D’imigh cocaí féir, cruacha móna is stácaí coirce Oíche na Gaoithe Móire…

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo agus imní orainn faoi Lorenzo tá cur síos againn as Corr na Móna faoi stoirm mhór a tharraing caint… 

D’imigh cocaí féir, cruacha móna is stácaí coirce Oíche na Gaoithe Móire…

Bíonn seanchas ar siúl ag na daoine cois tine san oíche go minic ar Oíche na Gaoithe Móire. Tharla sé ar an 6ú lá d’Eanáir 1839 agus lean sé go dtí an seachtú lá. Bhí a lán nósanna {comharthaí} ann chun a bheith ag súil leis an stoirm sin. Thosaigh na réalta ag éirí dubh agus ag rith go tapaidh trasna na spéire. Bhí an aimsir an-dorcha agus bhí fuacht beag ann.

Ní raibh an loch an-gharbh ach bhí fuacht agus torann mór ag teacht ón taobh thiar. Bhí a fhios ag daoine ansin go mbeadh gála acu ach níor shíl siad go mbeadh sé chomh dona agus a bhí.

Ar dtús thosaigh an ghaoth ag éirí, ach ní raibh sí an-láidir. I gceann cúpla uair an chloig mhéadaigh an gála go raibh sé ag éirí níos láidre chuile nóiméad. Ba í an oíche is measa a tháinig riamh ar an domhan.

Ar feadh na hoíche bhí an ghaoth ag réabadh. Do leagadh suas le céad teach ar fud na tíre. Do leagadh ceithre cinn san áit seo chomh maith le háit ar bith eile. Bhí an crainn is na claíocha leagtha. Bhí cocaí féir, cruacha móna is stácaí coirce iompaithe agus cuid de imithe leis an ngaoth. Scuabadh báid leis an ngaoth agus briseadh cuid díobh in aghaidh na gcarraigeacha. Bhí iarainn is barr tithe ag eiteal san aer an oíche sin mar a d’eitleodh cleite.

Do maraíodh suas le céad duine ar fad. Bhí faitíos ar óg is aosta agus iad ag crith de bhrí go raibh an stoirm chomh láidir sin. Thit a dtithe ar chuid de na daoine mar ní raibh siad  sách láidir an t-am sin.

Ar an dara lá den ghála thosaigh sé ag báisteach agus toirneach is tintreach ann chomh maith. Lean an bháisteach ar feadh dhá lá agus bhí na haibhneacha agus an locha lán le huisce. Bhí an chuid ba mhó den tír faoi uisce anois.

Na daoine a d’fhan beo thug siad moladh do Dhia as iad a shábháil ón díobháil sin. Ní raibh stoirm mar sin againn ó shin buíochas le Dia.

Sorcha Ní Shúilleabháin as Cluain Brón, Corr na Móna i gConamara a bhailigh an seanchas seo óna máthair Máire (47) i 1938

Fág freagra ar 'D’imigh cocaí féir, cruacha móna is stácaí coirce Oíche na Gaoithe Móire…'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Tóg isteach an cat agus bíodh coinnle agat sa cófra agus neart le n-ithe. Ná téir suas ar an díon – ní hé lá na gaoithe lá na scolb!! Imigh leat ó thuaidh a Lorenzo, ní bheidh fáilte Uí Cheallaigh romhat in Éirinn.