Dinnéar ‘Doublé flambé’ atá agat má chuireann sé an t-aláram sa halla ag bualadh…

Chomh fada le mo bharúil, tá dhá chineál duine ann i gcúrsaí bia

Dinnéar ‘Doublé flambé’ atá agat má chuireann sé an t-aláram sa halla ag bualadh…

‘Céard atá á réiteach agat don dinnéar?’ Shílfeá gur ceist shimplí í, ach tá sé faighte amach agam gur ceist chrua, chasta, choigilteach í agus nach sásófar chuile dhuine sa teach is cuma cén freagra a thabharfaidh tú uirthi. Nuair a chuimhníonn tú ceart air, ní hiontas ar bith é do na chefannaí mór le rá cáil an chantail a bheith orthu.

Chomh fada le mo bharúil, tá dhá chineál duine ann i gcúrsaí bia.

Tá siad ann gur aoibhinn leo uaireanta a chloig a chaitheamh sa gcistineach ag réiteach bia agus gur geall le flaitheas Dé dóibh triail a bhaint as oidis nua agus béilte galánta a leagan ar an mbord. Ach tá dream eile ann freisin, agus sílim go mb’fhéidir go bhfuilim féin ina measc, gur fearr leo na béilte a ithe.

Is breá le mo chara am a chaitheamh sa gcistineach. ‘Bainim an-suaimhneas as,’ a dúirt sí liom nuair a rinne mé iontas de na seacht gcinn déag de mharógaí Nollag a bhí bácáilte aici agus thuas i líne ar bharr na gcófraí sé seachtainí roimh na Nollag anuraidh.

‘Ó!’ a dúirt mé. Níor rith sé liom riamh roimhe sin i mo shaol go raibh an suaimhneas ar cheann de na rudaí a bhainfeá ón mbácáil ná ón gcócaireacht.

Seans gurb í an fhadhb ná go bhfuil na téarmaí cócaireachta ró-chasta. Bheadh sé i bhfad níos éasca dá mbeadh gluais foghraíochta in aice leis na hoidis agus sainmhíniú soiléir tugtha in éineacht léi.

Cuir i gcás, nuair a deir Jamie Oliver go dtógfaidh sé leathuair a chloig na béilte atá sa leabhar Jamie Oliver’s Thirty Minute Meals a réiteach, ní shoiléiríonn sé ar chall duit an t-amfataimín a thógáil sula dtosaíonn tú ag cócaireacht nó leath bealaigh tríd.

Níl mé ag rá nach bhfuil rud nó dhó foghlamtha agam agus trí mhíle seacht gcéad dinnéar réitithe agam. Is dócha, dá mbeadh brú orm, go bhféadfainn nod nó dhó a thabhairt don té a bheadh ag tosnú amach.

Mar shampla, is téarma atá ar iasacht ón bhFraincis é ‘julienne’. Séard a chiallaíonn sé ná an fhís sin a bhíonn agat i do chloigeann sula dtosaíonn tú ag cócaireacht ar chor ar bith. Samhlaíonn tú an béile deas leagtha ar lár an bhoird agus chuile dhuine cruinnithe thart air is iad ag caint is ag comhrá.

Focal eile ón bhFraincis é ‘flambé’. ’Séard atá i gceist leis sin ná, nuair a thosaíonn púir dheataigh ag teacht amach as an oigheann is go gcuireann sé an t-aláram deataigh ag bualadh sa gcistineach. ‘Doublé flambé’ a thugann tú air má chuireann sé an t-aláram sa halla ag bualadh freisin.

Nuair a bheidh tú críochnaithe ar fad leis an gcócaireacht, na haláraim múchta agus na soithí nite, d’fhéadfá a rá gur ‘frappé’ atá tú, nó sách ‘frappé’. Reoite, ag leisce.

Fág freagra ar 'Dinnéar ‘Doublé flambé’ atá agat má chuireann sé an t-aláram sa halla ag bualadh…'