Díocas dochreidte Luimnigh, luach a saothair faighte ag Loch Garman agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar chluichí ceannais na gcúigí agus ar na cluichí cáilithe a imríodh sa chraobh iomána agus sa chraobh peile ag an deireadh seachtaine

Díocas dochreidte Luimnigh, luach a saothair faighte ag Loch Garman agus ceachtanna eile

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Díocas dochreidte Luimnigh

Greadadh a tugadh do Thiobraid Árainn i gcluiche ceannais na Mumhan inné. Dhá phointe dhéag a bhí idir na foirne ag deireadh na himeartha agus an bua cumasach sin tuillte go maith ag Luimneach.

Thóg sé ceathrú uaire nó mar sin ar Luimneach socrú isteach sa chluiche ach chomh luath agus a d’éirigh leo sin a dhéanamh bhí Tiobraid Árann i dtrioblóid. Dá mbeadh Luimneach níos cruinne sa chéad leath sin, bheadh i bhfad níos mó ná dhá chúilín idir na foirne ag leath ama.

Chomh luath agus a fuair imreoir as Tiobraid Árann an liathróid, bhí beirt nó triúr i ngeansaithe glasa ina mhullach. Ní ar chosantóirí Luimnigh amháin a bhíonn an díocas sin mar bíonn sé ar gach imreoir ar an bhfoireann.

Ba é Kyle Hayes a d’aimsigh an cúl cinniúnach a chniog Tiobraid Árann sa dara leath ach ba é Peter Casey, an lántosaí ar dheis, a chruthaigh an deis nuair a sciob sé an liathróid ó James Barry.

Tharla an rud céanna i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh nuair a scóráil Tom Morrissey cúl tábhachtach tar éis dó an liathróid a ghoid ó Ghearóid McInerney agus bíonn an dúrúch oibre céanna ar na tosaithe uile.

Ní raibh Tiobraid Árann in ann ag neart agus déine Luimnigh inné agus má imríonn foireann John Kiely ar an gcaoi chéanna an chuid eile den samhradh, níl ceansú i ndán dóibh.

Lee Chin agus Davy Fitzgerald. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Luach a saothair faighte ag Loch Garman

Bua tábhachtach a bhí ann do Loch Garman agus do Davy Fitzgerald inné. Ar ndóigh, ba dheas craobh Laighean a bhuachan, go háirithe nuair nár bhuaigh Loch Garman í ó 2004, ach bhí corn tuillte ag an bhfoireann seo agus ag Davy as an dul chun cinn atá déanta acu ó ceapadh an Cláiríneach ina bhainisteoir ag deireadh 2016.

Is cinnte go bhfuil an fhoireann imithe i bhfeabhas ó shin. Rinne siad go maith ardú céime a bhaint amach ó Roinn 1B in 2017 agus shroich siad cluiche ceannais Laighean an bhliain chéanna. Baineadh drochthuisle astu in 2017 nuair a chaill siad mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe, rud a tharla arís anuraidh, agus chaill siad go leor den fhuadar a bhí fúthu.

Tabharfaidh bua an lae inné an-mhisneach dóibh anois agus iad ag prapáil do chluiche leathcheannais na hÉireann agus ceithre seachtaine ag Fitzgerald le plean a chur i dtoll a chéile.

Aidan O’Shea agus Stefan Campbell. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Deis ag Maigh Eo díoltas a bhaint amach

Beidh cath eile i bPáirc na nGael an deireadh seachtaine seo chugainn agus Gaillimh agus Maigh Eo ag teacht le chéile Dé Sathairn i mBabhta 4 na gcluichí cáilithe. Léirigh imreoirí Mhaigh Eo go bhfuil an-teacht aniar iontu go fóill sa chluiche den scoth a bhí acu in aghaidh Ard Mhacha an deireadh seachtaine seo agus deis faighte acu anois díoltas a bhaint amach ar fhoireann na Gaillimhe.

Fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu i ngach cluiche atá imeartha eatarthu le trí bliana anuas ach beidh James Horan ag iarraidh é sin a athrú. Níor chaill Horan aon chluiche i gcoinne na Gaillimhe sa chéad tréimhse a chaith sé ina bhainisteoir ar Mhaigh Eo agus an lámh in uachtar a fháil ar a shean-naimhde an sprioc atá roimhe arís.

Tá peileadóirí na Gaillimhe in ísle brí i ndiaidh an drochthaispeántas a thug siad i gcoinne Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht ach ba cheart go spreagfadh an choimhlint seo iad.

Tá coimhlint uile-Uladh ann an deireadh seachtaine seo chomh maith nuair a thabharfaidh an Cabhán agus Tír Eoghain aghaidh ar a chéile i gCluain Eois. Imreoidh Laois i gcoinne Chorcaí agus An Mhí agus An Clár a bheidh in aghaidh a chéile sa dá chluiche eile.

Dé Sathairn, 6 Iúil

Corcaigh v Laois – Staid Semple, 5.00pm

An Cabhán v Tír Eoghain – Páirc Naomh Tiarnach, 5.00pm (Beo ar Sky Sports)

Gaillimh v Maigh Eo – Páirc na nGael, 7.00pm (Beo ar Sky Sports)

Dé Domhnaigh, 7 Iúil

An Mhí v An Clár – Páirc Uí Mhórdha, 2.00pm (Beo ar RTÉ)

Fág freagra ar 'Díocas dochreidte Luimnigh, luach a saothair faighte ag Loch Garman agus ceachtanna eile'