Diantástáil curtha ar Luimneach ach an freagra acu i gcónaí

Tá an bhearna ag laghdú idir Luimneach agus foirne eile, ach níor éirigh le haon dream í a iamh fós

Diantástáil curtha ar Luimneach ach an freagra acu i gcónaí

Tá deireadh na bliana tagtha agus saol na hiománaíochta idirchontae beagnach mar a bhí in 2021 agus le cúpla bliain anuas.

Sea, tá Luimneach fós ar barr ach de réir cosúlachta tá an paca ag coinneáil leo.

Anuraidh ag an tráth seo den bhliain bhíomar ag ceapadh go raibh Port Láirge ar bharr an liosta díobh siúd a bhí ag breith suas ar Luimneach agus a bhuíochas don fheachtas sraithe bhíomar níos siúráilte fós.

Ach thit an lug ar an lag ar na Déise agus ar éigean a bhí gíog ná míog astu agus an séasúr craoibhe cúige ag bogadh go ceann scríbe. Tháinig an Clár aniar aduaidh orainn agus iad thar a bheith iomaíoch sna cluichí i gcomórtas na Mumhan.

Chríochnaigh a gcluiche i gcoinne Luimnigh ar comhscór. Cluiche iontach a bhí ann dóibh, ach bhí Luimneach gan Aaron Gillane agus fuair Gearóid Hegarty dhá chárta buí roimh dheireadh na himeartha.

Ansin i gcluiche ceannais na Mumhan bhí tréimhsí ann nuair a cheapamar go mbeadh an lá leis an gClár. Ach i ndiaidh am breise tháinig an t-uachtar go dtí an barr agus d’ardaigh Declan Hannon an corn don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile.

Bhí an-trua ag daoine don Chlár ach bhí dóchas ann go bhféadfaidís a bheith chomh hiomaíoch céanna an chéad lá eile agus bhí roinnt cainte go mbeadh cluiche ceannais na hÉireann idir na foirne céanna.

Faraor theip ar an gClár ardchaighdeán chraobh na Mumhan a bhaint amach arís agus ní rabhadar thar mholadh beirte i gcoinne Loch Garman, cluiche a bhuadar ag an deireadh. Sa chluiche leathcheannais, agus greim scrogaill á choimeád ag Mikey Butler Chill Chainnigh ar Tony Kelly, thit an tóin as iarracht an Chláir agus b’iúd isteach na Cait go dtí cluiche ceannais eile faoi Bhrian Cody.

Bhí sceitimíní ar lucht leanúna na Gaillimhe nuair a tháinig an scéal go raibh Henry Shefflin chun post an bhainisteora a thógaint. Deirtear go raibh tromlach de leantóirí na Gaillimhe thar a bheith sásta leis an dea-scéala sin.

Bhí séasúr thar a bheith díomách acu in 2021 ach bhí dóchas ann go mbeadh an t-iománaí is rathúla riamh ábalta rud éigin a dhéanamh.

Agus bhí dea-chomharthaí ann ar bharr an dréimire i ndiaidh bhabhtaí cáilithe Laighean.

Ach theip orthu an chraobh a bhuachaint ach ba mhó caint go mór a tharraing croitheadh láimhe na mbainisteoirí, Shefflin agus Cody,  i ndiaidh an chluiche, beannú a bhí pas beag níos fearr ná an chéad cheann eatarthu i ndiaidh an chluiche cháilithe.

Arís eile is iad Luimneach a ghnóthaigh na ceannlínte agus an moladh agus iad ag taispeáint cumas agus cruas, dhá rud a raibh gá acu leo in aghaidh na Gaillimhe sa cluiche leathcheannais. Bhí tréimhsí ann nuair a cheapamar go mbeadh an bua ag an nGaillimh ach tháinig Luimneach slán arís.

B’amhlaidh an scéal sa chluiche ceannais, cé gur thug Cill Chainnigh an-dúshlán dóibh níor bhraitheas aon uair go raibh Luimnach chun an cluiche sin a chailliúint. Ach ceapaim go bhfuil an bhearna ag laghdú idir iad agus an paca.

Ach tá meánaois an phainéil imreoirí seo óg go leor agus d’fhéadfaidís ceann nó dhó eile a chur leis na ceithre cinn atá buaite acu ó 2018.

Tá an traenáil idirchontae tosnaithe agus na pleananna réitithe chun iarracht eile a dhéanamh Luimneach a chloí. Ach is iad a bhuaigh na coirn mhóra agus cuid maith des na gradaim phearsanta agus is iadsan an sprioc do 2023 atá ag na foirne eile a rachaidh chun troda do Chorn Mhic Cárthaigh.

Focal Scoir: Chuaigh Patrick Horgan chun cinn ar Joe Canning mar an t-imreoir is mó a scóráil sa chraobhchomórtas iomána riamh. Agus gach seans go bhfaighidh sé cúpla scór eile in 2023.

Nollaig shona daoibh go léir.

Fág freagra ar 'Diantástáil curtha ar Luimneach ach an freagra acu i gcónaí'