Díomá ar Bhéal an Mhuirthead ach údar ceiliúrtha ag mná na Rinne agus Maigh Cuilinn

Tá rás Chloich Cheann Fhaola i gCraobh Idirmheánach Peile Uladh rite tar éis do sheaimpíní Dhoire an ceann is fearr a fháil orthu sa chéad bhabhta

Díomá ar Bhéal an Mhuirthead ach údar ceiliúrtha ag mná na Rinne agus Maigh Cuilinn

Maigh Eo

Caithfidh peileadóirí Bhéal an Mhuirthead fanacht tamall eile le Craobh Shinsir Mhaigh Eo a bhuachan den chéad uair tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo a chailliúint in aghaidh an Chnoic Mhóir, 1-9 in aghaidh 0-6. Ba iad an Cnoc Mór seaimpíní na bliana seo caite agus bhí an taithí bhreise a bhí acu cinniúnach i gcluiche crua ar dheacair scóranna a fháil.

Thóg sé 28 nóiméad ar Bhéal an Mhuirthead a gcéad scór a fháil ach, gan ach dhá phointe faighte ag an gCnoc Mór ag an bpointe sin, seans go mbeadh fir cheantar Iorrais sásta go maith dá bhfanfadh an scór mar a bhí go dtí leath ama. Níor tharla sin, áfach, agus bhí an cúl a d’aimsigh James Ruddy díreach roimh an mbriseadh an-tábhachtach.

Bhí fear sa bhreis ag Béal an Mhuirthead ag tús an dara leath agus cárta dubh taispeánta do Connell Dempsey ach níor éirigh leo an bhearna a laghdú. Is in olcas a chuaigh cúrsaí sa tréimhse sin agus fuair an Cnoc Mór dhá phointe eile, rud a d’fhág go raibh sé phointe idir na foirne.

D’éirigh le scóranna ó Eamon McAndrew, Ryan O’Donoghue agus Shea O’Donoghue an bhearna a laghdú go dtína leath agus ceathrú uaire fágtha ach nuair a cuireadh Marty Boylan Bhéal an Mhuirthead den pháirc le cárta dubh, chaill siad go leor den mhóiminteam a bhí acu.

D’aimsigh an t-ógánach Owen McHale pointe do Bhéal an Mhuirthead chun dhá phointe a chur idir na foirne ach d’aimsigh an Cnoc Mór na chéad trí scór eile den chluiche chun Béal an Mhuirthead a chloí.

Gaillimh

Níl sé ach trí mhí ó chaill iománaithe Mhaigh Cuilinn cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe 2020, a bhí curtha siar de thoradh na paindéime, ach tá dearmad déanta anois ar an mbriseadh croí sin agus cluiche ceannais 2021 tugtha leo acu ag an deireadh seachtaine.

Bhí gach cuma ar an scéal gur cailliúint eile a bhí i ndán d’fhir Chonamara agus iad pointe chun deiridh ar Chill Íomair agus na ceithre nóiméad den am cúitimh a bhí fógartha caite. Thug an réiteoir seans amháin eile dóibh, áfach, agus nuair nár éirigh le cúl báire Chill Íomair greim a choinneáil ar iarracht a thit i mbéal an chúil, bhí Niall Mannion san áit cheart chun an sliotair a chur isteach san eangach agus an cluiche a bhuachan do Mhaigh Cuilinn.

Údar mór faoisimh a bhí sa chúl sin don Mhainníneach, a chuir poc éirice amú nuair a bhí Maigh Cuilinn dhá phointe chun deiridh agus gan ach cúig nóiméad fágtha. D’aimsigh Éanna Noone agus James Bradley pointí chun fir na Gaeltachta a thabhairt ar ais ar comhscór ach bhí an chuma orthu go mbeidís bliain eile sa Chraobh Idirmheánach nuair a shlánaigh David Daly buille saor do Chill Íomair agus an t-am istigh.

