Dianchoimhlint romhainn idir An Clár agus Luimneach agus an tarraingt do chraobhacha na gcúigí déanta san iomáint

Imreoidh An Clár agus Luimneach in aghaidh a chéile i gcluiche ceathrú ceannais na Mumhan agus tabharfaidh na buaiteoirí aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann

Dianchoimhlint romhainn idir An Clár agus Luimneach agus an tarraingt do chraobhacha na gcúigí déanta san iomáint

Tá an tarraingt déanta do Chraobhacha iomána Chúige Laighean agus Chúige Mumhan agus Cumann Lúthchleas Gael ag fáil réidh le filleadh ar na cluichí.

I gCúige Laighean, imreoidh iománaithe na Gaillimhe a gcéad chluiche craoibhe faoi cheannas Shane O’Neill nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Loch Garman, curaidh 2019.

Tá Cill Chainnigh sa chluiche leathcheannais eile agus imreoidh siad i gcoinne Laoise nó Átha Cliath, a imreoidh sa gcluiche ceathrú ceannais.

I gCraobh na Mumhan beidh dianchoimhlint ann sa bhabhta ceathrú ceannais idir Luimneach agus An Clár. Bhí na foirne ceaptha aghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana ach cuireadh an cluiche ar ceal de bharr an choróinvíris.

Imreoidh buaiteoirí an chluiche sin i gcoinne sheaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann. Casfaidh Corcaigh agus Port Láirge ar a chéile sa chluiche leathcheannais eile.

Imreofar na babhtaí ceathrú ceannais i gCraobhacha na Mumhan agus Laighean ar an 24/25 Deireadh Fómhair. Beidh na cluichí leathcheannais ann seachtain ina dhiaidh sin agus briseadh coicíse ann ansin go dtí na cluichí ceannais, atá le bheith ar siúl ar an 14/15 Samhain.

Murab ionann is an Chraobh Peile, beidh cúldoras i bhfeidhm sa Chraobh Iomána agus rachaidh na foirne a chailleann i gcraobhacha na gcúigí ar aghaidh go dtí na babhtaí cáilithe.

Fágann an tarraingt seo go bhfuil a fhios ag na foirne uile san iomáint agus sa pheil cén uair a bheidh siad ag cur tús leis an gcraobh agus cé a bheidh ina n-aghaidh.

Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta, beidh cluiche ollmhór ag Dún na nGall nuair a chasfaidh siad ar Thír Eoghain i gcluiche ceathrú ceannais peile Uladh ar an 31 Deireadh Fómhair/1 Samhain. Gan aon chúldoras i bhfeidhm sa chraobh peile i mbliana, beidh deireadh leis an bhfoireann a chaillfidh an cluiche.

I gCúige Chonnacht, tá cead ar aghaidh faighte ag Gaillimh go dtí cluiche leathcheannais an chúige. Bhí na Gaillimhigh chun aghaidh a thabhairt ar Nua-Eabhrac sa chéad bhabhta ach ní ghlacfaidh Nua-Eabhrac aon pháirt i gcraobh na bliana seo. Casfaidh Gaillimh anois ar Shligeach ina gcéad chluiche ar an 7/8 Samhain.

Imreoidh Maigh Eo an tseachtain roimhe sin nuair a thabharfaidh siad féin agus Liatroim aghaidh ar a chéile i mbabhta ceathrú ceannais.

I gCraobh na Mumhan, is í an choimhlint idir Corcaigh agus Ciarraí an cluiche mór. Casfaidh na foirne ar a chéile sa bhabhta leathcheannais ar an 7/8 Samhain.

Beidh peileadóirí Phort Láirge ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche ceathrú ceannais eile. Imreoidh na Déisigh in aghaidh Luimnigh i gcluiche ceathrú ceannais ar an  31 Deireadh Fómhair/1 Samhain.

I gCraobh Peile Laighean, imreoidh An Mhí in aghaidh Chill Mhantáin nó Loch Garman i mbabhta ceathrú ceannais ar an 7/8 Samhain.

Dialann do Chraobhacha Shinsir Peile agus Iomána 2020

24/25 Deireadh Fómhair
Clucihí Ceathrú Ceannais Iomána na Mumhan
Clucihí Ceathrú Ceannais Iomána Laighean

31 Deireadh Fómhair/1 Samhain
Clucihí Ceathrú Ceannais Peile Chonnacht
Clucihí Ceathrú Ceannais Peile na Mumhan
Babhta 1 de Chraobh Peile Laighean
Réamhbhabhta/Clucihí Ceathrú Ceannais Peile Uladh
Clucihí Leathcheannais Iomána na Mumhan
Clucihí Leathcheannais Iomána Laighean

7/8 Samhain
Clucihí Leathcheannais Peile na Mumhan
Clucihí Leathcheannais Peile Chonnacht
Clucihí Ceathrú Ceannais Peile Laighean
Clucihí Ceathrú Ceannais Peile Uladh
Babhtaí Cáilithe Iomána

14/15 Samhain
Cluiche Ceannais Peile Chonnacht
Clucihí Leathcheannais Peile Laighean
Clucihí Leathcheannais Peile Uladh
Clucihí Ceannais Iomána Laighean

Dé Sathairn, an 21 Samhain
Cluiche Ceannais Peile Laighean
Cluichí Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann

Dé Domhnaigh, an 22 Samhain
Cluiche Ceannais Peile na Mumhan
Cluiche Ceannais Peile Uladh

Dé Sathairn, an 28 Samhain
Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann

Dé Domhnaigh, an 29 Samhain
Cluiche Leathcheannais Iomána na hÉireann

Dé Sathairn, an 5 Nollaig
Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

Dé Domhnaigh, an 6 Nollaig
Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

Dé Domhnaigh, an 13 Nollaig
Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann

Dé Sathairn, an 19 Nollaig
Cluiche Ceannais Peile na hÉireann

Fág freagra ar 'Dianchoimhlint romhainn idir An Clár agus Luimneach agus an tarraingt do chraobhacha na gcúigí déanta san iomáint'