‘Díomá’ ar Ghrúpa Gnímh an N59 faoi chaint ‘lagbhríoch’ ó Chomhairle Bhardasach Chonamara

Deir Seosamh Ó Cuaig go dtabharfaidh leithéid an ráitis a rinne Cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara faoin N59 ‘ugach’ dóibh siúd a cheapann ‘gur leor scráib ghainimh agus ruainne tarra’

‘Díomá’ ar Ghrúpa Gnímh an N59 faoi chaint ‘lagbhríoch’ ó Chomhairle Bhardasach Chonamara

Tá “iontas” agus “díomá” ar Ghrúpa Gnímh an N59 faoi ráiteas Chathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara, an Comhairleoir Noel Thomas as Maigh Cuilinn, nach rachfaí ar aghaidh le héileamh an ghrúpa maidir le forbairt an bhóthair.

Dúirt ceannasaithe an Choiste Gnímh, Seosamh Ó Cuaig agus Josie Conneely, gur “brónach” é ráiteas an Chomhairleora.

Dúirt an Comhairleoir Thomas ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Bhardasach Chonamara nárbh fhacthas dósan go rachfaí ar aghaidh ar chor ar bith leis an bplean iomlán forbartha ar an N59 idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite.

B’fhearr anois, a dúirt sé, béim a leagan ar an obair theoranta atá ceaptha don stráice 10 gciliméadar as Uachtar Ard siar – líonadh sclaigeanna, líonadh gleannta sa mbóthar agus obair fheabhsúcháin ar an dromchla.   

Níor dhúirt duine ar bith eile de Chomhairleoirí Chonamara a d’fhreastail ar an gcruinniú ’sea ná ní hea leis an gcaint sin agus deir ceannasaithe Ghrúpa Gnímh an N59 go bhfuil “díomá agus iontas” ar dhaoine faoin gcaint “lagbhríoch” a rinneadh. 

“Is brónach an scéal é má tá an Comhairleoir Thomas – mar chathaoirleach ar an Údarás Bardasach – théis an tuáille a chaitheamh isteach.”

“Cheapfá go mbeadh gleo tarraingthe ag a leithéid seo de ráiteas ag cruinniú de Chomhairleoirí Chonamara.  ’Sé an chaoi a dtugann ráiteas mar sin ugach dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh mórán airgid a chaitheamh i gConamara; ceapann siadsan gur leor scráib ghainimh agus ruainne tarra.”

Dúirt Josie Conneely ón nGrúpa Gnímh go bhfuil “ómós” aige féin do Noel Thomas agus go raibh “iontas air an iarraidh seo” faoin “gcaint ghéilliúil atá ar siúl aige”.  Dúirt Conneely “go bhfuil a fhios ag an saol” nach maireann obair shealadach mar atá beartaithe anois ach achar gearr blianta i gConamara. 

“Caithfear coinneáil go láidir leis an éileamh ar an bhforbairt cheart – cartadh síos go leic agus tosú as sin.  Teastaíonn bóthar ceart mar sin i gConamara.”

Is é an N59 an príomhbhóthar idir Gaillimh agus an Clochán agus is é an príomhbhealach taistil é ag cuid mhaith pobail Ghaeltachta freisin.  Thug an Bord Pleanála cead forbartha le haghaidh scéim mhór oibre ar an mbóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite in 2013.  Ach ní féidir a dhul ar aghaidh leis an obair sin fós mar nach bhfuil Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag glacadh le pleananna oibre Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ar chúiseanna timpeallachta. 

Cuireadh coinníoll neamhghnách sa gcead forbartha a thug an ceart agus an chumhacht sin dóibh.

I bhfianaise na moille sin, shocraigh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Bonneagar Iompair Éireann go ndéanfaí obair shealadach dheisiúcháin idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite agus tá sé sin le tosú faoi cheann tuairim is sé seachtaine.  Ach tá Coiste Gnímh an N59 imníoch nach rachfar ar aghaidh leis an bplean iomlán, cuimsitheach agus go maífear gur leor an obair shealadach.  Baineadh “preab níos mó fós astu” an tseachtain seo, a dúradar, de bharr na cainte a rinne cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara, comhairle ar a bhfuil  naonúr Comhairleoirí thoghcheantar Chonamara agus feidhmeannaigh as Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Fág freagra ar '‘Díomá’ ar Ghrúpa Gnímh an N59 faoi chaint ‘lagbhríoch’ ó Chomhairle Bhardasach Chonamara'