
Tá “díomá” ar Lorcán Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil Ard-Stiúrthóir RTÉ Noel Curran ag éirí as a phost.
I ráiteas a d’eisigh sé aréir, dúirt Ó Cinnéide gur “cara mór” le craoltóireacht na Gaeilge ab ea Curran ó ceapadh mar Ard-Stiúrthóir é.
“Cé nách bhfuil sé féin líofa sa teanga, creideann sé go mór i dtábhacht na Gaeilge ag croílár na craoltóireachta seirbhíse poiblí,” a dúirt Lorcán Ó Cinnéide, Cathaoirleach Chomhairle RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Ó Cinnéide go ndein Curran beart de réir a bhriathair nuair a cheap sé Grúpcheannasaí Gaeilge agus nuair a thacaigh sé le straitéis nua Gaeilge RTÉ.
Dúirt sé go raibh Curran ar fáil aon uair a bhí sé á lorg chun casadh le Comhairle Raidio na Gaeltachta nó chun labhairt leis féin mar chathaoirleach na Comhairle.
“Bhí sé i gcónaí oscailte, ionraic agus dearfach. Táim ag súil le bualadh leis in athuair ag cruinniú an Oireachtais don gComhairle. Guím gach rath air sa todhchaí,” a dúirt Ó Cinnéide.
Dúirt sé go raibh súil aige go leanfadh an té a thiocfadh i gcomharbacht ar Curran leis an obair a bhí á déanamh maidir le forbairt na craoltóireachta Gaeilge.
“Tá clár an-mhór oibre le cur i bhfeidhm,” a dúirt Lorcán Ó Cinnéide.
D’fhógair Noel Curran inné go raibh sé ag éirí as a phost chun tabhairt faoi ‘dhúshláin nua’.
Fág freagra ar '‘Díomá’ ar Chathaoirleach RnaG faoi imeacht Noel Curran ‘cara mór’ le craoltóireacht na Gaeilge'