Dianiomaíocht ó dheas agus an páipéar ballóide ag cur thar maoil

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin Eorpacha na seachtaine seo chugainn. Toghlach an Deiscirt atá faoi chaibidil inniu againn…

Dianiomaíocht ó dheas agus an páipéar ballóide ag cur thar maoil

Toghcheantar: An Deisceart

Líon na suíochán: 5


Tá dhá mhórábhar cainte sa toghcheantar seo i mbliana. Ar an gcéad dul síos, beidh suíochán breise ar fáil ann ach beidh an té a thoghfar curtha ar leataobh go dtí go n-imeoidh an Ríocht Aontaithe ón Aontas Eorpach, má tharlaíonn sé sin ar chor ar bith. Lena chois sin, fágann cinneadh Bhrian Crowley seasamh siar go bhfuil folús mór millteanach ann anois agus beidh an 180,000 vóta a ghnóthaigh sé sa toghchán deireanach le scaipeadh. Mar sin de, tá folúntais agus deiseanna go leor sa toghcheantar seo agus tá an páipéar ballóide ag cur thar maoil.

Tá limistéar fairsing le clúdach sa toghcheantar ollmhór seo agus cuid de dheisceart Chúige Laighean caite isteach le contaetha Chúige Mumhan. Trí chontae dhéag san iomlán atá ann agus tá ionann is dhá mhilliún duine ag cur fúthu sa toghcheantar. Beidh triúr de na feisirí reatha ag seasamh arís – Seán Kelly agus Deirdre Clune ó Fhine Gael agus Liadh Ní Riada ó Shinn Féin – chomh maith le scór iarrthóir eile.

Níl aon cheist ach go dtoghfar an Ceallach agus seans maith go mbeidh sé ar bharr an chomhairimh. Beifear ag súil ina dhiaidh sin go gcuideoidh farasbarr s’aige, mar aon leis na haistriúcháin a thiocfaidh ón iarrthóir is laige atá acu, chun suíochán eile a ghnóthú don pháirtí. Chaill Deirdre Clune suíochán Dála ar dhá ócáid cheana agus thiocfadh dó go mbeidh sí i mbaol arís an iarraidh seo. Deir na pobalbhreitheanna nach bhfuil sí ach 1% chun cinn ar an tríú hiarrthóir atá ag an bpáirtí – an tAire Stáit Andrew Doyle. Ba ar éigean a tháinig sí chun cinn ar Simon Harris in 2015 agus beidh deacrachtaí aici arís i mbliana. Cé gur polaiteoir éifeachtach logánta é an Dúilleach níl próifíl ard náisiúnta aige (mar a bhí ag Harris) ach gheobhaidh sé vótaí áirithe ó fheirmeoirí. Beidh Deirdre Clune ag súil le taispeántas maith i gCorcaigh – an dara cathair is mó sa stát – ach i gcead d’Alex Ferguson, beidh sí corrthónach go maith lá an chomhairimh.

Beirt iarrthóirí atá ag Fianna Fáil – Billy Kelleher, TD, as Corcaigh agus an Comhairleoir Malcolm Byrne as Loch Garman. Bainfidh an páirtí suíochán amháin ar a laghad agus ba cheart go mbeadh siad san áireamh don dara ceann freisin. Bheifeá ag súil go bhfaigheadh Kelleher ceann ach seans nach bhfuil go leor aithne ag an bpobal ar Byrne (cé gur iar-aire stáit ab ea a athair, Hugh) chun é a thabhairt go ceann scríbe. Chuideodh taispeántas maith uaidh, áfach, chun ruathar a dhéanamh ar shuíochán Dála sa chéad olltoghchán eile.     

In 2014, thug Liadh Ní Riada an svae léi agus 125,000 vóta céad rogha faighte aici. Theip go tubaisteach uirthi i dtoghchán na hUachtaránachta, áfach, agus beidh titim mhór ar a vóta an iarraidh seo leis. Mar sin féin, bheifí ag súil go bhfaigheadh sí a suíochán an athuair cé go bhfuil seans ann go mbeidh sé deireanach go leor sula mbainfidh sí talamh tirim amach. 

