Dianchoimhlint a chuirfidh críoch leis an gCraobh Peile Faoi-21

Tabharfaidh Gaillimh agus Baile Átha Cliath aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Chraobh Faoi-21 na Peile tráthnóna, an uair dheireanach a mbeidh a leithéid ann. Is deacair na foirne a scaradh óna chéile agus dianchoimhlint geallta

Dianchoimhlint a chuirfidh críoch leis an gCraobh Peile Faoi-21

Foireann Faoi-21 na Gaillimhe. INPHO/Donall Farmer

Gaillimh v Baile Átha Cliath, an Tulach Mhór, 5.00i.n.

Beidh spéis ar leith i gcluiche ceannais Chraobh na hÉireann sa Pheil Faoi-21 tráthnóna mar, ní hamháin go bhfuil dhá fhoireann bhreátha san iomaíocht, Gaillimh agus Baile Átha Cliath, ach is é seo an uair dheireanach a mbeidh a leithéid ann toisc go bhfuil deireadh á chur leis an ngrád seo i ndiaidh chluiche an lae inniu.

Thugtaí moladh don chraobh Faoi-21 i gcónaí toisc go mbíodh an pheil oscailte le feiceáil inti agus ba cheart go mbeadh an scéal céanna amhlaidh sa chluiche tráthnóna ar an Tulach Mhór agus scóráil go leor déanta ag an dá fhoireann san fheachtas go dtí seo.

Tá 11-57 aimsithe ag Gaillimh sna ceithre chluiche atá imeartha acu go dtí seo, beagnach 23 pointe in aghaidh an chluiche ar an meán. Rinne siad scrios ar Chiarraí sna chéad deich nóiméad den chluiche leathcheannais agus 1-7 scóráilte acu ó naoi n-ionsaí.

Tá sé de nós ag Gaillimh cluiche a thosú ar luas lasrach, mar a rinne siad in aghaidh Liatroma agus Mhaigh Eo i gCraobh Chonnacht, ach lig siad dá gcéilí comhraic teacht ar ais sna cluichí sin chomh maith.

In aghaidh Liatroma, bhí Gaillimh 18 pointe chun cinn ag leath ama ach d’aimsigh Liatroim 2-8 sa dara leath agus gan aon scór ó Ghaillimh. Murach gur cuireadh imreoir as Liatroim den pháirc agus an choimhlint idir dhá cheann na meá, bheadh Gaillimh san fhaopach ceart.

Tabharfaidh sé misneach d’imreoirí Gerry Fahy gur éirigh leo teacht slán ó theacht aniar Chiarraí sa chluiche leathcheannais coicís ó shin. Bhí na Gaillimhigh, go háirithe Peter Cooke, Céin D’Arcy agus Cillian McDaid, i bhfad róláidir do na Muimhnigh timpeall lár na páirce sa chluiche sin agus beidh siad ag súil an láidreacht sin a léiriú arís tráthnóna.

Má éiríonn leo níos mó de sheilbh na liathróide a fháil, tá na tosaithe ag Gaillimh chun scóranna a aimsiú. Chruthaigh Michael Daly, Dessie Conneely agus Robert Finnerty thar cionn san fheachtas go dtí seo ach beidh a ndóthain le déanamh acu más fúthu an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic tráthnóna.

Sa chraobh go dtí seo, níor ghéill Baile Átha Cliath ach ocht bpointe in aghaidh an chluiche ar an meán. Cé nach mbeadh tosaithe na bhfoirne a sháraigh Baile Átha Cliath i gCraobh Laighean, an Iarmhí, an Longfort agus Uíbh Fhailí, chomh láidir le himreoirí na Gaillimhe, bhí ardmheas ar fhoireann Dhún na nGall a thug aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus fós níor aimsigh na Conallaigh ach naoi bpointe sa chluiche sin.

Níl aon easpa cumais ar thosaithe Bhaile Átha Cliath ach an oiread. Is é Con O’Callaghan, a bheidh ar phainéal sinsir Jim Gavin i rith an tsamhraidh, an naoscaire is fearr atá ag Baile Átha Cliath ach fiú nuair a tugadh cárta dubh dó go luath sa chluiche in aghaidh Dhún na nGall, níor airigh siad uathu é.

Tá gaiscí scórála á ndéanamh ag Aaron Byrne sa líne leatosach chomh maith agus is cinnte go gcaithfidh Gaillimh smacht a choinneáil ar an mbeirt sin.

Toisc foirne níos fearr a bheith sáraithe acu go dtí seo sa chomórtas, is iad Gaillimh rogha na coitiantachta, más ar éigean féin é, agus an stádas sin tuillte acu. Má imríonn Gaillimh chomh maith agus a d’imir siad sa chéad leath i gcoinne Chiarraí, ní bheadh mórán foirne in ann cos a choinneáil leo. Má fhaigheann Baile Átha Cliath deis, áfach, tapóidh siad an deis sin.

Rogha Tuairisc.ie: Gaillimh

Fág freagra ar 'Dianchoimhlint a chuirfidh críoch leis an gCraobh Peile Faoi-21'