Diana: In her Own Words – Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta

Deineadh iarracht dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó sa chlár gáifeach is déanaí faoi Diana, banphrionsa na Breataine Bige

Diana: In her Own Words – Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta

Soiniciúlacht agus seiftiúlacht na teilifíse i mbarr a measachta. Le seachtainí anuas bhí na meáin ag imeacht bán faoi na hábhair iontais agus alltachta a bheadh sa saothar seo.

Thug seo chun cuimhne dom an tslí gur dhein na meáin, na páipéir thablóideacha go háirithe, seó bóthair de shaol Diana lena beo.  Lean sin tar éis a báis; agus anois, fiche bliain tar éis a báis táid ag tiargáil chun gáifeachta arís.

Is iad na píosaí scannánaíochta a dhein Peter Settelen, traenálaí gutha Diana, idir 1992 agus 1993, bunchlocha an chláir.

Mar dhea.

I ndeireadh na dála ní raibh iontu ach neomait fhánacha agus an fhís agus an fhuaim ar chaighdeán íseal. É sin ar fad agus cuid mhaith den ábhar craolta ar chlár NBC i Meiriceá in 2004. Níor tugadh faic nua chun solais seachas cúpla scéilín tíriúil gan dealramh faoin gcúirtéireacht agus cúrsaí collaíochta. B’éigean roinnt mhaith cloigne cainte a earcú leis an uair an chloig go leith a líonadh.

Deineadh iarracht dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó trí atmaisféar sollúnta a chothú i rith an ama le seatanna ‘ealaíonta’ d’ospidéal tréigthe, aillte Dover agus ceol tuarúil. Lena chois sin bhí tráchtaireacht Bill Fellows againn (de réir scéil chaith Ian Glen a chaipín leis an gcúram ag an nóimeat deireanach). Bhí Fellows é féin ag iarraidh a bheith sollúnta agus a chur ina luí orainn go raibh an rud ar fad an-tábhachtach ach is amhlaidh a bhí sé, agus an táirge, méaldrámata agus thar fóir.

Is cuimhin le mórán an t-agallamh ionraic, conspóideach a dhein Diana le Martin Bashir do chlár Panorama an BBC i 1995. B’éigean cuid mhaith de sin a úsáid chomh maith leis an teirce a chúiteamh. B’ait an cinneadh é gan míreanna a úsáid ach aisteoir a fháil le guthú a dhéanamh ar phíosaí. Toisc an t-ábhar nua a bheith chomh neafaiseach sin, is dócha go rabhthas eaglach go bhfaigheadh agallamh Panorama an fear maith air.

Is cuma cad a cheapann tú faoin teaghlach ríoga agus an mhonarcacht baineann tragóid Diana le beirt bhuachaillí óga a chaill a máthair go tubaisteach. Go deimhin tá píosa truacánta amháin ina dtagann William isteach an seomra ina bhfuil an taifeadadh ag tarlú ann. Ní fheictear é ach tá taifeadadh déanta ar nóimeat beag pearsanta idir máthair agus mac.

An cheist atá ag dó na geirbe ag mórán ná ar cheart go gcraolfaí an t-ábhar príobháideach seo ar fad? Cinnte níl faic ann a théann chun leas an phobail ach faoi mar a dúirt thuas, thosaigh an seó bóthair agus an dúshaothrú sna hochtóidí. Is deacair an tonn tuile a stopadh anois agus níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta.

Fág freagra ar 'Diana: In her Own Words – Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta'

  • Sean

    Fag marbh i mar thruan, trocaire sa chre uirthi. Nil cioradh ceart deanta fos ma ta ar an gceist; arbh e an teaghlach rioga e fein a ba thruig bhais di.