D’imigh sin is tháinig seo…fianaise stairiúil ar thús ré nua do CLG

Tá comhfhreagras feicthe ag ár gcolúnú ar fianaise stairiúil í ar thús ré nua in aclaíocht agus in ullmhúcháin imreoirí Chumann Lúthchleas Gael

balls.ie
balls.ie

Chuir leathanach a foilsíodh ar an suíomh idirlín www.balls.ie an tseachtain seo siar ar bhóithre na smaointe mé, rud nach bhfuil deacair a dhéanamh, ní mór a admháil.

Is éard a bhí ann cóip den phlean traenála a bhí leagtha amach do pheileadóirí Choláiste na hOllscoile, Gaillimh i 1970 agus iad ag tabhairt faoi Chomórtas Choirn Mhic Shigiúir an tséasúir.

Bhí mé ar an ollscoil sin ag an am agus aithne mhaith agam ar na himreoirí agus ar na hoifigigh a bhfuil a n-ainmneacha greannta ar bharr an leathanaigh – an Rúnaí, Mícheál Maguidhir, agus an Leas-Chathaoirleach, Mícheál Mac Donnchadha, a bhí in aon rang liom sa mheánscoil freisin.

Bhí clú freisin ag an am ar an Rúnaí, Pádraig Mac Diarmada, a bhí ina Chathaoirleach ar Chomhairle na nOllscoil ag an am. Scór blianta ina dhiaidh bhí captaen na foirne, Éanna Mac Cnáimhsí as Dún na nGall, ina bhall de Sheanad Éireann agus d’imir an Leas-Chaptaen, Colm Ó Flatharta peil do Thiobrad Árann agus do Chúige Mumhan.

Ba as Rinn Ua gCuanach an Cathaoirleach, Mícheál ‘Bobby’ Ó Cuirrín – fear a thug seirbhís fhada do Chumann Lúthchleas in Ollscoil na Gaillimhe.

Bainfidh cuid den litir gáire astu siúd atá ag plé anois leis an diantreanáil a dhéanann peileadóirí agus iománaithe an lae seo, go háirithe nuair a léifidh siad an líne ….“it is up to each individual to determine for himself how hard he works during a training session” agus “the number of times you do each exercise depends on yourself.” !

Bainfear greann freisin as líne ag an deireadh a deir : If possible, get someone to shout ‘sprint’…..

Ní hé módh na traenála amháin atá athraithe agus bheadh aimhreas orm gur ‘Do Chum Glóire Dé agus Onóra na hÉireann’ an líne is túisce atá le feiceáil ar aon chomhfhreagras a thagann ó Chumann Lúthchleas Gael Ollscoil na hÉireann Gaillimh sa lá atá inniu ann, ná go deimhin ar chomhfhreagras a thagann ar áiteacha go leor nach é.

Ach, b’fhéidir go bhfuil dul amú orm.

Inniu, 45 bliain níos deireanaí, is furasta anois a bheith ag fonóid faoi shoineantacht na litreach údaí, ach le fírinne, is fianaise stairiúil í ar thús ré nua in aclaíocht agus in ullmhúcháin imreoirí Chumann Lúthchleas Gael.

Tráthúil freisin go mba sna hOllscoileanna a facthas tús na réabhlóide sin – go háirithe sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a raibh réimeas traenála nár facthas a leithéid riamh roimhe tugtha isteach ag Eugene McGee a bhí i gceannas pheileadóirí an choláiste.

Bhainfeadh McGee cáil amach ina dhiaidh, ar ndóigh, mar bhainisteoir ar fhoireann Uíbh Fhailí a choinnigh an 5 Chraobh as a Chéile ó Chiarraí agus inniu féin is críonna, meáite na tuairimí a thagann uaidh ina cholún faoi na Cluichí Gaelacha san Irish Independent.

Ba mhó ná sin d’éacht a rinne Eugene i ndeireadh na seascaidí mar sin féin nuair a chuir sé ina luí ar bhuíon mac léinn go mba mhaith an rud é staonadh den ól ar feadh cúpla mí agus freastal ar sheisiúin traenála ag 7.30 ar maidin, rud a bhí ar a gcumas a dhéanamh mar go raibh tuilshoilse curtha in airde i mBelfield tamall beag roimhe sin.

Idir 1968 agus 1979, thug peileadóirí an Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath Corn Mhic Shigiúir leo seacht n-uaire, ag tráth a raibh sé chomh deacair é a bhuachan le Craobh na hÉireann.

Níorbh iad a bhuaigh an comórtas i 1970/71, áfach, an ceann lenar bhain litir na Gaillimhe, ach ní shin le rá nach bhfuil siad luaite go láidir leis na himeachtaí a bhain leis.

An chúis atá leis sin gur rialaíodh go raibh imreoir mídhleathach ar an bpáirc acu i mbabhta ceathrú ceannais a bhuaigh siad agus gur cuireadh ar a súile dóibh nach raibh Benny Gaughran, i dteideal imeartha i mbabhta leathcheannais in aghaidh Chorcaí.

Rinneadar neamhaird den rialú agus cé gur bhuaigh siad, chaith Comhairle na nOllscoil amach as an gcomórtas iad maidin an chluiche ceannais agus scaoileadh Corcaigh ar ais.

Coláiste na Banríona a bhí in aghaidh Chorcaí sa mbabhta ceannais – bhí an bua faighte acusan sa leathchraobh eile ar Éanna Mac Cnáimhsí agus ar a chomrádaithe ar fhoireann Gaillimhe a raibh treoracha na litreach údaí  leanta go dílís acu.

Ainneoin ragairne go leor a bheith déanta ag mic léinn Chorcaí an oíche roimh ré agus iad ag ceapadh go raibh siad as an iomaíocht, ba iad a bhí chun cinn de chúpla chúilín agus gan fanta sa gcluiche ceannais ach 10 nóiméad.

Ansin fuair John Rainey cúilín do na Tuaisceartaigh, chothromaigh Martin McAlese agus scóráil Kevin Teague as Tír Eoghain cúilín an bhua.

Blianta dar gcionn, chaith Mac Giolla Íosa tréimhse in Áras an Uachtaráin le linn dá bhean chéile Máire a bheith san oifig sin.

Thuill lánchúlaí na gCorcaíoch cáil dó féin freisin. Roinnt blianta dar gcionn, bhí sé ar dhuine de na tosaithe ba thréine ar fhoirne rugbaí na Leon, ach in  earrach na bliana 1971, ba mhac léinn cnámhach déiríochta as Tuaisceart Chiarraí é, a bhí curtha faoi go sealadach Cois Laoi.

Moss Keane ab ainm dó.

P.S. Bhain mé an-solamar as a bheith ag léamh na litreach, cé gur baineadh croitheadh asam, caithfidh mé a admhachtáil, nuair a chonaic mé faoina bun go mba in áiléar a sheanmháthar, a tháinig an té a sheol isteach í trasna uirthi!

Is iomaí bealach lena léiriu do dhuine go bhfuil sé ag dul in aois! Nasc

Fág freagra ar 'D’imigh sin is tháinig seo…fianaise stairiúil ar thús ré nua do CLG'