DIALANN EURO 2016: Eagrán 2

Olc Ronaldo, fear na bpitseámaí agus scéalta aite eile ón bhFrainc le cúpla lá anuas

Cristiano Ronaldo. INPHO/Action Images/Paul Thomas
Cristiano Ronaldo. INPHO/Action Images/Paul Thomas

Ronaldo ag breathnú go fuar ar fhoireann na hÍoslainne

Bhí Dé Máirt seo caite ar cheann de na laethanta ba stairiúla riamh i scéal an tsacair san Íoslainn. Ní hamháin go raibh siad ag imirt ina gcéad chluiche i mórchomórtas sacair ach d’éirigh leo críochnú ar comhscór leis an bPortaingéil, foireann a n-imríonn Cristiano Ronaldo dóibh. D’íoc Real Madrid £80m. ar Ronaldo in 2009, sin ceithre oiread an méid a chosain an scuad iomlán 23 imreoir atá ag an Íoslainn.

Seachas comhghairdeas a dhéanamh le himreoirí na hÍoslainne ag deireadh an chluiche, shiúil Ronaldo den pháirc gan lámh a chroitheadh le haon duine. Níos measa fós, cháin sé an Íoslainn agus é ag labhairt leis na meáin níos déanaí. Dúirt sé faoin gceiliúradh a bhí á dhéanamh ag na himreoirí go raibh an chuma orthu go raibh an chraobh buaite acu agus nach ndéanfadh siad dul chun cinn ar bith eile sa chomórtas leis an meon sin. Ba chuma le himreoirí na hÍoslainne áfach, a bhain sásamh as ráiteas Ronaldo. “Tough shit,” a dúirt Kári Árnason, cosantóir na hÍoslainne. “Taispeánann sé gur chuir muid isteach air. Is iontach an rud é sin a chloisteáil. Ní bhíonn sé ach ag bodaireacht thart agus á chaitheamh féin chun talaimh.” 

Áit sa stair ag ‘fear na bpitseámaí’

Gabor KirályINPHO/James Crombie
Gabor Király. INPHO/James Crombie

nár tharraing coimhlint na hOstaire agus na hUngáire i nGrúpa F an oiread sin suime sa tír seo, bhí rud amháin suntasach faoi. Bhain cúl báire na hUngáire, Gábor Király, áit amach sa stair mar gurbh eisean an t-imreoir is sine riamh i gCraobh Sacair na hEorpa. Aithneofar Király sa taobh seo den domhan ó chaith sé seal le Crystal Palace i bPríomhroinn Shasana. Tugtar ‘fear na bpitseámaí’ air mar gheall ar an mbríste a chaitheann sé agus é ag imirt. Dhá scór bliain agus 74 lá d’aois a bhí Király nuair a chuaigh sé chun páirce, agus curiarracht an Ghearmánaigh, Lothar Matthäus sáraithe aige. B’iontach an lá a bhí ann don chúl báire mar, chomh maith leis an gcuriarracht, bhí an bua ag an Ungáir in aghaidh na hOstaire. Ní hamháin sin ach shábháil Király cúpla iarracht mhaith.  

Caithfidh Löw a bheith cúramach faoi na ceamaraí

 

Cheapfá faoin tráth seo, agus é ina bhainisteoir ar fhoireann na Gearmáine le 10 mbliana, go mbeadh a fhios ag Joachim Löw nach bhféadfá thú féin a thochas ar an taobhlíne i ngan fhios don cheamara.

Agus é ag faire ar a fhoireann sa chluiche in aghaidh na hÚcráine cúpla lá ó shin, bhí a lámh ina phlapa ag Löw nuair a rug an ceamara air. Faoi cheann 60 soicind, bhí an mhír físe sin scaipthe ar fud na cruinne ar na meáin shóisialta.

Ar an dea-uair, níor chuir an eachtra uile as dá chuid imreoirí. Agus é ag labhairt ag preasagallamh, chosain Lukas Podolski a bhainisteoir agus é ag rá gur bheag duine sa seomra nach ndearna a leithéid uair éigin.

An ceiliúradh is measa fós

go bhfuil cuid mhaith d’imreoirí cosanta na hIodáile sna tríochaidí, bhí an chuma orthu gur ag dul in aois na hóige a bhí siad in aghaidh na Beilge ar an Luan. Bua 2-0 a bhí ag foireann Antonio Conte agus bhí na seanóirí ar fheabhas.

Faraor, le linn an cheiliúrtha ag deireadh an chluiche, is léir go ndearna Gianluigi Buffon dearmad go bhfuil sé 38 bliain d’aois agus é ag pocléim ar fud na háite. Rinne an cúl báire iarracht greim a fháil ar an trasnán ach thit sé ar a dhroim. Duine atá gar don scór, cheapfá go mbeadh níos mó céille aige!