Dianchoimhlint i nDún na nGall agus cath Chonamara i nGaillimh

Cluiche ollmhór i gcraobh shinsir Dhún na nGall agus Gaoth Dobhair agus Cill Charthaigh ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus deis ag Micheál Breathnach craobh idirmheánach na Gaillimhe a thabhairt leo tráthnóna

Dianchoimhlint i nDún na nGall agus cath Chonamara i nGaillimh

Foireann Ghaoth Dobhair Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dún na nGall

Curaidh an chontae 2017 agus curaidh an chontae 2018 a thabharfaidh aghaidh ar a chéile tráthnóna nuair a imreoidh Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair a chéile i mbabhta leathcheannais na craoibhe sinsir i dTír Chonaill.

Tá lucht peile an chontae ag súil go mór leis an gcluiche seo idir an dá fhoireann is láidre sa chontae.

Cé gurb iad Gaoth Dobhair seaimpíní na bliana seo caite, is iad Cill Charthaigh rogha na n-údar do chluiche na hoíche anocht agus iad ag imirt ar fheabhas i mbliana. Is é cluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta, nuair a chaill siad in am breise i gcoinne chumann caide na Gaeltachta, an t-aon chluiche atá caillte ag Cill Charthaigh i mbliana idir an tsraith, an chraobh agus Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Tá foireann den scoth ag Cill Charthaigh le roinnt blianta anuas agus muintir McHugh – Ryan, Mark agus Eoin – agus muintir McBrearty – Patrick agus Stephen – uile ag déanamh gaiscí dóibh. Imreoirí tábhachtacha iad Ciarán McGinley, Andrew McClean, agus Matthew McClean chomh maith.

Bua naoi bpointe a bhí ag Cill Charthaigh ar na Cealla Beaga an deireadh seachtaine seo caite agus cé go raibh fir Bhaile an Droichid cumasach go maith sa chluiche, lig siad na maidí le sruth ar feadh chuid mhaith den dara leath, rud nach mbeidh siad ag iarraidh a dhéanamh inniu.

Tharla an rud céanna do Ghaoth Dobhair ina gcluiche ceathrú ceannais agus is beag nár íoc siad go daor as. Bhí seaimpíní 2018 ocht bpointe chun tosaigh ar Réalt na Mara agus ceathrú uaire fágtha ach lig siad d’fhoireann Bhun Dobhráin teacht ar ais agus bhí am breise ag teastáil ó Ghaoth Dobhair chun a gcéilí comhraic a chur de dhroim seoil.

Ní raibh Gaoth Dobhair i mbarr a maitheasa fós i gcraobh na bliana seo ach níl aon amhras ach go bhfuiltear ag súil le feabhas mór sa gcluiche crua seo. D’aimsigh Odhrán Mac Niallais péire de chúil ó chiceanna éirice sa chluiche i gcoinne Bhun Dobhráin ach ba é Éamonn Ó Colm ba mhó a rinne gaisce scórála, d’éirigh leis seacht bpointe a chur ar chlár na scór.

Ó tharla Cill Charthaigh a bheith chomh cumasach sin nuair a dhéanann siad frithionsaí, beidh Gaoth Dobhair ag iarraidh seilbh a choinneáil ar an liathróid chomh fada agus is féidir leo tráthnóna agus d’fhéadfadh nach mbeadh cluiche iontach oscailte againn dá bharr. Ina ainneoin sin, ba cheart go mbeadh an-iomaíocht ar an bpáirc.

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Naomh Adhamhnáin v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 1.30pm

Cill Charthaigh v Gaoth Dobhair – Páirc Mhic Cumhaill, 3.30pm (Craoladh iarbheo ar TG4)

[banner]Gaillimh

Fiontán Ó Curraoin (Micheál Breathnach). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Dhá fhoireann as Conamara a thabharfaidh aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh tráthnóna, mar a mbeidh Micheál Breathnach agus Uachtar Ard i gcluiche ceannais na craoibhe idirmheánaí.

Tá ardú céime go dtí grád na sinsear in 2020 bainte amach ag na foirne seo cheana féin tar éis dóibh teacht slán ó na babhtaí leathcheannais ach beidh chaon fhoireann ag iarraidh Corn Mhic Oitir a thabhairt leo tráthnóna.

Seo an dara bliain as a chéile ag Micheál Breathnach sa gcluiche ceannais. Bhuail An Spidéal, a gcomharsana béal dorais, foireann Indreabháin san athimirt ar an gcluiche ceannais anuraidh ach tá Micheál Breathnach tagtha ar ais go láidir i mbliana.