Is beag a bhí idir na foirne i rith an chluiche agus bhí siad ar comhscór ag leath ama, 0-6 an taobh. Chuaigh Maigh Cuilinn chun cinn ag tús an dara leath nuair a d’aimsigh James Bradley cúl don tríú cluiche as a chéile. Ar ais le Cill Íomair agus bhí siad dhá phointe chun tosaigh ag an mbriseadh uisce tar éis do Kevin Hanney cúl a scóráil.

Ach ní raibh rás Mhaigh Cuilinn rite fós agus d’fhág cúl Mannion go bhfuil a fhoireann ar ais i gCraobh Shinsir Iomána na Gaillimhe an bhliain seo chugainn.

Port Láirge

Amhail Mhaigh Cuilinn, bhí mná na Rinne ag ceiliúradh ag an deireadh seachtaine agus Craobh Idirmheánach Camógaíochta Phort Láirge tugtha leo acu tar éis dóibh cluiche ceannais 2020 a chailliúint.

Fuair mná na Gaeltachta an ceann is fearr ar Mhaigh Dheilge sa chluiche ceannais, farasbarr dhá phointe acu ar deireadh, 1-11 in aghaidh 1-9.

Cé go raibh an Rinn sé phointe chun tosaigh ag leath ama, 1-7 in aghaidh 0-4, bhí orthu teacht aniar a dhéanamh sna nóiméid dheireanacha chun an cluiche a bhaint.

Ba í Fiona Rochford laoch na foirne agus an dá scór deireanach faighte aici tar éis do Lilly Anne McGill pointe a fháil chun an Rinn a chur ar ais ar comhscór tar éis 56 nóiméad. D’aimsigh Rochford, bean a bhuaigh Craobh Uile-Éireann le Loch Garman in 2012, 1-9 den 1-11 a scóráil an Rinn sa chluiche ceannais, an cúl sin díreach ag deireadh an chéad leatha.

D’aimsigh Maigh Dheilge 1-3 as éadan sa chéad deich nóiméad den dara leath agus bhí na foirne ar comhscór. Ba iad mná na Rinne a bhí ag ceiliúradh sa deireadh agus Craobh Idirmheánach Phort Láirge buaite acu den dara huair le ceithre bliana anuas.

Dún na nGall

Tá rás Chloich Cheann Fhaola i gCraobh Uladh rite agus an ceann is fearr faighte ag cumann Dhoire, Brian Óg, Baile Stíl, orthu sa chéad bhabhta.

Ní raibh ach 13 imreoir ag Cloich Cheann Fhaola ag deireadh an chluiche agus John Fitzgerald agus Paul Sweeney curtha den pháirc sa cheathrú uaire dheireanach. Ba bheag nár éirigh le fir an Fháil Charraigh an cluiche a bhaint ach, agus iad dhá phointe chun deiridh, bhuail siad an trasnán ag fíordheireadh an chluiche agus is le Baile Stíl a bhí an lá, 0-13 in aghaidh 1-8.

Chuir cúl Paul Sweeney Cloich Cheann Fhaola trí phointe chun cinn sa chéad leath ach d’aimsigh fir Dhoire trí phointe as a chéile chun na foirne a fhágáil cothrom ag an mbriseadh, 1-5 in aghaidh 0-8.

Bhí an t-imreoir contae Ben McCarron cruinn ó na ciceanna saora do Bhaile Stíl agus bhí siad imithe pointe chun cinn, 0-10 in aghaidh 1-6 nuair a taispeánadh an chéad chárta dearg do John Fitzgerald. Cuireadh Sweeney den pháirc seacht nóiméad ina dhiaidh sin agus cé gur taispeánadh cárta dubh do McCarron roimh dheireadh an chluiche, d’éirigh le Baile Stíl an fód a sheasamh.

Fág freagra ar 'Díomá ar Bhéal an Mhuirthead ach údar ceiliúrtha ag mná na Rinne agus Maigh Cuilinn'