‘Díomá’ ar gach taobh faoin moill is déanaí ar bhille chun cearta teanga a neartú

Ní bheidh aon rogha eile ag baill Choiste Gaeilge an Oireachtais ach an chéad chéim eile d’aistear an bhille trí thithe an Oireachtais a chur siar tráthnóna toisc nach bhfuil na leasuithe atá molta réitithe ná aistrithe

‘Díomá’ ar gach taobh faoin moill is déanaí ar bhille chun cearta teanga a neartú

Aontóidh baill Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna go gcuirfear an plé faoin mBille Teanga ar athlá go dtí an bhliain nua.

Níl bheidh aon rogha eile ag baill an choiste ach an chéad chéim eile dá aistear trí Thithe an Oireachtais a chur siar toisc nach bhfuil na leasuithe atá molta réitithe go hoifigiúil ná aistrithe le cur faoi bhráid an choiste.

Tá os cionn 300 leasú molta ar an mbille agus is amhlaidh nach raibh sé d’acmhainn ag córas Thithe an Oireachtais na leasuithe go léir a réiteach agus a aistriú in am.

Gealltar i gclár an rialtais go mbeidh an bille nua achtaithe roimh dheireadh 2020, ach, mar a tuairiscíodh anseo inné, is in earrach 2021, ar a luaithe, a dhéanfar sin anois.

Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go bhfuil “díomá” orthu faoin moill ar achtú an bhille.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur údar díomá é don eagraíocht teanga tuilleadh moille a bheith curtha ar achtú an bhille agus go gcaithfear anois soiléiriú a thabhairt maidir le cén uair a thosófar an obair sa bhliain nua.

“Ba mhaith linn deimhniú a fháil ar cén uair a chuirfear os comhair an chomhchoiste arís é,” arsa de Spáinn.

Deir baill an choiste gurbh fhearr leo go mbeadh “bille láidir” ann seachas bille a chuirfí tríd an Oireachtas “róthapa” agus aontaíonn de Spáinn leis an tuairim sin.

“An rud is tábhachtaí ag deireadh an lae ná go mbeidh bille láidir ann. Tá sé sin níos tábhachtaí ná cé acu an bpléifear é mí na Nollag nó mí Eanáir,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

“Más gá é a phlé mí Eanáir is gá é a phlé mí Eanáir, ach caithfear é a dhéanamh i gceart chun é a láidriú.”

Deir de Spáinn go léiríonn an mhoill atá ar Oifig na mBillí na leasuithe atá molta a aistriú nach bhfuil siad i dtaithí ar leasuithe a fháil i nGaeilge agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin amach anseo chomh maith.

Idir an dá linn, beidh an scríbhneoir Liam Mac Cóil agus an t-abhcóide Cynthia Ní Mhurchú os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna chun a dtuairimí a thabhairt faoin mbille teanga.

Is iadsan na finnéithe deireanacha thiocfaidh os comhair an choiste chun plé a dhéanamh ar an mbille.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh:

“Mar dhaoine atá aitheanta sa phobal agus mar dhaoine a bhfuil an Ghaeilge curtha chun cinn acu i ngach gné dá saol, agus mar shaineolaithe ar an nGaeilge agus ar an dlí, beidh an-suim ag comhaltaí an Chomhchoiste forálacha an bhille a phlé le Cynthia agus Liam, agus tá súil agam go n-éistfidh an tAire le cad a bheidh le rá acu maidir le forálacha an bhille.”

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfear bille os comhair na Dála a chinnteoidh seirbhísí poiblí dátheangacha do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge chomh luath agus is féidir.

“Ní féidir leis an nGaeilge, mar theanga bheo, ná ní féidir le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, fanacht deich mbliana eile go dtí go mbeidh tús curtha leis an bpróiseas seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil.

“Mar sin, beidh muid ag iarraidh ar an Aire na moltaí dearfacha atá curtha faoi bhráid Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a ghlacadh, chun leas na Gaeilge.

“Níl an bille, mar atá sé á mholadh ag an Aire faoi láthair, oiriúnach don fheidhm atá aige, agus má sheolfar ar aghaidh é gan na leasuithe cuí, beidh deis mhór caillte againn cosaint cheart a dhéanamh ar an nGaeilge, agus an Ghaeltacht a tharrtháil. Tá súil agam nach dtarlóidh sé seo ach go gcuirfear Acht cumasach i bhfeidhm chomh luath agus is féidir.”

Fág freagra ar '‘Díomá’ ar gach taobh faoin moill is déanaí ar bhille chun cearta teanga a neartú'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.