Tháinig siad slán ó chluiche crua i gcoinne Sheamróga Chortúin sa mbabhta leathcheannais coicís ó shin. Scóráil Liam Mac Donnacha cúl cinniúnach dóibh sa gcluiche sin a chríochnaigh ar 1-13 in aghaidh 0-13. Is fathaigh iad Fiontán Ó Curraoin agus Tommy Ó Conghaile i lár na páirce agus tá tosaithe cumasacha acu chomh maith, Rónán Mac Donnacha agus Seán Denvir ina measc.

Mar sin féin tá foireann láidir ag Uachtar Ard chomh maith. Tá an tosach Matthew Tierney ar dhuine de na himreoirí óga is fearr sa gcontae agus is imreoir den scoth é a dheartháir Enda chomh maith. Bhuaigh Uachtar Ard ar Mhicheál Breathnach nuair a chas na foirne ar a chéile i mbabhta na ngrúpaí agus beidh dianchoimhlint eile againn i mBóthar na Trá inniu.

Is i Staid an Phiarsaigh tráthnóna chomh maith a imreofar an cluiche leathcheannais sinsir idir Maigh Cuilinn agus Réalta Thuama. Beidh Maigh Cuilinn ag iarraidh an cluiche ceannais sa ghrád sinsir a bhaint amach den chéad uair ó 1977 ach ní bheidh sé éasca acu tráthnóna.

Ní fios fós an mbeidh an bheirt a d’imir do Ghaillimh i mbliana, Peter Cooke agus Seán Kelly, ar fáil do Mhaigh Cuilinn. I Meiriceá atá Cooke ag obair faoi láthair agus gortaíodh Kelly agus é ag imirt an mhí seo caite. Níor imir an bheirt sa gcluiche ceathrú ceannais i gcoinne Naomh Micheál agus ba mhór an chailliúint iad mura mbeidh siad acu tráthnóna.

Beidh ar Dessie Conneely, David Wynne, Gareth Bradshaw agus Mark Lydon a seacht ndícheall a dhéanamh sa gcás sin ach tá an mianach iontu.

Ní raibh Réalta Thuama thar mholadh beirte nuair a fuair siad an ceann is fearr ar an Spidéal sa gcluiche ceathrú ceannais ach imreoirí láidre iad Gary O’Donnell agus Jamie Murphy, beirt a bhfuil ualach taithí acu.

Tá deis iontach ag Maigh Cuilinn cluiche ceannais an chontae a bhaint amach ach níor cheart dóibh a gcéilí comhraic a mheas faoina gcumas.

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe

Maigh Cuilinn v Réalta Thuama – Staid an Phiarsaigh, 2.00pm

Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe

Micheál Breathnach v Uachtar Ard – Staid an Phiarsaigh, 3.45pm

Ciarraí

Tomás Ó Sé. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh cluiche crua ag Ciarraí Thiar i mbabhta 3 de chraobh shinsir peile Chiarraí tráthnóna agus iad ag imirt i gcoinne Sheamróga Neidín i Staid an Ghearaltaigh. Má chailleann Ciarraí Thiar an cluiche seo beidh a rás rite agus is iad fir Neidín rogha láidir na n-údar.

Chaill Ciarraí Thiar le sé phointe i gcoinne an Léigiúin an deireadh seachtaine seo caite agus más leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach, caithfidh siad Seán O’Shea, Stephen O’Brien agus a leithéidí a choinneáil faoi chois inniu.

Níor scóráil tosaithe Chiarraí Thiar ach aon phointe amháin ón imirt i gcluiche na seachtaine seo caite agus ní dhéanfaidh sin cúis in aghaidh Sheamróga Neidín trathnóna. Tá Tomás Ó Sé ar ais ag imirt dóibh agus dá n-éireodh leis cúl nó dhó a scóráil bheadh seans ag Corca Dhuibhne a gcéilí comhraic a shárú.

Ba é Seán O’Shea laoch Neidín sa chraobh go dtí seo. D’aimsigh sé 1-6 sa chluiche i gcoinne na Rátha Móire an deireadh seachtaine seo caite agus is amhlaidh atá sé ag dul ó neart go neart.

Tá Ciarraí Thiar níos fearr ná mar a léirigh siad i gcoinne an Léigiúin an deireadh seachtaine seo caite ach caithfidh siad a mianach a léiriú le go mbeadh seans ar bith acu tráthnóna.

Craobh Shinsir Peile Chiarraí

Ciarraí Thiar v Seamróga Neidín – Staid an Ghearaltaigh, 2.30pm

Fág freagra ar 'Dianchoimhlint i nDún na nGall agus cath Chonamara i nGaillimh'