Díoltas bainte amach ag Naomh Conaill, an Rinn slán ach an Daingean cloíte ag gaisce Uí Mhurchú

Bhí ábhar ceiliúrtha freisin ag fear as Gaoth Dobhair i gcluiche ceannais na Mí agus ag mná Mhicheál Breathnach i nGaillimh

Díoltas bainte amach ag Naomh Conaill, an Rinn slán ach an Daingean cloíte ag gaisce Uí Mhurchú

Imreoirí Naomh Conaill ag ceiliúradh a mbua. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Dún na nGall

Bhí cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall 2022 cosúil le ceann na bliana seo caite sa chaoi gur tháinig foireann amháin aniar aduaidh ar an dream a bhí mar rogha láidir na coitiantachta roimh an chluiche ach murab ionann agus anuraidh, Naomh Conaill a bhí ag ceiliúradh bua in aghaidh Naomh Adhamhnáin an deireadh seachtaine seo agus Corn an Dochtúra Mhig Uidhir ar ais sna Gleannta den séú huair riamh.

Ó 2005 i leith a fuarthas na buanna sin uile agus d’fhág an mianach atá léirithe ag Naomh Conaill sna blianta ó shin nár chiallmhar an beart iad a chur as an áireamh sa chluiche ceannais seo.

Seans gur chabhraigh an drochaimsir le Naomh Conaill mar cé go raibh cuid dá gcoisíocht caillte ag seanfhondúirí na foirne bhí an taithí acu a chuaigh chun leasa na foirne Dé Sathairn. Ba mhór an chabhair freisin an cárta dearg a taispeánadh do Shane O’Donnell ó Naomh Adhamhnáin díreach roimh leath ama, cárta dearg a bhí dian go maith ar an tosach, déanta na fírinne.

D’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite ag Naomh Conaill fiú gan fear breise. Ní raibh Naomh Adhamhnáin leath chomh maith agus a bhíodar i rith na craoibhe agus ba léir luath go maith sa chluiche nach mbeadh mórán idir na foirne.

Chuir Naomh Conaill tús níos fearr leis an gcluiche ach tugadh spreagadh d’fhir Leitir Ceanainn nuair a scóráil Eoin McGeehin cúl théis 13 nóiméad. Bhí Naomh Adhamhnáin cúpla pointe chun tosaigh ag leath ama, 1-3 in aghaidh 0-4, ach bhí an ghaoth i seolta Naomh Conaill ag tús an dara leath agus nuair a scóráil Charles McGuinness cúl dóibh théis 40 nóiméad, bhíodar féin imithe dhá phointe chun tosaigh.

Bearna trí phointe a bhí ann agus gan ach deich nóiméad fágtha ach tháinig Naomh Adhamhnáin ar ais ar comhscór leis an dara cúl, an ceann seo faighte ag Kevin Kealy théis pas mór fada isteach go himeall na cearnóige. D’aimsigh Ciarán Thompson agus Conor Morrison pointe an duine chun na foirne a fhágáil cothrom arís ach ba é scór Thompson ó chic saor théis 57 nóiméad an ceann cinniúnach a d’fhág an cluiche ag Naomh Conaill faoi dheireadh, 1-9 in aghaidh 2-5.

Mar a luaigh an Donegal Democrat, ba iad Naomh Conaill an cúigiú foireann sa chontae a bhuaigh craobh i mbliana tar éis dóibh cluiche ceannais na bliana seo caite a chailliúint. Bhuaigh An Clochán Liath (Craobh Idirmheánach na bhfear), Gaeil Leitir Ceanainn (Craobh Shóisir na bhfear), An Tearmann (Craobh Shinsir na mban) agus Setanta (Craobh Shinsir Iomána) cluichí ceannais in 2022 freisin tar éis dóibh cliseadh anuraidh.

Bhí Conallach eile ag ceiliúradh bua i gcraobh chontae ag an deireadh seachtaine agus Ciarán Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair mar chuid d’fhoireann Ráth Tó a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na Mí. Bhuaigh Ráth Tó ar Chnoc na Línsigh inné, 0-12 in aghaidh 0-11, agus tá a thríú bonn contae ag Ó Fearraigh leis an gcumann.

Ciarán Ó Fearraigh. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

Ciarraí

Bhí Paul Murphy ina chrá croí ag lucht peile an Daingin agus d’aimsigh cosantóir Chiarraí cúilín den scoth agus an t-am caite chun foireann na Gaeltachta a dhíbirt ó chraobh an chontae agus áit a bhaint amach sa chluiche ceannais do Chiarraí Thoir.

