Níl ag éirí go rómhaith le hiarrachtaí an rialtais nua san Ísiltír, atá go láidir faoi anáil an pholaiteora chonspóidigh Geert Wilders, dianreachtaíocht a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian le teacht iarrthóirí tearmainn chun na tíre.
Bhí bua mór ag páirtí frithinimirce Wilders, an PVV (Páirtí don tSaoirse) in olltoghchán anuraidh agus ó thús mhí Iúil, tá siad i mbun rialtais i gcomhar le trí pháirtí eile ar an eite dheis. Geallúint toghchánaíochta de chuid an PVV a bhí i ‘ndianbhearta’ i gcoinne iarrthóirí tearmainn, ach go dtí seo tá ag teip ar iarrachtaí Marjolein Faber, Aire Chúrsaí Tearmainn agus Imirce agus ball den PVV, aon dul chun cinn a dhéanamh.
Bhí drochsheachtain cheart aici an tseachtain seo caite.
Ar dtús, níor éirigh léi móramh a aimsiú sa pharlaimint do phlean áiféiseach – go deimhin maslach – a bhí aici comharthaí a chur in airde ag ionaid d’iarrthóirí tearmainn a chuirfeadh drochmhisneach orthu siúd atá ag teitheadh ó chogadh, géarleanúint nó ocras. ‘Tá bhur mbealach ar ais á réiteach anseo’ an téacs a bhí le bheith ar na fógraí sin, i gcúig cinn de theangacha.
Vótáil fiú amháin an NSC, páirtí eile de chuid na heite deise atá i gcomhrialtas an PVV, i gcoinne an phlean.
Déardaoin, i Lucsamburg, chuir a cuid comhghleacaithe san Aontas Eorpach ar a súile do Marjolein Faber nach mbeadh aon ghlacadh acu le ‘scar-rogha’ (opt-out) don Ísiltír in aon chonradh Eorpach amach anseo maidir le cúrsaí tearmainn. Cé nach í an Ísiltír an ballstát Eorpach is mó a ghlacann le hiarrthóirí tearmainn ná baol air, teastaíonn ón PVV go ndéanfaí eisceacht don Ísiltír feasta maidir le cúrsaí tearmainn, ionas nach mbeadh ar an tír sin glacadh leis an líon céanna agus na ballstáit eile.
‘Ní smaoineamh maith é,’ a dúirt comhghleacaí Faber ón nGearmáin, Nancy Faeser, agus shílfeá gur ag iarraidh a bheith dioplómaitiúil a bhí sí sin.
Ach is í an ‘reachtaíocht éigeandála’ a theastaíonn ón PVV a chur i bhfeidhm maidir le cúrsaí tearmainn an cheist is mó atá ag cur tinneas cinn ar Marjolein Faber faoi láthair.
Chuirfeadh reachtaíocht dá leithéid ar chumas an rialtais dianbhearta frithinimirce agus frithiarrthóirí tearmainn a chur i bhfeidhm gan cead na parlaiminte agus an tseanaid a lorg roimh ré.
Ach an tseachtain seo caite, ba léir nach bhfuil agus nach mbeidh móramh sa seanad lena haghaidh.
Is é an chaoi nach bhfuil éigeandáil ann. De réir na staitisticí, glacann an Ísiltír le hiarrthóir tearmainn amháin in aghaidh chuile 1,000 áitritheoir – tuairim is an coibhneas céanna agus in Éirinn agus sa Bheilg, mar shampla. Glacann an Ostair agus an Ghearmáin lena dhá oiread iarrthóirí tearmainn.
Ní hiad na hiarrthóirí tearmainn ach an ganntanas tithíochta an fhadhb shóisialta is mó san Ísiltír, ach d’éirigh leis an PVV agus páirtithe eile ar an eite dheis a chur ina luí ar na vótóirí go bhfuil ceangal idir an dá cheist – tuairim nach bhfuil bunús leis má bhreathnaíonn tú ar na figiúirí oifigiúla.
Ach cé gur cuireadh go tóin poill na hiarrachtaí a rinne Marjolein Faber go dtí seo srian a chur le teacht iarrthóirí tearmainn chun na hÍsiltíre, níl baol ar bith go n-éireoidh sí astu. Cloch chomh mór sin ar phaidrín an PVV ceist na n-iarrthóirí tearmainn go mbeadh an páirtí sin sásta ligean don chomhrialtas titim mura n-éireoidh leo ar a laghad cuid de na dianbhearta a gheall siad do na vótóirí a chur i bhfeidhm.
Fág freagra ar 'Dianbhearta frithiarrthóirí tearmainn curtha go tóin poill san Ísiltír'