‘Dímheas ar an nGaeilge é nach bhfuil aon bhord ag ÚnaG agus ní tharlódh sé don IDA’ – Ó Dochartaigh

Údar 'scannail' agus údar 'náire' é go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan aon bhord ach is cosúil gurb é dearcadh an Rialtais ná go bhfuil sé 'ceart go leor mar gur cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá i gceist', a deir urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh

‘Dímheas ar an nGaeilge é nach bhfuil aon bhord ag ÚnaG agus ní tharlódh sé don IDA’ – Ó Dochartaigh

Tá cáineadh géar déanta ag urlabhraí airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty ar Aire Stáit na Gaeltachta as gan aon bhord nua a bheith ceaptha aige go fóill ar Údarás na Gaeltachta.

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana an bhoird dheireanaigh ar an 20 Samhain agus thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios go luath an mhí seo caite go raibh an próiseas chun bord nua a cheapadh don údarás fiontraíochta agus pleanála teanga “nach mór thart”.

Ag labhairt dó ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Pearse Doherty gur léirigh an mhoill  ar cheapadh an bhoird nua “dímheas” an Rialtais agus an Aire Stáit Joe McHugh “ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus ar dhaoine gan aon phost atá ag brath ar Údarás na Gaeltachta”.

Dúirt Ó Dochartaigh nach raibh sé “ceart ná cóir” nach bhfuil bord nua fógartha fós agus nach raibh “leithscéal ar bith ann” go mbeadh an tÚdarás ag feidhmiú gan aon bhord aige le beagnach dhá mhí anuas. Mhaígh sé nach dtarlódh a leithéid i gcás an IDA nó eagraíochtaí eile stáit, ach gur cosúil gurb é dearcadh an Rialtais ná go bhfuil sé “ceart go leor mar gur cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá i gceist”.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin gur údar ‘scannail’ agus údar ‘náire’ an scéal agus nach raibh “maith ar bith i mBliain na Gaeige mura bhfuil bord ag Údarás na Gaeltachta” chun infheistíocht a cheadú agus tograí a phlé.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne an tseachtain seo caite go bhfuil “tús uafásach” curtha le ‘Bliain na Gaeilge’ toisc Údarás na Gaeltachta a bheith ag feidhmiú i gcónaí gan aon bhord.

Mhaígh urlabhraí oideachais Fhianna Fáil ar Twitter nach féidir ‘tacú’ le fiontair nua Ghaeltachta mar gheall ar an moill le ceapadh an bhoird nua agus cheistigh sé cur chuige an Rialtais i leith na teanga.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh an uair sin go gcuirfeadh an tSeirbhís Um Cheapacháin Phoiblí liosta ar fáil dó laistigh de roinnt laethanta d’iarrthóirí a bheadh incháilithe do bhord na heagraíochta fiontraíochta. Dúirt sé go ndéanfadh sé an liosta sin a bhreithniú ansin agus go bhfógródh sé na baill nua “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt urlabhraí de chuid Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach raibh aon chinneadh tógtha “ag an bpointe ama seo” maidir le “comhdhéanamh an bhoird nua” ach go rabhthas “ag súil leis go ndéanfar é sin go luath”.

Tá ráiteas eile faoin scéal iarrtha inniu ar an Roinn ag Tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar '‘Dímheas ar an nGaeilge é nach bhfuil aon bhord ag ÚnaG agus ní tharlódh sé don IDA’ – Ó Dochartaigh'

  • Traolach

    Cheart don Dochartach is a chomhleacaithe rud éigin a dhéanamh fai, nach sa Dáil atá an chumhacht, nó an ea?