Bhí trí nóiméad go leith den am cúitimh ag deireadh an chluiche caite nuair a fuair Murphy seilbh ar an liathróid breis is 50 slat amach ón chúl ach lascáil sé iarracht iontach thar an trasnán chun bua 1-9 in aghaidh 1-8 a thabhairt do sheaimpíní 2020. Tabharfaidh Ciarraí Thoir aghaidh anois ar Chiarraí Láir, an dream céanna a chloíodar sa chluiche ceannais dhá bhliain ó shin.

D’fhág báisteach throm nach raibh caighdeán na peile idir an Daingean agus Ciarraí Thoir chomh maith agus a bhí daoine ag súil leis ach géarchoimhlint a bhí ann mar sin féin.

D’éirigh leis an Daingean David Clifford a choinneáil faoi chois agus ní raibh scór ar bith ón imirt aige féin ná ag iarpheileadóir na bliana, James O’Donoghue. Scóráil Clifford pointe amháin ó chic saor ach ba dheacair dó éalú ó Tom O’Sullivan, Mark O’Connor agus Conor O’Sullivan, triúr a chaith sealanna á mharcáil.

Bhí Paul Geaney ag dul go maith ar an taobh eile den pháirc agus trí phointe faighte aige sa chéad leath chun an Daingean a chur 0-5 in aghaidh 0-3 chun tosaigh ag an mbriseadh ach bhí Ciarraí Thoir ar ais ar comhscór luath sa dara leath.

Buaileadh buille crua ar fhir an Daingin nuair a bhí ar Mikey Geaney an pháirc a fhágáil agus é gortaithe ach scóráil a chol ceathrair Paul cúl chun iad a chur chun tosaigh arís. Ní fada a bhí siad chun tosaigh go raibh cúl faighte ag Paudie Clifford chun cúrsaí a chothromú arís.

Cuireadh Ronan Buckley den pháirc ar Chiarraí Thoir agus thart ar 20 nóiméad fágtha ach, cé go ndeachaigh an Daingean chun tosaigh trí huaire idir sin agus deireadh na himeartha, bhí freagra ag Ciarraí Thoir dóibh gach aon uair. Nuair a d’aimsigh Paul Murphy a chúilín iontach agus an t-am caite, ní raibh an deis ag an Daingean freagra dá gcuid féin a thabhairt.

Paul Murphy. Pic: INPHO/Laszlo Geczo

I gCraobh Shinsir Chiarraí Thiar, bhuaigh an Ghaeltacht ar Chaisleán Ghriaire, 0-11 in aghaidh 0-9 chun áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Imreoidh siad buaiteoirí an chluiche idir an Daingean agus Abhainn an Scáil.

Gaillimh

Tá rás Mhaigh Cuilinn i gCraobh Shinsir Iomána na Gaillimhe rite agus an ceann is fearr faighte ag Ceapaigh an tSeagail orthu sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ag an deireadh seachtaine. Farasbarr seacht bpointe a bhí ag na fir as Gaillimh thoir, 0-17 in aghaidh 0-10.

Bhí cóir na gaoithe ag Maigh Cuilinn sa chéad leath agus is iad a fuair an chéad trí phointe sa chluiche ach thóg Ceapaigh an tSeagail ceannais ar chúrsaí ina dhiaidh sin agus bhíodar 0-9 in aghaidh 0-7 chun cinn ag leath ama. Fuair fir Cheapaí seacht bpointe as a chéile ag tús an dara leath leis an mbua a chinntiú agus áit sna babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach den séú huair le seacht mbliana anuas.

Bhí scéal níos fearr ag mná Mhicheál Breathnach agus Craobh Shóisir B Peile na Gaillimhe buaite acu Dé Sathairn. Bearna cúig phointe a bhí idir iad féin agus Baile an Mhuilinn, 2-9 in aghaidh 1-7, agus Micheál Breathnach ag ceiliúradh arís tar éis dóibh Craobh Shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan níos luaithe i mbliana.

Port Láirge

Laoch a bhí arís i Liam Ó Lonáin ag foireann peile na Rinne arís nuair a scóráil an seanfhondúir 2-2 chun an fhoireann a choinneáil slán i gCraobh Shinsir Peile Phort Láirge an chéad bhliain eile.

Liam Ó Lonáin. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bua naoi bpointe a bhí ag an Rinn ar chumann an tSlánaitheora ar deireadh, 2-11 in aghaidh 0-8, ach bhí scóranna Uí Lonáin ag teastáil go géar chun an bhearna sin a chruthú. Bhí na foirne ar comhscór, 0-3 an taobh, nuair a fuair Ó Lonáin a chéad chúl théis 19 nóiméad agus nuair a d’aimsigh sé ceann eile trí nóiméad isteach sa dara leath, chuir sé an Rinn ocht bpointe chun tosaigh agus cuma na maitheasa orthu.

Fág freagra ar 'Díoltas bainte amach ag Naomh Conaill, an Rinn slán ach an Daingean cloíte ag gaisce Uí Mhurchú'