Tá aithne fhorleathan ar an iarrthóir neamhspleách, Mick Wallace (Independents4Change), fud fad na tíre agus maítear i dtólamh gur buntáiste mór é sin sna botháin vótála. Ach is fíor a rá fosta nach bhfuil dea-theist air i measc gach aicme agus tháinig titim shuntasach ar a chuid vótaí céad rogha san olltoghchán deireanach. Is cinnte, áfach, go mbeidh sé san áireamh le haghaidh suíochán sa Pharlaimint cé go mbíonn sé cáinteach go maith faoi institiúidí na hEorpa ar uairibh. Ach beidh iomaíocht ghéar roimhe  ó tharla iarrthóirí láidre a bheith ag Páirtí an Lucht Oibre agus ag Comhaontas Glas. Is Ard-Rúnaí ar Chumann na Múinteoirí í Sheila Nunan agus bheifí ag súil go bhfaigheadh sí tacaíocht láidir ó bhaill na gceardchumann. Níl aon cheist ach gurb í an t-iarrthóir is láidre atá ag Páirtí an Lucht Oibre i dtoghcháin na hEorpa. Seans, áfach, nach mbeidh go leor vótaí céad rogha aici agus go mbeidh an cuóta rófhada uaithi tar éis an chéad chomhairimh. Tá a mhacasamhail á rá fosta faoi Grace O’Sullivan, iarrthóir Chomhaontas Glas. D’éirigh go measartha léi an uair dheireanach agus tá suíochán sa Seanad bainte aici ó shin. Tá cúrsaí comhshaoil go mór i mbéal an phobail anois agus is cinnte go bhfaighidh sí corrvóta fánach in achan chúinne den toghcheantar. Go deimhin, bheifí ag súil go bhfaighidís beirt níos mó vótaí aistrithe ná Wallace agus go mbeidh an Súilleabhánach go háirithe sna sála air.

D’éirigh go seoigh leis an iarrthóir neamhspleách, Diarmuid O’Flynn, in 2015 agus 30,000 vóta céad rogha aimsithe aige. Bhí a chuid tacaíochta bunaithe ar fheachtas Bhaile Uí Aodha in éadan bheartais dhéine an rialtais ach ar ndóigh tá borradh tagtha faoin eacnamaíocht ó shin. Seans go mbainfidh Mick Wallace sciar maith de na vótaí sin uaidh an truip seo. 

Ach i ndeireadh ama beidh dianchoimhlint ann don suíochán deireanach idir Malcolm Byrne, Mick Wallace agus Grace O’Sullivan.


Tuar: Seán Kelly (FG), Andrew Doyle (FG), Billy Kelleher (FF), Liadh Ní Riada (SF) agus Grace O’Sullivan (Comhaontas Glas)

Fág freagra ar 'Dianiomaíocht ó dheas agus an páipéar ballóide ag cur thar maoil'

  • Seán Mag Leannáin

    Cé hiad na hiarrthóirí ó na páirtithe éagsúla sa toghcheantar seo atá líofa sa nGaeilge? Sa díospóireacht mhór ar RTÉ aréir ní raibh tagairt dá laghad don cheist seo. Go bhfios dom níl ann ach Seán Ó Ceallaigh FG agus Liaidh Ní Riada SF a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu – ní hamháin sa toghcheantar seo ach sa tír ar fad (an Tuaisceart san áireamh). Bhí an toghcheantar seo faoi chaibidil ar an gclár teilifíse The Week in Politics Dé Domhnaigh na seachtaine roimhe sin. Thug mé faoi deara go raibh an t-iarrthóir FF’ach Malcolm Byrne ag déanamh gaisce as a líofacht sa bhFraincis ach níor chuir éinne ceist air – nó ar aon duine eile de na hiarrthóirí – faoin a líofacht (nó gan a bheith líofa) sa nGaeilge: teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais, a bhuí le Rialtas na hÉireann (ceann Fianna Fáileach, mar a tharla sé). Ba dhíol suntais é freisin nach ndearna tagairt ar bith do cheist líofacht na n-iarrthóirí sa nGaeilge sna réamh-léirmheasa toghcheantair a craoladh ar Raidió na Gaeltachta le déanaí.

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Ní fheicim aon rud faoi sheasamh na n-iarrthóirí ar cheisteanna móra, ná faoin cheangal atá acu féin nó a bpáirtithe le grúpaí i dtíortha eile. Bíonn mó doimhneachta i dtráchtaireacht spóirt.