoin scéim mhaoinithe a bhíodh i bhfeidhm do mhic léinn i gcoláistí oiliúna agus faoi fhad na tréimhse a chaitear sa Ghaeltacht.

Thug an tAire O’Sullivan le fios don Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar nach í féin ach an Chomhairle Múinteoireachta a shocraíonn cláir oiliúna na múinteoirí agus mar sin nach raibh sé de chumhacht aici síneadh a chur leis an tréimhse.

Dúirt sí freisin gur tugadh tús áite do chosaint na n-acmhainní do sheirbhísí brollaigh oideachais, agus nach “gan mhachnamh” a fuarthas réidh leis an deontas don tréimhse Ghaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála go raibh deacrachtaí eile le cuid de na cúrsaí de mhic léinn seachas fadhb an mhaoinithe.

“Níl an t-airgead acu chun an scéim sin a thabhairt ar ais agus tá díomá orm faoi sin. Ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil go leor múinteoirí ag rá nach raibh siad sásta leis an gcúrsa a bhí acu; bhí deacrachtaí acu agus bhraith siad nár bhain siad mórán as an struchtúr don am a chaith siad sa nGaeltacht.

“Bhí cupla uair sa lá i rang agus ansin bhí siad, níl a fhios agam ag damhsa agus rudaí mar sin, don chuid eile den lá. Tá sé sin ráite go minic,” a dúirt an Teachta Kyne le Tuairisc.ie

“The decision to abolish the Gaeltacht Placement grants, from September 2012 was not taken lightly, and has to be viewed in the context of the prevailing requirement to reduce costs and to achieve efficiencies where possible.

“Priority was given to protecting resources for front line education services as far as possible in the coming years, which is especially challenging with rising numbers of school-going children. For the reasons outlined above, I am not in a position to reinstate funding to this area,” a dúirt O’Sullivan.

Dúirt an Teachta Kyne nach raibh a fhios aige céard ab fhéidir a dhéanamh le feabhas a chur ar an scéal gan maoiniú.

“Táthar a rá go mb’fhéidir go mbeadh siad in ann ranganna níos fearr a chur ar fáil seachas dul go dtí an Ghaeltacht. I mo thuairim phearsanta, caithfidh siad dul go dtí an Ghaeltacht agus caithfidh an cúrsa a bheith níos fearr,” a dúirt sé.

Dúirt an Kyne go raibh deacrachtaí eile le cuid de na cúrsaí de mhic léinn seachas fadhb an mhaoinithe.

“Níl an t-airgead acu chun an scéim sin a thabhairt ar ais agus tá díomá orm faoi sin. Ach an rud is tábhachtaí ná go bhfuil go leor múinteoirí agus ábhar múinteoirí ag rá nach raibh siad sásta leis an gcúrsa a bhí acu. Bhí deacrachtaí acu agus bhraith siad nár bhain siad mórán as struchtúr an chúrsa le linn an ama a chaith siad sa nGaeltacht.

“Bhí cupla uair sa lá i rang acu agus ansin bhí siad, níl a fhios agam ag damhsa agus mar sin, don chuid eile den lá. Tá sé sin ráite go minic liom,” a dúirt an Teachta Kyne le Tuairisc.ie. 

Fág freagra ar 'Díomá ar Kyne nach gcuirfear maoiniú ar fáil d’ábhair oidí chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht'