Scéal mór na seachtaine ná gur rugadh seacht gcinn de choileáin óga do ghadhar mo mhuintire. Tá ríméad an domhain ar na gasúir, agus tá sé de bhuntáiste againn go bhfuil muid in ann dul ar cuairt ar na gadhair óga ach nach gá dúinn iad a thabhairt abhaile linn.
An chéad jab eile ná ainmneacha a thabhairt orthu. Bhí alt ar Tuairisc an tseachtain seo caite inar tuairiscíodh gur ainmneacha i nGaeilge iad sé cinn de na hainmneacha is coitianta a tugadh ar bhuachaillí a rugadh in Éirinn anuraidh. Athrú mór sa tír le leathchéad bliain mar is cosúil nach raibh aon ainm i nGaeilge fiú gar do bharr an liosta i 1974.
Meas tú an bhfuil an faisean céanna ann i gcás ainmneacha na ngadhar. Níl a fhios agam an bhfuil aon taifead coinnithe ag an CSO, ach shamhlóinn nach raibh ainmneacha i nGaeilge á dtabhairt ar na gadhair sa mbliain 1974, ná go deimhin sna 1980idí. Agus mé óg agus ag imeacht thart ar mo bhicycle níor casadh aon ghadhar orm a raibh Bran nó Sceolán orthu.
Ainmneacha i mBéarla a bhíodh ar chuile ghadhar a chasfaí ort. Chloisfeá Topsy nó Watch nó Captain, ceann eile a bhí coitianta. Sílim go bhfuil na hainmneacha sin imithe as an saol anois. An fhadhb is dóigh ná go ndeirtear nach bhfuil aon Ghaeilge ag na gadhair. Tá sí ag na cait, más fíor.
Anois, ní ag déanamh gaisce atá mé, ach tá mé a cheapadh go bhfuil Gaeilge ag an ngadhar atá againne sa mbaile. Tá Béarla aici freisin. Is léir go dtuigeann sí muid cé nach dtugann sí aon aird orainn i gceachtar den dá theanga.
Seacht n-ainm anois atá ag teastáil do na coileáin óga agus moltaí go leor tagtha chun cinn le seachtain anuas. Chuala mé ‘Cluasa’ luaite agus ‘Stocaí’ agus ‘Boilgín Ramhar’. B’fhéidir go bhfuil sé in am cuid de na seanainmneacha a thabhairt ar ais.
Nó b’fhéidir gur chóir breathnú ar scéalta móra nuachta na seachtaine. Is minic go mbíonn baint ag cúrsaí nuachta leis na hainmneacha a thugtar ar dhaoine. Cuimhnigh ar líon na ndaoine a bhfuil Oilibhéar orthu a rugadh an bhliain ar déanadh naomh d’Oliver Plunkett agus is iomaí Eoin Pól atá ag dul thart a rugadh an bhliain a tháinig an Pápa go hÉirinn.
Agus duine againn ag breathnú ar an nuacht an tseachtain seo, bhí caint ar ‘MAGA’ (Make America Great Again) a thabhairt ar cheann de na seacht gcoileán bheaga. “Lie down, Maga, lie down!” Meas tú an mbeidh sé ar liosta na n-ainmneacha ag an CSO an bhliain seo chugainn?
Lá Domhanda na Leabhar
Bhí Lá Domhanda na Leabhar againn an tseachtain seo freisin agus fuadar fúinn sa teach ag tóraíocht giobal éicínt a dhéanfadh culaith le caitheamh ag dul isteach go dtí an scoil. Ní hé nach raibh a fhios againn roimh ré go mbeadh sé seo ann, bíonn sé ann chuile bhliain. Ach rinne muid dearmad ar an bpíosa seo den scéal go dtí an tráthnóna roimhe.
Gach bliain piocann na gasúir carachtar amach as leabhar agus cuireann siad culaith orthu féin ag aithris ar an gcarachtar sin agus iad ag dul ar scoil. Chonaic mé buachaill amháin ceann de na blianta agus é gléasta suas mar an phéitseog ón leabhar James and the Giant Peach. I mbliana bhí muide i bponc agus bhí smaoineamh nua ag teastáil go géar.
