‘Díomá’ ar Chathaoirleach Fhoras na Gaeilge faoi thinreamh íseal ar chúrsa oiliúna

Thug Roinn na Gaeltachta treoir d’Fhoras na Gaeilge go gcaithfí ceardlann a eagrú athuair ar a gcostas féin

‘Díomá’ ar Chathaoirleach Fhoras na Gaeilge faoi thinreamh íseal ar chúrsa oiliúna

Thug Roinn na Gaeltachta treoir d’Fhoras na Gaeilge ceardlann oiliúna ar an rialachas corparáideach a eagrú do bhaill Bhord an Fhorais toisc a laghad acu a d’fhreastail ar cheardlann a d’eagraigh an Roinn dóibh roimhe sin.

Nuair nár fhreastail ach ceathrar as an 13 comhalta ar cheardlann rialachas corparáideach a bhí eagraithe ag an Roinn dóibh, tugadh treoir do Chathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir i mí Aibreán na bliana seo ceardlann oiliúna eile a eagrú ar chostas an Fhorais féin.

Rialachas corparáideach, tromaíocht agus ciapadh san ionad oibre na hábhair a bhí ar an gclár oibre don cheardlann oiliúna nár fhreastail naonúr de bhaill an bhoird uirthi.

Ag cruinniú boird a tionóladh sa Rinn i mí Aibreáin, chuir an Cathaoirleach in iúl do na comhaltaí go raibh ‘díomá’ air nár fhreastail ach ceathrar acu ar an gcúrsa oiliúna. Mheabhraigh sé do na baill go raibh sé ‘de dhualgas orthu’ freastal ar sheisiún oiliúna dá leithéid agus gurb í an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar iarratas ó Aire na Gaeltachta, a d’eagraigh an cheardlann oiliúna.

Thug Pól Ó Gallchóir le fios gur chuir oifigeach sinsearach de chuid na Roinne “míshástacht” na Roinne “faoin drochfhreastal” in iúl dó. Dúradh gur bhain costas nach beag leis an gceardlann agus dúradh go mbeadh an tAire ag scríobh chuig Cathaoirleach an Bhoird i leith na ceiste.

Dhearbhaigh Ó Gallchóir go raibh ‘treoir’ tugtha ag an Roinn dó mar Chathaoirleach go gcaithfí an cheardlann a eagrú “in athuair ar chostas Fhoras na Gaeilge”. Chaithfí sin a dhéanamh a luaithe agus a d’fhéadfaí ar mhaithe leis na comhaltaí nár fhreastail ar an gceardlann ar íoc an Roinn aisti. 

Tá an t-eolas faoi dhíomá Chathaoirleach an Fhorais agus míshástacht na Roinne faoin tinreamh íseal ar an gceardlann ar fáil i miontuairiscí chruinnithe an Fhorais atá foilsithe ar a suíomh gréasáin.

I mí Eanáir a cuireadh na comhaltaí ar an eolas faoin gceardlann oiliúna a bheadh á heagrú ag an Roinn “go luath”.

Ag cruinniú na míosa sin d’iarr na comhaltaí go gcuirfí ar aghaidh chuig an Roinn ainmneacha “roinnt daoine le Gaeilge” a bheadh ábalta an oiliúint a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Aontaíodh ag cruinniú an Mhárta den Bhord gur ar an 15 Aibreán a bheadh an ‘lá oiliúna’ sa rialachas corparáideach ar siúl i gceannáras an Fhorais i mBaile Átha Cliath.

Tugadh le fios ina dhiaidh sin gur pléadh ceisteanna ag an lá oiliúna faoin gcoimhlint leasa a bhíonn ag comhaltaí boird in amanna. Dúradh gur pléadh an t-ábhar ‘go mion’ ag an cheardlann agus go mbeadh sé ar an gclár arís ag an gceardlann oiliúna eile a chaithfeadh an Foras féin a eagrú.

De réir chleachtas an Fhorais, fágann comhaltaí cruinnithe de chuid an bhoird nuair a bhíonn ábhar ar bith faoi chaibidil a bhfuil an baol ann go mbeadh coimhlint leasa i gceist leis.

Bhí plé cuimsitheach ar an gceist maidir le baol coimhlintí leasa na gcomhaltaí boird ag cruinniú mhí Aibreáin.

Fág freagra ar '‘Díomá’ ar Chathaoirleach Fhoras na Gaeilge faoi thinreamh íseal ar chúrsa oiliúna'

  • Pat Butler

    Ainmnigh na comhaltaí nár fhreastal ar chúrsa na Roinne.

  • Máirtín G. Ó Maicín

    Murar féidir iad a ainmniú, ainmnigh na comhaltaí a d’fhreastal agus beidh a fhios againn ansin.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Cé a scríobh an t-alt agus cé an fáth nár ghlaoigh sí ar na comhaltaí go bhfiosraí sí ar fhreastlaíodar nó nár fhreastlaíodar ar an gcúrsa??