Dianghlasáil míosa fógartha agus ‘fás as cuimse’ ar líon na gcásanna Covid-19

Dúirt an Taoiseach go raibh údar dóchais anois ann nach raibh ann sa bhfómhar nó san earrach – teacht na vacsaíní. ‘Mar a deir an seanfhocal, is é an dóchas lia gach anró,’ arsa Micheál Martin

Dianghlasáil míosa fógartha agus ‘fás as cuimse’ ar líon na gcásanna Covid-19

Fágfar na scoileanna dúnta go dtí an 11 Eanáir agus cuirfear srianta dianghlasála i bhfeidhm go dtí an 31 Eanáir mar chuid den iarracht is déanaí ag an Rialtas dul i ngleic leis an ardú mór ar líon na gcásanna den Covid-19.

D’fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna go mbeadh cosc ar chuairteoirí chun an tí ón óiche anocht agus go rabhthas ag iarraidh arís ar dhaoine fanacht ag baile agus gan bualadh le daoine eile.

Beidh cosc ar thaisteal níos faide ná cúig chiliméadar ó bhaile agus dúnfar tráthnóna amárach siopaí neamhriachtanacha agus ionaid aclaíochta.

Fógraíodh tráthnóna go raibh 1,718 cás nua den ghalar deimhnithe agus go raibh 13 duine eile curtha den saol ag an ngalar.

Dúirt an Príomoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan nach céim an tsrianta a bhí a thuilleadh againn ach céim an mhaolaithe.

Dúirt an Taoiseach gur in olcas a rachadh na figiúirí sna laethanta amach romhainn agus go raibh fás “as cuimse” ag teacht ar líon na gcásanna.

Dúirt sé go raibh rudaí “an-tromchúiseach” agus go gcaithfí gníomhú anois nó go mbeadh an baol ann go dteipfeadh ar an gcóras sláinte déileáil le líon na gcásanna agus go bhfaigheadh a thuilleadh daoine bás.

Tá dúbailt tagtha ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil le seachtain anuas. 455 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 37 acusan in aonaid dianchúraim.

Dúirt an Taoiseach go bhfágfaí na scoileanna dúnta níos faide ná mar a bhí beartaithe chun deis a thabhairt do dhaoine líon na dteagmhálaithe a bhíonn acu a laghdú sula n-osclófar arís iad.

Bhí an mhaidhm is déanaí den ghalar éagsúil ó cheann an fhómhair, arsa an Taoiseach. Bhí sin amhlaidh mar gheall go scaiptear níos éasca an tréithchineál is déanaí den víreas.

Údar imní chomh maith an fás ar líon na ndaoine os cionn 65 a bhfuil an galar á tholgadh acu.

Thug an Taoiseach le fios gur idir 1.6 agus 1.8 atá ráta atáirgthe an ghalair anois.

Seachtain ó shin bhí toradh dearfach ar 5% de thástálacha ach inné bhí an galar ar 18% de na daoine a cuireadh tástáil orthu.

273 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000.

Dúirt an Taoiseach áfach go raibh údar dóchais anois ann nach raibh ann sa bhfómhar nó san earrach – teacht na vacsaíní.

Is féidir a rá den chéad uair, arsa Martin, gur “gearr go mbeidh sé thart”.

D’iompaigh sé ar an nGaeilge ag deireadh a óráide agus dúirt go dteastódh “aire, cúram agus foighne” agus “spiorad na meithle” as seo go ceann míosa.

“Táim cinnte go dtiocfaimid slán, caithfimid a bheith dóchasach. Mar a deir an seanfhocal, is é an dóchas lia gach anró,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu gur deimhníodh 2,143 cás nua den Covid-19 agus gur bhásaigh seisear eile a raibh an galar orthu.

377 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 sa Tuaisceart. 455 duine a bhfuil Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 35 acusan in aonad dianchúraim.

Tá 33,683 dáileog den vacsaín Pfizer-BioNTech tugtha do dhaoine sa Tuaisceart agus cuirfear an vacsáin Oxford/AstraZeneca ag obair ansin an tseachtain seo chugainn. Fuair daoine ó dheas den teorainn an tsnáthaid den chéad uair inné. Annie Lynch, bean 79 bliain as Baile Átha Cliath, an chéad duine a fuair an vacsáin Pfizer-BioNTech sa stát ó dheas.

Tá 3,537 duine a raibh an galar orthu básaithe in Éirinn ó thosach na paindéime, 1,311 duine ó thuaidh den teorainn agus 2,226 duine ó dheas di.

Fág freagra ar 'Dianghlasáil míosa fógartha agus ‘fás as cuimse’ ar líon na gcásanna Covid-19'