Mhol mé don chailín beag gléasadh suas mar bheach mar gheall ar an leabhar Ag Buzzáil sa Ghairdín le Áine Ní Ghlinn agus Mr Ando, an rogha Ghaeilge i mbliana ar liosta leabhar Lá Domhanda na Leabhar. Ní raibh aon mhaith ann a dúradh liom mar nach raibh aon éadaí sách buí sa teach againn, ná rud ar bith a dhéanfadh sciatháin. Céard faoi Harry Potter? Cuir ort péire spéaclaí agus scairf. Ní raibh aon mhaith ansin ach oiread. Tá sé déanta cheana a dúradh liom.
“Tá sé agam!” a dúirt an cailín beag ar deireadh agus í buailte ag splanc inspioráide. “Beidh mé i mo chrián gorm.” Bhí an carachtar bunaithe ar an bpictiúrleabhar The Day the Crayons Quit. Is ansin a d’inis sí scéal dom a chuir scealp fhuar an fhaitís i mo chroí. “Caithfidh muid an leabhar féin a thabhairt isteach ag an scoil linn.”
Bhí a fhios agam go raibh an leabhar sin tugtha uainn agam le fada an lá. Rug mé greim ar an mbord le mo thaobh le mé féin a shocrú. “Ní cheapaim go ‘gcaithfidh’ sibh é a thabhairt isteach, bheadh sé go deas é a thabhairt isteach dá mbeadh sé agat, ach ní gá duit é a thabhairt isteach,” a dúirt mé léi. “Is gá, like, go cinnte caithfidh muid é a thabhairt isteach,” a dúirt sí.
Carghas agus coinnle
Mura raibh ár ndóthain againn an tseachtain seo idir Sheachtain na Gaeilge agus Lá Domhanda na Leabhar, thosaigh an carghas féin. Bhí sé de rún agam i mbliana rud éigin iontach a leagan amach don charghas, ach theip orm. Tháinig Céadaoin na Luaithrigh i ngan fhios dom ar deireadh. Níor chuimhnigh mé air go dtí gur bhéic m’iníon trasna na cistine orm “An Carghas!” agus mé réitithe le KitKat beag a ithe ar mhaithe le ceansú intinne.
Is gearr go mbeidh lá eisceachta againn ar aon chaoi ó tharla muid chomh gar i mbliana do Lá’l Pádraig. Níl ann ach níos lú ná coicís go dtí go scaoilfear bannaí an Charghais ar feadh 24 uair a chloig. Is ar éigean gur fiú do dhuine tosú go dtí sin.
Pébí céard a dhéanfaidh mé faoin gcarghas, lasfaidh mé coinneal don Taoiseach sula gcaithfidh sé oilithreacht Lá’l Pádraig a dhéanamh trasna na farraige is a bhabhla beag seamróige aige. Ag breathnú ar chúrsaí le seachtain anuas, is deacair a rá céard a bheidh roimhe.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Fuair muidne madra “úr” 7 “Téadaí” is ainm dó – carachtair lách é 7 is gá a bheith ag siúl de chois chuile lá leis! Ní miste muid é sin, sílim. Bhúbh!
JP
Bhí gadhar nua ceannaithe ag fear ar m’aithne a bhí ag dul ‘on nDaingean ar a rothar, lá.
Tamall siar an bóthar uaidh ar tintiví ina dhiaidh aniar bhí terrier beag gearrchosach agus a leadhb amuigh ar a leathphluic aige leis an mbrothall.
“Cén ainm (t-ainm) atá ar an ngadhar?”arsa mise leis.
‘Dash’, ar seisean.
Phléascamair beirt amach ag gáirí.
JP
Dhéanfadh sé sin ainm deas;
Teaintiví/Tintifí.
Nó ‘Lasair’,
‘Breac’ (má rugadh i mí na Márta é)
‘Síofra,’
‘Spot’ (ainm ceana ar an Zebra go minic),
‘Gout’ (toisc ‘go out’ a bheith á fhógairt go minic air),
‘Pléasc’…ní déarfaidh mé a thuilleadh!