Díocas buile ag teastáil ó Liverpool más fúthu Madrid a shárú

Is í an fhoireann is fearr a thiocfaidh i dtír ar laigí a gcéilí comhraic a bheidh ag ceiliúradh ag deireadh chluiche ceannais Shraith na gCuradh i gCív anocht

Díocas buile ag teastáil ó Liverpool más fúthu Madrid a shárú

Imreoir Liverpool, Mohamed Salah. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Anocht, beidh Real Madrid ag iarraidh Sraith na gCuradh a bhuachan don tríú bliain as a chéile, éacht nach bhfuil déanta ag aon fhoireann ó d’éirigh le Bayern Munich an gaisce  sin a dhéanamh idir 1974-1976.

Cé go bhfuil na Spáinnigh ag iarraidh a n-ainm a chur sa Táin anocht, ní gan dóchas a bheidh a gcéilí comhraic, Liverpool. Tá laigí sa dá fhoireann agus is í an fhoireann is fearr a thiocfaidh i dtír ar laigí a gcéilí comhraic a bheidh ag ceiliúradh ag deireadh an chluiche i gCív anocht.

Beidh tionchar mór ag na lánchúlaithe ar scéal an chluiche, go háirithe Trent Alexander-Arnold Liverpool agus Marcelo Real Madrid, a bheidh ag imirt ar an gcliathán céanna.

Tar éis do Alexander-Arnold drochthaispeántais a thabhairt uaidh sna cluichí móra i gcoinne Roma agus Manchester United le cúpla mí anuas, beidh súil ag Real Madrid cosantóir óg Liverpool a chur faoi bhrú. Beidh sé sin ar intinn ag Marcelo cinnte, duine de na lánchúlaithe is fearr ar domhan ó thaobh dul ar an ionsaí.

Ní fhaigheann Alexander-Arnold mórán cúnaimh ó Mohamed Salah ó thaobh na cosanta de mar go dtugtar saoirse don Éigipteach fanacht suas an pháirc. Cruthóidh an cur chuige sin fadhb mhór do Madrid mar, nuair a théann Liverpool ar an bhfrithionsaí, níl imreoir níos fearr ná Salah ann i láthair na huaire chun leas a bhaint as an spás os a chomhair amach.

Más tá seans ar bith le bheith ag Liverpool i gcluiche na hoíche anocht, caithfidh siad an fuinneamh buile atá iontu a léiriú agus Madrid a chur faoi bhrú mar níl aon amhras ach gur cumasaí na himreoirí atá ag Madrid i lár páirce.

Níl aon chleachtadh acu ar stíl Liverpool, áfach. Bhí peileadóirí breátha ag Manchester City i lár páirce ach ní raibh siad in ann an brú a chur Liverpool orthu a sheasamh nuair bhí foireann Jurgen Klopp sa mhullach orthu.

An fuinneamh atá iontu an bua is mó atá ag Jordan Henderson, James Milner agus Georginio Wijnaldum, ach tá Toni Kross agus Luka Modric ina máistrí i lár páirce ag Madrid. Má imríonn Isco leo agus má thugtar spás dóibh, déanfaidh siad scrios.

Is í an rud is iontaí atá léirithe ag Madrid i mbliana ná go bhfuil siad in ann cluichí a bhuachan gan iad a bheith ag imirt go miath. B’in mar tharla in aghaidh Bayern Munich sa bhabhta leathcheannais agus sa Bernabéu i gcoinne Juventus roimhe sin.

Seasfaidh taithí na gcluichí móra sin uile a bhuaigh siad le cúpla bliain anuas le Madrid anocht. Is minic go mbíonn an chuma ar Sergio Ramos agus a chomhghleacaithe i measc chosantóirí Madrid go bhfuil siad ar tí praiseach a dhéanamh dá gcúram, ach, arís agus arís eile, ritheann leo.

Fág freagra ar 'Díocas buile ag teastáil ó Liverpool más fúthu Madrid a shárú'