
Tá a “dhíomá” curtha in iúl go hoifigiúil ag Comhordaitheoir 2016 Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin, do lucht bainistíochta Reilig Ghlas Naíon maidir leis an aithriseoireacht a dhéantar ar óráid cháiliúil an Phiarsaigh gach lá sa reilig.
Fágtar an chuid Ghaeilge den óráid ar lár agus í á haithris agus ní deirtear leis an lucht éisteachta – ar grúpaí turasóireachta go leor díobh, chomh maith le grúpaí scoile – go bhfuil cuid den óráid ar lár.
Dúirt Ó Seireadáin, i litir a chuir sé chuig údaráis na reilige inné go bhfuil díomá air “nach bhfuil Reilig Ghlas Naíon ag aithris na hóráide go cruinn agus ina hiomláine, mar a thug Pádraig Mac Piarais uaidh í”.
“Loitear an téacs tábhachtach stairiúil seo nuair a chuirtear an chuid Ghaeilge de i mBéarla nó nuair a fhágtar ar lár ar fad í, agus tugtar míléamh ar theachtaireacht fhollasach na hóráide, a chuirtear in iúl leis an reitric a mhúnlaigh an Piarsach, agus teachtaireacht intuigthe na hóráide, a chuirtear in iúl leis an rogha teanga a rinne an Piarsach nuair a chum sé í. Cuirtear isteach freisin ar rithim, ar fhoirm agus ar struchtúr an téacs.
“Creideann conradh na Gaeilge go mb’fhearr i bhfad don phobal é dá ndéanfaí aithris dhílis, iomlán den óráid a bheadh cruinn ó thaobh na staire de, díreach mar a thug an Piarsach uaidh í,” a scríobh sé.
Tá scéal Reilig Ghlas Naíon ag cothú conspóide le tamall anuas i measc chainteoirí Gaeilge. Bhí Jack Ó Drisceoil, fear atá i mbun feachtais leis an gcuid Ghaeilge den óráid a chur ar ais san aithriseoireacht, ag caint le Eva Ní Shúilleabháin ar Raidió na Life faoi agus bhí sé ar an gclár Cormac@Cúig arú aréir. Bhí an t-ábhar á phlé ar an gclár Rónán Beo@3 coicís ó shin. Tá go leor airde tarraingthe ar an gceist ag daoine eile ar na meáin shóisialta le cúpla mí anuas.
Seán Ó Riain
Cinsireacht scannalach is ea aon chuid d’óráid an Phiarsaigh a fhágaint ar lár.